Ráiteas Comhardaithe P21
- Tá P21 de dhíth orm chun iarratas a dhéanamh ar dheontas - cad is P21 ann agus conas a fhaighim ceann?
- Cad is P21 ann?
- Nach leor mo P60?
- Conas a fhaighim P21?
- Cá bhfaighidh mé mo P21
- Cén áit a sheolaim m’iarratas?
- Cé chomh fada a thógfaidh sé chun P21 a fháil?
Tá P21 de dhíth orm chun iarratas a dhéanamh ar dheontas - cad is P21 ann agus conas a fhaighim ceann?
B’fhéidir go mbeadh ort Ráiteas Comhardaithe ÍMAT (P21) a sheoladh chuig Údarás Áitiúil, Banc, Cumann Foirgníochta srl mar fhianaise ar thuillimh d’fhonn deontas oideachais, teach nó iasacht a fháil srl. Tugann Ráiteas Comhardaithe ÍMAT sonraí faoi ioncam iomlán, creidmheasanna cánach agus cáin ÍMAT atá íoctha don bhliain chánach ar leith. Léiríonn an ráiteas freisin cibé an raibh ró-íocaíocht nó gearríocaíocht déanta ó thaobh cánach. Má dhéantar ró-íocaíocht chánach déanfar seic leis an méid atá ró-íoctha a chur faoi iamh. Má tá gearríocaíocht chánach déanta, cuirfidh an oifig chánach in iúl conas a dhéanfar an tsuim a bhailiú - go hiondúil trí do chreidmheasanna cánach a laghdú don chéad bhliain eile.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin tseirbhís, téigh chuig an tsaoráid ÍMAT Aon tráth aon lá agus is féidir leat iarratas a dhéanamh ansin ar athbhreithniú ar do dhliteanas cánach (Ráiteas Comhardaithe P21).
Cad is P21 ann?
Is é is P21 ná ráiteas ar ioncam iomlán, creidmheas cánach agus cáin atá íoctha do bhliain chánach ar leith.
Nach leor mo P60?
Ní leor mar d’fhéadfadh níos mó ná foinse amháin ioncaim a bheith agat nó d’fhéadfadh measúnú comhpháirteach a bheith á dhéanamh ort le do chéile. Ciallaíonn sé sin nach dtabharfadh P60 ó fhostóir amháin an fhaisnéis iomlán atá riachtanach.
Conas a fhaighim P21?
An bealach is tapúla agus is éasca chun P21 a fháil ná iarratas a dhéanamh ar líne trí ÍMAT Aon tráth aon lá. Mura bhfuil tú cláraithe fós, is féidir leat clárú anois.
Nuair a logálann tú isteach ar ÍMAT Aon tráth aon lá, roghnaigh an bhliain chánach roimhe ábhartha, ansin '‘Déan Iarratas ar Ráiteas Comhardaithe P21' agus leanúint na treoracha scáileáin. Ná déan dearmad ar 'Cuir isteach gach athrú'’ a chliceáil sular imeacht.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar P21 freisin trí d’fhoirm P60 don bhliain chánach a sheoladh ar aghaidh (agus Foirm P60 do chéile más ann dó) chuig d'oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim agus P21 a iarraidh. Más mian leat creidmheasanna cánach breise ar bith a éileamh, ba chóir duit an fhaisnéis chuí a sheoladh ar aghaidh m.sh. sonraí faoi ranníocaíochtaí CCSP srl. Caithfear admhálacha srl a choinneáil ar feadh sé bliana mar is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim iad a lorg níos déanaí. Cuirfidh d’oifig chánach in iúl duit má bhíonn tuilleadh faisnéise uathu. Lena chois sin, is féidir leat creidmheasanna cánach breise a éileamh ar líne ó ÍMAT Aon tráth aon lá.
Cuimhnigh: má tá tú cláraithe cheana féin i gcomhair ÍMAT Aon tráth, aon lá agus má tá tú cláraithe chun do chomhfhreagras a fháil go leictreonach, tá do Ráiteas Comhardaithe (P21) nó comhfhreagras ar bith eile ó na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil le féachaint air nó le priontáil faoin táb "Stair Do Chuid Iarratas" amhaín in ÍMAT Aon tráth, aon lá.
Cá bhfaighidh mé mo P21?
Má tá tú cláraithe cheana féin i gcomhair ÍMAT Aon tráth aon lá agus cláraithe le "Bheith Saor ó Pháipéar" ar "Do Phróifíl", beidh gach comhfhreagras ó na Coimisinéirí Ioncaim le feiceáil faoin táb "Stair Do Chuid Iarratas" in ÍMAT Aon tráth, aon lá.
Má tá sé roghnaithe agat do chomhfhreagras a fháil go leictreonach, ní bheidh do P21 ar fáil ach amháin mar PDF i "Stair Do Chuid Iarratas". Is féidir súil a chaitheamh ar an doiciméad ansin agus cóipeanna a phriontáil de réir mar is gá.
Má sheolann tú iarratas isteach ar ÍMAT Aon tráth aon lá do P21 agus nach bhfuil sé faighte agat sa phost laistigh de chúpla lá, ba cheart duit na roghanna teagmhála i "Do Phróifíl" a sheiceáil. Má tá "Bheith Saor ó Pháipéar" roghnaithe, beidh sé ar fáil mar PDF faoin táb "Stair Do Chuid Iarratas".
Mura bhfuil comhfhreagras leictreonach roghnaithe agat in ÍMAT Aon tráth aon lá nó mura bhfuil tú cláraithe don tseirbhís, déanfar do P21 a chur chugat sa phost nuair a iarrtar é.
Cén áit a sheolaim m’iarratas?
Seol iarratas ar P21 i scríbhinn chuig oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim - tá seoladh na hoifige áitiúla priontáilte ar do theastas creidmheasanna cánach nó ar chomhfhreagras ar bith atá eisithe chugat ag na Coimisinéirí Ioncaim nó tríd an 'Aimsitheoir Teagmhála' ar leathanach baile na gCoimisinéirí. Ba chóir duit d’iarratas a sheoladh isteach chomh luath agus is féidir chun moill a sheachaint.
Cé chomh fada a thógfaidh sé P21 a fháil?
Is é an bealach is tapúla le do P21 a fháil ná tríd ÍMAT Aon tráth aon lá. Má roghnaíonn tú a "Bheith Saor ó Pháipéar", beidh fáil agat ar P21 iarrtha ó ÍMAT Aon tráth aon lá mar PDF i "Stair Do Chuid Iarratas" laistigh de 3 nó 4 lá, i gcásanna eile ba cheart go mbeadh sé faighte agat sa phost laistigh de 4 nó 5 lá. Seolfar iarratas ar P21 a dhéanfaidh tú i scríbhinn, ar an bhfón tó trí ghlaoch isteach chuig an oifig áitiúil chugat chomh luath agus is féidir. Mar sin féin, níl sé chomh tapúla leis an iarratas ar líne agus d’fhéadfadh moill a bheith ar rudaí le linn tréimhsí cruógacha. Tá sé riachtanach neart ama a thabhairt duit féin nuair atá iarratas á dhéanamh agat ar P21 agus sonraigh go bhfuil an P21 riachtanach chun críocha deontais.
