Tosú ag Obair & Cáin

Táim ar tí tosú ag obair den chéad uair agus ba mhaith liom fios a bheith agam faoi cad is gá dom a dhéanamh chun mo cháin a chur in ord

Ar an gcéad dul síos, fáilte chuig an gcóras cánach.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim iarracht do theidlíochtaí chomh maith le do chuid dualgas a mhíniú duit. Tabharfaidh na Ceisteanna agus Freagraí seo a leanas do dhóthain eolais duit chun do cháin a chur in ord in am de do chéad íocaíocht pá.

Más rud é go bhfuil ceisteanna fós agat agus an t-ábhar seo a leanas léite agat, ná bíodh drogall ar bith ort glaoch orainn nó bualadh isteach chuig oifig Cánach ar bith. Tá liosta iomlán ár seoltaí oifige agus na huimhreacha teileafóin le fáil sna leathanaigh ghlasa i d’eolaí teileafóin agus inár gcuid maidir le Sonraí Teagmhála.

Ar Ais go Barr

Cad ba chóir dom a dhéanamh?

Caithfidh d’fhostóir nua cáin a bhaint as do phá faoin gcóras ÍMAT. Le cinntiú go bpléifear i gceart le do cháin ón tús agus go dtógann d’fhostóir an méid ceart cánach ó do phá, ní mór duit dhá rud a dhéanamh:

  • D’uimhir PSP (Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí), d’uimhir IAS roimhe seo a thabhairt do d’fhostóir. Cuirfidh sé/sí ansin an oifig chánach ar an eolas go bhfuil tú tosaithe ag obair.
  • Iarratas a dhéanamh ar theastas creidmheasanna cánach tríd pdfFoirm 12A (PDF, 172KB)(Iarratas ar Theastas Creidmheasanna Cánach agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh) a chomhlánú agus í a sheoladh chuig an oifig chánach. Iarr foirm 12A ó d’fhostóir. Inseoidh d’fhostóir duit cén oifig chánach ba cheart duit an fhoirm 12A chomhlánaithe a sheoladh. Más rud é nach bhfuil foirm 12A ag d’fhostóir, is féidir leat ceann a fháil ó oifig chánach ar bith nó trí ghlaoch a chur ar 1890 30 67 06.

B’fhearr go mbeadh sé seo ar fad déanta a luaithe agus a ghlacann tú le tairiscint poist - fiú más obair pháirtaimseartha nó obair shaoire atá i gceist. Tabharfaidh sé seo deis do d’fhostóir agus don oifig chánach rudaí a réiteach roimh do chéad lá socraíochta.

Ar Ais go Barr

Cad a tharlaíonn ansin?

Seolfaidh d’oifig chánach Teastas Creidmheasanna Cánach agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh chugat a leagann amach go cruinn méid na gcreidmheasanna cánach atá dlite duit. Seolfaidh an oifig chánach Teastas Creidmheasanna Cánach agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh chuig d’fhostóir a léireoidh méid iomlán do chreidmheasanna cánach.

Ar Ais go Barr

Cén uair a thosóidh mé ag íoc cáin ioncaim?

Tosóidh tú ag íoc cánach ón gcéad lá socraíochta de ghnáth. Beidh an méid cánach atá le híoc agat ag brath ar an leibhéal pá agus líon na gcreidmheasanna cánach atá agat. Má tá do phá ar aon lá socraíochta níos lú ná na liúntais saor ó cháin atá agat, ní íocfaidh tú cáin ar an lá socraíochta sin. Má tá do phá níos mó ná do liúntais saor ó cháin, íocfaidh tú cáin ar an difríocht eatarthu.

Má thosaíonn tú ag obair sa chéad seachtain/mhí den bhliain chánach, bainfidh d’fhostóir codán aon seachtain/mhí ó do liúntas saor ó cháin bhliantúil agus bainfidh siad cáin ón iarmhéid.

Má thosaíonn tú ag obair (cuir i gcás) sa 27ú seachtain den bhliain chánach, déanfaidh d’fhostóir d’ollcháin ar do thuarastal a ríomh, ach beidh 27 seachtaine de chreidmheasanna cánach agat le cur in aghaidh an dliteanais seo, leanfaidh sé seo go dtí go n-úsáideann tú do chreidmheasanna cánach neamhúsáidte ar fad.

Ar Ais go Barr

Cad air a íocaim cáin?

Íocann tú cáin ar gach saghas tuilleamh a eascraíonn ó d’fhostaíocht lena n-airítear bónais, ragobair, pá neamh-airgid - tugtar sochar comhchineáil air seo .i. úsáid as carr cuideachta, aiscí, boscaí Nollag srl.

Ní íocann tú cáin ar:

Ioncam ó Scoláireacht.
Ús ó Chairteacha Coigiltis, ó Bhannaí Coigiltis agus ó Scéimeanna Coigiltis Tráthchoda Náisiúnta An Post.
Íocaíochtaí chuig scéimeanna pinsean faofa.

(Adobe Acrobat Reader PDF Nasc seachtrach)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil