Cáin ar Shochair Leasa Shóisialaigh
ÍMAT Fostaithe
- Cad a tharlaíonn má fhaighim Sochar Breoiteachta gearrthéarma agus nach bhfuilim fostaithe?
- Cad a tharlaíonn má fhaighim Sochar Breoiteachta gearrthéarma agus mé fostaithe?
- Má fhaighim Sochar Cuardaitheora Poist agus mé dífhostaithe conas a bheidh éifeacht aige sin ar m’éileamh ar aisíoc cánach?
- Mar a chaitear le Sochar Máithreachais
Cad a tharlaíonn má fhaighim Sochar Breoiteachta gearrthéarma agus nach bhfuilim fostaithe?
Is foinsí ioncaim inchánach de ghnáth iad Sochar Breoiteachta agus Sochar Díobhála Ceirde gearrthéarma. Tá an ghné den sochar a bhaineann le leanbh cleithiúnach, áfach, díolmhaithe ó cháin. Nuair a dhéanann tú éileamh ar aisíocaíocht chánach le linn duit a bheith dífhostaithe, cuirfear an chuid inchánach de do Shochar Breoiteachta le do phá agus déanfar an aisíocaíocht iomchuí, más ann di. Tugann Bileog IT 22 breac-chuntas ar chánachas ar Shochar Breoiteachta agus ar Shochar Díobhála Ceirde gearrthéarma
Cad a tharlaíonn má fhaighim Sochar Breoiteachta gearrthéarma agus mé fostaithe?
Má tá tú as láthair ón obair toisc breoiteachta agus go bhfaigheann tú Sochar Breoiteachta, tógfaidh d’fhostóir na céimeanna cuí le cinntiú go ngearrtar cáin ar an gcuid inchánach don sochar.
Má fhaighim Sochar Cuardaitheora Poist agus mé dífhostaithe conas a bheidh éifeacht aige seo ar m’éileamh ar aisíocaíocht chánach?
Is foinse ioncaim inchánach é Sochar Cuardaitheora Poist. Tá an ghné a bhaineann le leanbh cleithiúnach agus an chéad €13 den sochar in aghaidh na seachtaine, áfach, díolmhaithe ó cháin. Nuair a dhéanann tú éileamh ar aisíocaíocht chánach cuirfear an chuid inchánach de do Shochar Cuardaitheora Poist le do phá agus déanfar an aisíocaíocht iomchuí, más ann di. Ba chóir duit a thabhairt faoi deara má sháraíonn méid seachtainiúil do Shochair Cuardaitheora Poist do chreidmheas cánach seachtainiúil ní bheidh tú i dteideal aisíocaíocht a fháil. Tugann Bileog IT 24 breac-chuntas ar cháin agus Sochar Cuardaitheora Poist.
Mar a chaitear le Sochar Máithreachais
Ní mheastar go bhfuil Sochar Máithreachais ina ioncam ó thaobh Cáin Ioncaim de agus ba cheart neamhaird a dhéanamh dó chun críocha cánach.
Cibé an gcuireann nó nach gcuireann an oifig phárolla an íocaíocht san áireamh, beidh sé sin ag brath ar na cúinsí áirithe nó na socruithe atá idir fostóirí agus fostaithe agus na fostaithe ar shaoire mháithreachais agus ag fáil Sochair Máithreachais ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
Tá an chaoi a gcaitear leis seo i gcásanna áirithe léirithe thíos:
- Fostóirí a íocann tuarastail, srl. chuig fostaithe atá ar shaoire mháithreachais agus an Sochar Máithreachais a aisghabháil ó na fostaithe nó go díreach ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
Sna cúinsí seo, ní ghearrfar cáin agus ÁSPC ach ar an difríocht idir an tuarastal srl. íoctha agus an Sochar Máithreachais aisghafa sa tréimhse pá. - Fostóirí a íocann tuarastail, srl. le fostaithe atá ar shaoire mháithreachais (breisiú srl.) agus coinníonn na fostaithe an Sochar Máithreachais.
Sa chás go n-íocann fostóir tuarastal iomlán nó tuarastal páirteach chuig fostaí agus í ar shaoire mháithreachais agus go gcoinníonn an fostaí an Sochar Máithreachais, ba cheart cáin agus ÁSPC a ghearradh ar an méid iomlán tuarastail atá íoctha amháin. - I gcás fostóirí nach íocann tuarastal, srl. le fostaithe atá ar shaoire mháithreachais agus coinníonn an fostaí sin an Sochar Máithreachais.
Mura bhfuil an fostaí i dteideal aon íocaíocht ar an ngnáth lá socraíochta, ba cheart don fhostóir, má iarann an fostaí nó an duine atá ag gníomhú ar a shon/son air/uirthi an méid cánach cuí a aisíoc, ag tabhairt faoi deara an pá carnach ar an lá socraíochta sin agus an cháin charnach chomhfhreagrach.
Nó is féidir leis an bhfostaí, tar éis filleadh di ar an obair tar éis tréimhse saoire máithreachais, aon aisíoc cánach atá dlite don fhostaí a ríomh leis an luach saothair chomhfhreagraigh ar dháta lá socraíochta áirithe agus leis an gcáin charnach chomhfhreagrach atá aige/aici. Sa chás seo, ba cheart don fhostóir dul i dteagmháil le h'oifig áitiúil Coimisinéirí Ioncaim an fhostaí le cinntiú go bhfuil sé de cheart aisíocaíocht dá leithéid a dhéanamh.
Ar ndóigh níor cheart don fhostóir aisíocaíocht a dhéanamh go dtí go bhfuil Teastas Creidmheasanna Cánach agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh carnach aige/aici maidir leis an bhfostaí áirithe sin.
