Fostaí ÍMAT

Is é a chiallaíonn ÍMAT ná Íoc Mar a Thuillir (i.e. Íoc Mar a Thuilleann Tú). Is é atá sa chóras ÍMAT ná bealach asbhainte cánach faoina ríomhann an fostóir atá ag duine an cháin a dhlitear den duine sin agus faoina n-asbhaineann sé é gach uair a dhéantar íocaíocht tuarastail, pá srl, le fostaí; ina theannta sin, is bealach bailithe ÁSPC (Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasta) é. Roghnaigh ó na nithe atá ar an roghchlár ar clé le haghaidh breis eolais a chuirtear i láthair i bhfoirm ceisteanna agus freagraí.

Le haghaidh mioneolais féach

Is féidir go mbeifeá i dteideal creidmheasanna agus faoisimh éagsúla a éileamh chun an méid cánach a íocann tú a laghdú - féach liosta díobh seo faoi Chreidmheasanna Pearsanta agus faoi Fhaoisimh agus Díolúintí Pearsanta. Mar shampla, is féidir go mbeifeá i dteideal creidmheasanna má íocann tú táillí araidí bruscair, síntiúis ceardchumainn nó cíos ar chóiríocht phríobháideach.

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link)


Leagan furasta le priontáil