SA CHUID SEO

Athúsáid Faisnéise na hEarnála Poiblí

Athúsáid Faisnéise na hEarnála Poiblí

Rialacháin um Athúsáid Faisnéise na hEarnála Poiblí 2005 (IR 279 de 2005)

Baineann an cóipcheart d'aon eolas ar ár láithreán gréasáin le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim muna ndeirtear a mhalairt.

Cloíonn Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim leis na Rialacháin um Athúsáid Fáisnéise na hEarnála PoiblíExternal linkagus molann muid athúsáid na faisnéise a sholáthraíonn muid. Is féidir an t-eolas ar an láithreán gréasáin seo a úsáid saor in aisce i bhformáid ar bith. Is éard atá i gceist le athúsáid ná cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Clúdaíonn sé taighde agus staidéar neamh-thráchtála freisin.

Tá na coinníollacha a leanas i bhfeidhm maidir le athúsáid. Caithfidh tú: Ní mór duit:-

  • An foinse agus ár gcóipcheart a aithint nuair a sholáthraíonn tú an t-eolas do dhaoine eile
  • An t-eolas a athúsáid go cruinn
  • Gan úsáid a bhaint as an eolas ar bhealach míthreorach
  • Gan úsáid a bhaint as an eolas chun seirbhís nó táirge ar bith a fhógairt
  • Gan úsáid a bhaint as an eolas ar chúiseanna mídleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta
  • Gan an t-eolas a úsáid ar bhealach a thabharfadh le tuiscint go dtugann na Coimisinéirí Ioncaim tacaíocht duit nó go ginearálta i mbealach ar bith a d'fhéadfadh daoine a chur amú
  • Gan macasamhail a dhéanamh d'aon chírín, lógó nó marc de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ach amháin i gcás gur dlúthchuid é den doiciméad atá á athúsáid.

Níl Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim faoi dhliteanas i leith aon chaillteanas ná fiachas a bhaineann leis an athúsáid eolais agus ní dheimhníonn muid go bhfuil gach eolas suas chun dáta agus gan earráid. Ní cheadaíonn Oifig na Coimisinéirí Ioncaim d'aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith acu ó thaobh athúsáid a gcuid eolais.

Má tá sonraí uait mar gheall ar an eolas atá ar láithreán gréasáin Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lámhleabhair saoráil faisnéise san áireamh, féach ar ár léarscáil láithreáin.

Má tá eolas ar bith eile uait mar gheall ar athúsáid eolais atá ag Oifig na Coimisinéirí, le do thoil déan teagmháil le:

Ainm an Teagmhálaí: Catherine Kelly, Eamonn O'Brien
Seoladh: Revenue Commissioners, Communications Branch, Dublin Castle, Dublin 2.
Ríomhphost: cakelly@revenue.ie, eaobrien@revenue.ie

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil