Creidmheasanna Cánach agus Cáin Éigeandála
- Cad iad Creidmheasanna Cánach?
- Cad ba chóir dom a dhéanamh chun mo chreidmheasanna Cánach a fháil?
- Conas is féidir liom tairbhe a bhaint as mo chreidmheasanna Cánach?
- Cad a tharlaíonn mura féidir liom na nósanna imeachta thuas a leanúint?
Cad iad Creidmheasanna Cánach?
Faoin gcóras cánach tá gach duine i dteideal creidmheasanna cánach ag brath ar a chúinsí pearsanta. Is féidir le gach duine éileamh a dhéanamh ar chreidmheas cánach pearsanta. Is féidir le cáiníocóirí ÍMAT éileamh a dhéanamh ar chreidmheas cánach ÍMAT.
Le sonraí de na príomh-chreidmheasanna féach ar an mbileog eolais Bileog IT 1 (Creidmheasanna, Faoisimh agus Rátaí Cánach)
Cad ba chóir dom a dhéanamh chun mo Theastas Creidmheasanna Cánach agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh a fháil?
Nuair a thosóidh tú ag obair den chéad uair déan
Foirm 12A (PDF, 172KB)(Iarratas ar Theastas Creidmheasanna Cánach agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh), a chomhlánú, í a sheoladh chuig d’oifig chánach agus ansin gheobhaidh tú Teastas Creidmheasanna Cánach agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh.
Conas is féidir liom tairbhe a bhaint as mo chreidmheasanna Cánach?
Tugtar do chreidmheasanna cánach duit do bhliain chánach iomlán. Is cuma má thosaíonn tú ag obair sa chéad seachtain den bhliain chánach nó i lár na bliana cánach, tá tú fós i dteideal bliain iomlán de chreidmheasanna cánach a fháil. Toisc go bhfuil asbhaintí cánach spréite go cothrom i gcaitheamh na bliana faoin gcóras ÍMAT, tá an t-iomlán dlite roinnte i 52 méid seachtainiúla/12 méid míosúla, ag brath ar chomh minic is a íoctar pá leat. Tugann d’fhostóir na creidmheasanna seo in aghaidh d’ollcháin chun do cháin iníoctha a ríomh.
Cad a tharlaíonn mura féidir liom na nósanna imeachta thuas a leanúint?
Más rud é nach bhfaigheann d’fhostóir:
- Teastas Creidmheasanna Cánach agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh nó
- Foirm P45 (Codanna 2 agus 3) ó fhostaí
tá dualgas air/uirthi cáin a bhaint ar bhunús éigeandála nuair atá sé/sí ag íoc tuarastail an fhostaí. Faoin mbunús éigeandála, tugtar creidmheas cánach sealadach don chéad mhí fostaíochta ach méadaítear na hasbhaintí cánach de réir a chéile ón dara mí ar aghaidh.
