Treoir d’Fhostaithe maidir le ÍMAT

Céard is ÍMAT ann?

Más fostaí tú, baineann d’fhostóir an cháin de do chuid pá.

Sin an rud ar a dtugtar ÍMATÍoc Mar a Thuillir.

Trí ÍMAT, deimhnítear go mbailítear an cháin atá le híoc agat gach bliain de réir a chéile. Bailítear cuid di gach lá pá.

Cén chaoi a mbeidh a fhios ag m’fhostóir cé mhéid cánach atá le bailiú?

Ag tús na bliana i gcónaí, seolann na Coimisinéirí Ioncaim fógra chuig d’fhostóir ina dtugtar na sonraí uile atá ag teastáil leis an méid ceart cánach a ríomh. Luaitear san fhógra aon athruithe a rinneadh ar an gcóras cánach sa bhuiséad is déanaí.

Tá na sonraí a thugtar san fhógra bunaithe ar an eolas a thug tú do na Coimisinéirí Ioncaim fút féin. Má athraíonn do chúinsí pearsanta sa chaoi is go n-athróidh an méid cánach a bhíonn le híoc agat - mar shampla, má phósann tú - ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi. Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra nua ansin chuig d’fhostóir d’fhonn an méid cánach ba cheart duit a íoc a ríomh. Tá fógra sonra mionchruinn breise curtha ar aghaidh chugat.

Cén chaoi a n-úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim an t-eolas pearsanta a thugtar dóibh?

Ní thugtar don fhostóir ach amháin an t-eolas atá ag teastáil leis an méid cánach atá le híoc a ríomh. Aon eolas eile a thugtar do na Coimisinéirí Ioncaim, coinnítear faoi rún é.

Ar Ais go Barr

Doiciméid thábhachtacha a bhaineann le ÍMAT

An Deimhniú Creidmheasa Cánach

Is éard atá sa deimhniú creidmheasa cánach ná deimhniú a thaispeánann duit do chuid creidmheasanna cánach agus an banda rátaí ina bhfuil tú. Is féidir teacht ar an deimhniú sin ar bhealaí éagsúla:

  • is féidir é a fháil trí logáil isteach ar ÍMAT aon tráth aon lá (ach ní mór duit a bheith cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim leis an tseirbhís sin a úsáid)
  • is féidir é a fháil trí d'uimhir PSP agus an focal 'cert' a sheoladh trí théacs chuig 51829 (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2011))
  • is féidir é a fháil trí ghlaoch a chur ar ár seirbhís íosghlao 1890.

P60

Is éard atá sa P60 ná deimhniú a thugann d’fhostóir duit ag deireadh na bliana. Taispeántar ann an pá a fuair tú i rith na bliana, chomh maith leis an méid cánach agus an méid ÁSPC a bhain d’fhostóir de do chuid pá i gcaitheamh na bliana céanna.

P45

Is éard atá sa P45 ná an fhoirm a thabharfaidh d’fhostóir duit má scorann tú ón bpost. Taispeántar ann an méid a íoctar leat, chomh maith leis an méid cánach agus ÁSPC a baineadh de do chuid pá suas go dtí dáta d’fhágála.

Ar Ais go Barr

Creidmheasanna cánach

Céard is creidmheasanna cánach ann?

Is éard is creidmheasanna cánach ann ná na creidmheasanna a fhaigheann tú i bhfianaise do chúinsí pearsanta, m.sh., mar gheall tú a bheith singil nó pósta. Ríomhtar iad i gcoinne an mhéid ioncaim a thuilleann tú in aghaidh na bliana. Laghdaíonn creidmheasanna cánach an méid cánach a íocann tú ar do chuid ioncaim. Méid socraithe atá i gcreidmheasanna áirithe, mar shampla, an creidmheas don duine singil is don duine pósta. Braitheann creidmheasanna eile ar an méid airgid a chaitheann duine ar ábhair éagsúla, mar shampla, ar tháillí teagaisc.

Níos sia ar aghaidh sa leabhrán seo, taispeánfar duit na creidmheasanna cánach is tábhachtaí. Is féidir eolas cuimsitheach ar chreidmheasanna cánach a fháil ar láithreán Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim, www.revenue.ie..

Cén chaoi a n-oibríonn siad?

Sa chóras ÍMAT, dáiltear do chuid creidmheasanna cánach de réir an mhéid laethanta pá a bhíonn agat in aghaidh na bliana. Dá réir sin, laghdaítear an méid cánach a íocann tú gach lá pá.

Laghdaíonn creidmheasanna cánach an méid cánach a íocann tú

Mar shampla:

Íoctar an méid seo le Mary gach seachtain: 		€600
Gearrtar cáin ar ráta 20% air sin: 			€120
Lúide creidmheasanna cánach seachtainiúla: 		 €70
Cáin atá le híoc don tseachtain:			 €50

Cuireann creidmheasanna cánach tuilleadh airgid i do phóca!

Is cuma má oibríonn tú gach seachtain nó gach mí sa bhliain nó mura n-oibríonn, bíonn tú i dteideal creidmheasanna cánach le haghaidh na bliana iomláine i gcónaí. Mar shampla, murar thosaigh tú ag obair go dtí mí Iúil, tabharfar ar aghaidh na creidmheasanna cánach nár úsáid tú sa chéad leath den bhliain, agus úsáidfear iad gach lá pá go dtí deireadh na bliana..

An bhfuil creidmheasanna cánach agam cheana féin?

Is féidir féachaint ar na creidmheasanna cánach atá agat cheana trí bhreathnú ar do dheimhniú creidmheasa cánach.

Cén chaoi a n-éilím creidmheasanna cánach?

Má tá tú i dteideal creidmheas cánach a éileamh de bharr do chúinsí pearsanta, is é an bealach is fusa agus is sciobtha é a dhéanamh ná trí PAYE Aon tráth, aon Lá Nó, más mian leat, is féidir glaoch a chur ar an oifig Coimisinéirí Ioncaim is gaire duit.

An gcaithfidh mé mo chuid creidmheasanna cánach a éileamh gach bliain?

De ghnáth, má éilíonn tú creidmheas cánach tugann na Coimisinéirí Ioncaim duit é gach bliain. Beidh an creidmheas le feiceáil ar do dheimhniú creidmheasa cánach. Ach mura bhfuil tú cáilithe a thuilleadh leis an gcreidmheas cánach a éileamh, ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi.

An bhfuil teorainn ama le creidmheasanna cánach a éileamh?

Ní mór creidmheasanna cánach a éileamh laistigh de cheithre bliana. Mura ndéanann tú éileamh laistigh den tréimhse ama sin, d’fhéadfadh go gcaillfeá na creidmheasanna sin.

Na creidmheasanna cánach is coitianta

  • Duine Singil nó Duine Pósta
  • Baintreach/Baintreach Fir agus Teaghlach Aontuismitheora
  • Cúramóir Baile
  • Leanbh faoi Éagumas
  • Gaol Cleithiúnach
  • ÍMAT
  • Costais a bhaineann leis an obair (mar shampla éide)
  • Creidmheas cánach dóibh siúd atá 65 bliain d’aois nó níos sine
  • Faoiseamh cánach ar chíos a íoctar le tiarna talún príobháideach
  • Táillí teagaisc

Má tá tú 65 bliain d’aois nó níos sine ná sin, b'fhéidir nach mbeadh ort aon cháin a íoc ar ús ar thaiscí (is é sin, ar an ús a thuilleann tú ar do chuid coigilteas). Le tuilleadh eolais a fháil, cuir ceist ar do bhanc, ar do chumann foirgníochta nó ar do chomhar creidmheasa..

Ná dearmad

An faoiseamh cánach ar íocaíochtaí morgáiste agus ar árachas sláinte.

Maidir le faoiseamh cánach ar íocaíochtaí morgáiste baile, tabharfaidh an banc nó an cumann foirgníochta as a bhfuair tú an iasacht duit é go díreach. Ní gá duit an faoiseamh cánach sin a éileamh ar na Coimisinéirí Ioncaim agus ní thaispeántar é ar do dheimhniú creidmheasa cánach. Téigh i dteagmháil le do bhanc nó le do chumann foirgníochta le bheith cinnte go bhfuil tú ag fáil gach a bhfuil ag dul duit. Tá na socruithe céanna i bhfeidhm le haghaidh íocaíochtaí ar árachas sláinte.

Ar íoc tú as aon chostais sláinte le linn na bliana?
Má d’íoc, b’fhéidir go bhfuil aisíocaíocht chánach ag dul duit!

Má d’íoc tú as costais sláinte nó as costais neamhghnácha fiaclóireachta le linn na bliana, agus má tá cáin íoctha agat le linn na bliana céanna, is féidir aisíocaíocht chánach a éileamh.

Chun an aisíocaíocht a éileamh:

  • logáil isteach ar www.revenue.ie agus cliceáil ar ÍMAT aon tráth aon lá, nó
  • comhlánaigh pdffoirm Med 1 (PDF, 1.40MB) agus seol isteach í chuig an oifig Coimisinéirí Ioncaim is gaire duit.

Is féidir teacht ar an bhfoirm Med 1 in aon oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar Ais go Barr

Do Dheimhniú Creidmheasa Cánach

Taispeánann do dheimhniú creidmheasa cánach duit na creidmheasanna cánach atá á n-éileamh agat faoi láthair, chomh maith leis an mbanda rátaí ina bhfuil tú.

Tax Credit Certificate

Cén chaoi a ríomhtar an méid cánach atá le híoc?

Seo thíos sampla den chaoi a ríomhtar an méid cánach atá le híoc ag duine singil a fhaigheann pá gach seachtain:

(Níl sna huimhreacha thíos ach sampla)

Pá comhlán						€675 in aghaidh na seachtaine
Banda Rátaí						€630.77 sa tseachtain
An Cháin a Ríomh
Banda Rátaí €630.77 ar a ngearrtar
cáin ar ráta 20% = 126.15 Iarmhéid pá 44.22 ar a ngearrtar
cáin ar ráta 41% = 18.13 Ollmhéid cánach 144.28 Lúide creidmheasanna cánach seachtainiúla -63.47 Cáin le híoc tar éis an laghdaithe: 80.81

 

Baineann an sampla sin le daoine a íoctar gach seachtain. Má íoctar gach coicís nó in aghaidh na míosa thú, bíonn na prionsabail chéanna i gceist.

Má athraíonn do chúinsí pearsanta sa chaoi is go n-athróidh an méid cánach a bheidh le híoc agat, ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi. Mar shampla, athróidh an méid cánach a bheidh le híoc agat má ghlacann tú post inar féidir éileamh a dhéanamh ar chostais éide mar chuid de na costais a bhaineann leis an obair. Sa chás sin, seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú úr creidmheasa cánach chugat ina mbeidh na hathruithe sin san áireamh. Tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na sonraí atá ag teastáil don fhostóir an méid ceart cánach a bhaint de do chuid pá

Is féidir deimhniú creidmheasa cánach a fháil ar bhealaí éagsúla:

  • is féidir é a fháil trí logáil isteach ar ÍMAT aon tráth aon lá
  • is féidir é a fháil trí d’uimhir PSP agus an focal 'cert' a sheoladh trí théacs chuig 51829 (I bhfeidhm ón 1 Eanáir 2011)
  • is féidir é a fháil trí ghlaoch a chur ar ár seirbhís íosghlao 1890.

Ar Ais go Barr

An Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU)

Beidh feidhm leis an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) ó 1 Eanáir 2011 ar aghaidh. Glacfaidh an muirear áit an Tobhaigh Shláinte (a d’íoctaí mar chuid de ranníocaíochtaí ÁSPC) agus áit an Tobhaigh Ioncaim, óir ní bheidh feidhm ag an dá thobhach sin ó 1 Eanáir 2011 ar aghaidh. Is éard atá sa MSU ná cáin a bheidh le híoc ar ollmhéid ioncaim (lena n-áirítear aon sochair a fhaigheann tú ó d’fhostóir) ach sula mbainfear do ranníocaíochtaí pinsin de do chuid pá. Bainfidh d’fhostóir an MSU de do chuid pá de réir na tréimhse íocaíochta.

Cé atá díolmhaithe ón MSU?

Iad siúd nach mó ná €4,004 a n-ioncam bliantúil.

Murab ionann is an tobhach ioncaim, gearrfar an MSU orthu siúd a bhfuil cártaí liachta acu.

Is iad seo a leanas na rátaí MSU:

Tairseacha Ioncaim
In aghaidh na bliana Ráta
MSU
In aghaidh na seachtaine In aghaidh na míosa
Suas go €10,036 2% Suas go €193 Suas go €837
Ó €10,036.01 go dtí €16,016 4% Ó €193.01 go dtí €308 Ó €837.01 go dtí €1,335
Os cionn €16,016 7% Os cionn €308 Os cionn €1,335

Daoine atá 70 bliain d’aois nó síos sine, agus *dhaoine atá i seilbh lánchárta liachta (gan aird ar aois):

Tairseacha Ioncaim
In aghaidh na bliana Ráta
MSU
In aghaidh na seachtaine In aghaidh na míosa
Suas go €10,036 2% Suas go €193 Suas go €837
Os cionn €10,036 4% Os cionn €193 Os cionn €837

Is de réir na tréimhse íocaíochta a bhainfidh fostóirí an MSU de na híocaíochtaí a dhéanann siad lena gcuid fostaithe.

Deimhniú Úr MSU

Seo é an deimhniú a thabharfaidh d’fhostóir duit (chomh maith leis an P45) má fhágann tú do phost le linn na bliana. Is éard atá sa deimhniú ná taifead den mhéid MSU a baineadh de do chuid pá nuair a bhí tú fostaithe. Ba cheart duit é a choinneáil slán. Ní gá an deimhniú a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim nó do d’fhostóir nua.

* Ní íocfaidh daoine atá i seilbh lánchárta liachta an Muirear Sóisialta Uilíoch ach ar ráta uasta 4% beag beann ar leibhéal a n ioncaim ó fhostaíocht/ó phinsean.

Is féidir eolas cuimsitheach ar an An Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU)

Ar Ais go Barr

ÍMAT Aon tráth, aon Lá

Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun do cháin a choinneáil suas chun dáta ná ÍMAT aon tráth aon lá a úsáid.

Is córas idirlín é ÍMAT aon tráth aon lá a chuireann ar do chumas do ghnó a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim go leictreonach 365 lá sa bhliain.

Is féidir leat na rudaí seo a leanas a dhéanamh le ÍMAT aon tráth aon lá:

  • Réimse mór creidmheasanna cánach a éileamh
  • Breathnú ar do thaifead cánach féin
  • Iarratas a chur isteach ar athbhreithniú ar an gcáin a d’íoc tú in imeacht na ceithre bliana is deireanaí a d'imigh tharainn
  • Éileamh a chur isteach ar aisíocaíocht ar chostais sláinte agus a leithéid
  • Na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi aon ioncam breise atá á fháil agat.

Na Buntáistí

  • Tá ÍMAT aon tráth aon lá sciobtha, furasta, saor in aisce agus sábháilte
  • Déantar do chuid creidmheasanna cánach a nuashonrú láithreach bonn ann
  • Is é an bealach is sciobtha le haisíocaíocht a fháil é
  • Is féidir súil a choinneáil ar na héilimh agus ar an eolas a sheolann tú chuig na Coimisinéirí Ioncaim ann.

D’fhonn ÍMAT aon tráth aon lá a úsáid, ní mór duit clárú ar dtús. Is féidir clárú go tapa agus go furasta.

An chaoi le clárú le haghaidh ÍMAT aon tráth aon lá

  • Cláraigh do ÍMAT aon tráth aon lá.
  • Cuir isteach do chuid sonraí pearsanta, lena n-áirítear d’uimhir PSP, do sheoladh agus do chuid sonraí teagmhála
  • Cliceáil ar 'Lean ar Aghaidh' chun do chuid sonraí a sheoladh isteach.

I gceann cúpla lá, gheobhaidh tú d’uimhir aitheantais phearsanta ó na Coimisinéirí Ioncaim sa phost.

Ansin is féidir leat PAYE Aon tráth, aon Lá a úsáid.

Tá sé tábhachtach gan do chuid sonraí le haghaidh ÍMAT aon tráth aon lá a tabhair le haon duine. Bí san airdeall ar chomhfhreagras fealltach, óir ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim teagmháil leat faoina leithéid sin d’eolas choíche. Má tá aon amhras ort, déan teagmháil linn láithreach bonn.

Ar Ais go Barr

An t-eolas atá uait agus tú ag athrú poist

Ná dearmad do P45

Má fhágann tú do phost, tabharfaidh d’fhostóir foirm P45 duit. Taispeántar ar an P45 an méid a thuill tú in aghaidh na bliana, chomh maith leis an méid cánach agus an méid ÁSPC a baineadh de do chuid pá suas go dtí lá d’fhágála. Beidh an fhoirm sin ag teastáil ó d’fhostóir nua d’fhonn an méid ceart cánach a bhaint de do chuid pá.

Mura dtugann tú an P45 do d’fhostóir nua, d’fhéadfadh go mbeadh an iomarca cánach á íoc agat.

Socróidh an fostóir nua deimhniú úr creidmheasa cánach duit ionas go mbainfear an méid ceart cánach de do chuid pá i gcónaí.

An Deimhniú MSU

Má fhágann tú do phost, tabharfaidh d’fhostóir deimhniú Muirir Shóisialta Uilíoch (deimhniú MSU) duit. Is éard atá ann ná taifead den mhéid MSU a baineadh de do chuid pá nuair a bhí tú fostaithe. Ba cheart duit é a choinneáil slán. Ní gá an deimhniú a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim nó do d’fhostóir nua.

Agus má táim gan obair ar feadh seala?

Má tá tú gan obair agus má tá cáin íoctha agat le linn na bliana, d’fhéadfadh go mbeifeá i dteideal aisíocaíocht chánach a éileamh.

Cén uair a chuirim isteach ar aisíocaíocht chánach?

Má tá tú dífhostaithe, fan ar feadh 4 seachtaine, ar a laghad, ón dáta a scor tú ón bpost le héileamh a dhéanamh.

Má tá foinse eile ioncaim agat atá inchánach, mar shampla Sochar Cuardaitheora Poist nó Sochar Breoiteachta ón Roinn Coimirce Sóisialaí, fan ar feadh 8 seachtaine, a laghad, ón dáta a scor tú ón bpost le héileamh a dhéanamh.

Má bhí cáin éigeandála á híoc agat, is féidir leat cur isteach láithreach bonn ar aisíocaíocht chánach.

Cén chaoi a gcuirim isteach ar aisíocaíocht chánach?

D’fhonn an aisíocaíocht a éileamh, ní mór foirm P50 a bheith agat. Is féidir teacht ar an bhfoirm sin ar www.revenue.ie nó in aon oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Comhlánaigh an fhoirm P50 agus seol isteach í, in éineacht le do P45, chuig an oifig Coimisinéirí Ioncaim is gaire duit.

Ar Ais go Barr

Tax CreditsCreidmheasanna Cánach

Seo thíos liosta de na creidmheasanna cánach is tábhachtaí, chomh maith lena luachanna, le haghaidh na mblianta 2010 agus 2011, faoi mar a fógraíodh sa bhuiséad iad.

Is féidir liosta iomlán de na creidmheasanna cánach a fháil ar www.revenue.ie.

Sonraí de chreidmheasanna cánach pearsanta 2010/2011
Creidmheas Cánach Bliain Chánach 2010 Bliain Chánach 2011
Duine Singil €1,830 €1,650
Duine Pósta €3,660 €3,300
Creidmheas ÍMAT €1,830 €1,650
Baintreach nó Baintreach Fir (gan leanaí cleithiúnacha) €2,430 €2,190
Creidmheas do Theaghlaigh Aontuismitheora €1,830 €1,650
Creidmheas do Leanbh faoi Éagumas (uasmhéid) €3,660 €3,300
Creidmheas Cánach na nDall - Duine Singil €1,830 €1,650
Creidmheas Cánach na nDall - Céile Amháin atá Dall €1,830 €1,650
Creidmheas Cánach na nDall - An Bheirt Chéile Dall €3,660 €3,300
Tuismitheoir ar Cailleadh a C(h)éile in 2010 --- €3,600
Tuismitheoir ar Cailleadh a C(h)éile in 2009 €4,000 €3,150
Tuismitheoir ar Cailleadh a C(h)éile in 2008 €3,500 €2,700
Tuismitheoir ar Cailleadh a C(h)éile in 2007 €3,000 €2,250
Tuismitheoir ar Cailleadh a C(h)éile in 2006 €2,500 €1,800
Tuismitheoir ar Cailleadh a C(h)éile in 2005 €2,000 ---
Creidmheas Cánach Aoise (dóibh siúd atá 65 bliain d’aois nó níos sine) - Duine Singil, Baintreach nó Baintreach Fir €325 €245
Creidmheas Cánach Aoise (dóibh siúd atá 65 bliain d’aois nó níos sine) - Pósta €650 €490
Gaol Cleithiúnach €80 €70
Cúramóir Baile €900 €810
Creidmheas Cánach maidir le Cíos - Duine singil, faoi bhun 55 bliain d’aois €400 €320
Creidmheas Cánach maidir le Cíos - Duine pósta, baintreach nó baintreach fir, faoi bhun 55 bliain d’aois €800 €640
Creidmheas Cánach maidir le Cíos - Duine singil, 55 bliain d’aois nó níos sine €800 €640
Creidmheas Cánach maidir le Cíos - Duine pósta, baintreach nó baintreach fir, 55 bliain d’aois agus níos sine €1,600 €1,280
Suibscríbhinní Ceardchumainn €70 Nil
Faoisimh Eile Cánach 2010/2011
Tax Credit Tax Year 2010 Tax Year 2011
Cúramóir a Fhostú
(Ceadaithe ag an uasráta cánach atá agat)
€50,000 €50,000

Muirir seirbhísí

Má d’íoc tú as muirir bruscair nó as muirir seirbhísí údarás áitiúil anuraidh, is féidir éileamh a chur isteach ar chreidmheas cánach ar a bhfuil luach suas go dtí €80. An méid a d’íoc tú in 2010, féadfaidh tú é a éileamh in 2011.

Níl an faoiseamh seo le fáil le haghaidh le muireann seirbhísí íochta tar éis an bhliain 2010.

Ar Ais go Barr

Teagmháil

Bíonn seirbhís íosghlao 1890 teileafón ÍMAT ar oscailt ag na Coimisinéirí Ioncaim Dé Luain go Dé hAoine. Ná dearmad d’uimhir PSP a bheith agat nuair a ghlaonn tú ar an tseirbhís.

Sonraí teagmhála d'oifigí Réigiúnacha
Réigiún Limistéar sa Réigiún Uimhir Ghuthán
Réigiún na Teorann, Lár Tíre, an Iarthair An Cabhán, Muineachán, Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Liatroim, An Longfort, Lú, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach, An Iarmhí 1890 777 425
Réigiún Bhaile Átha Cliath Baile Átha Cliath (Cathair agus Contae) 1890 333 425
Réigiún an Oirthir & an Oirdheiscirt Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, An Mhí, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin 1890 444 425
Réigiún an Iardheiscirt An Clár, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach 1890 222 425

Braitheann costas na nglaonna ar na huimhreacha íosghlao seo 1890 ar an gcuideachta teileafóin atá á riar, agus d’fhéadfadh glaonna ó theileafóin phóca a bheith costasach. Moltar duit líne thalún a úsáid le glaoch a chur ar na huimhreacha sin..

Má tá tú ag glaoch ó áit lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, cuir glaoch ar + 353 (1) 702 3011.

Ba cheart do dhaoine faoi mhíchumas atá ag iarraidh seirbhísí na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid ríomhphost a sheoladh chuig accessofficer@revenue.ie


pdfLeagan PDF Treoir d’Fhostaithe maidir le ÍMAT (PDF, 838KB)


Tá sé mar aidhm ag an mbileog seo cur síos ginearálta a dhéanamh ar an ábhar. Mar sin, ní dhéantar iarracht gach saincheist a d’fhéadfadh a theacht aníos maidir leis an ábhar a chlúdach. Ní léirmhíniú dlí ar na forálacha reachtúla atá i gceist léi, agus mar sin, ní féidir aon fhreagracht a ghlacadh i gcomhair aon dliteanais a thabhaítear nó aon chaillteanais a tharlaíonn mar thoradh ar a bheith ag brath ar aon ábhar atá foilsithe anseo.

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil