Slándáil
Fioscaireacht (Camscéimeanna Ríomhphoist)
Is camscéim í an fhioscaireacht agus seoltar ríomhphoist chuig daoine ag iarraidh cleas a imirt orthu ionas go nochtfaidh siad a gcuid sonraí pearsanta nó a bhfáisnéis airgeadais. Má leanann duine neamhchúramach nasc sa ríomhphost tógtar iad go láithreán gréasáin bréige a dhéanfaidh iarracht cleas a imirt orthu ionas go gcuirfidh siad isteach sonraí pearsanta ar nós PIN, pasfhocal, Uimhir PPS nó sonraí a gcúntas bainc. Is féidir leas a bhaint as an eolas sin ar bhealaí éagsúla, m.sh. iarratas a dhéanamh ar chárta creidmheasa in ainm an duine nó seiceanna a scríobh óna gcuntas bainc.
Is féidir le ríomhphoist fioscaireachta ligint orthu go bhfuil siad ag teacht ó ranna rialtais ar nós na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith leis na bainc, comhlachtaí cárta creidmheasa agus siopaí ar líne. D'fhéadfadh lógónna réalaíocha agus téacs a fhéachann oifigiúil a bheith iontu. Is féidir leo fiú rabhadh a bheith acu mar gheall ar fhioscaireacht.
Tabhair faoi deara: Ní sheolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ríomhphoist chugat choíche a éilíonn de chustaiméirí eolas pearsanta a sheoladh trí ríomhphost nó trí mhíreanna aníos.
Sampla de chamscéim a tharla anseo ná ríomhphost a mhaígh go raibh sé ó na Coimisinéirí Ioncaim, ag rá leis na faighteoirí go rabhadar i dteideal aisíocaíochta cánach. Thug sé nasc chuig foirm éilimh ar líne a d'iarr sonraí pearsanta agus faisnéis airgeadais. Iarradh sonraí a gcuntas bainc, áit a dúradh a gcuirfí an aisíocaíocht seo chun sochair.
Tabhair faoi deara gur féidir do sheoladh ríomhphoist a aimsiú ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí nó is féidir leo a bheith ríomhghinte go randamach. Mar sin, má fhaigheann tú ríomhphost bréagach a fhéachann ar nós go bhfuil sé ó na Coimisinéirí Ioncaim ní chiallaíonn sé sin gur bailíodh do sheoladh ríomhphoist, d'ainm nó aon eolas eile ó chóras na gCoimisinéirí Ioncaim.
Má fhaigheann tú ríomhphost ó naCoimisinéirí Ioncaim a bhfuil tú in amhras faoi, nó a gceapann tú gur camscéim é, le do thoil cuir ar aghaidh go webmaster@revenue.ie é. Nó is féidir leat dul i dteagmháil le do cheantar cánach chun stádas aon aisíocaíocht a fhiosrú. Nó is féidir leat dul i dteagmháil le do cheantar cánach chun stádas aon aisíocaíocht a fhiosrú. Is féidir sonraí do cheantair a aimsiú leis an aimsitheoir teagmhála agus d'Uimhir PPS.
Leathnaigh Gréasáin Sábháilte
Leathanaigh ar www.revenue.ie a iarrann eolas pearsanta, cosúil leis an Aimsitheoir Teagmhála, tá siad criptithe, ag baint úsáid as teastas SSL 128-ghiotán, sínithe ag Verisign, bailí go dtí 09 Lúnasa 2013. Is féidir leat a chinntiú go bhfuil an leathanach gréasáin slán má fheiceann tú íocón glais fraincín ar do bhrabhsálaí, chomh maith le réimse comharthaí infheicthe eile. Tá roinnt samplaí coitianta thíos.
Internet Explorer 6

Internet Explorer 7

Google Chrome

Firefox 16

Ríomhphost Slán
Tá córas ríomhphoist slán i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim chun teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh agus a fháil. Is féidir leat clárú don tseirbhís seo ag Rannóg na Seirbhísí Ar Líne ar ár láithreán gréasáin. Sa chóras seo tá an ríomhphost criptithe ionas nach féidir iad a léamh gan do phasfhocal fiú dá mbeadh daoine eile in ann teacht orthu. Molann muid leas a bhaint as an gcóras slán seo d'aon chumarsáid ina bhfuil eolas pearsanta nó rúnda.
Gnáthríomhphost (neamhshlán)
Ní mholann na Coimisinéirí Ioncaim eolas pearsanta nó rúnda a sheoladh trí ríomhphost. Seoltar ríomhphost trí ghréasáin phoiblí agus is féidir iad a idircheapadh agus a léamh mura bhfuil siad criptithe. Le do thoil tabhair faoi deara nach féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim rathaíocht ar bith a thabhairt go mbeidh aon sonraí pearsanta nó íogair iomlán slán nuair a sheoltar i ngnáth-théacs trí ghnáthríomhphost iad. Measfar go nglacann custaiméir ar bith a bhaineann úsáid as an mbealach seo le riosca ar bith atá i gceist. Na roghanna cumarsáide eile atá á dtairiscint ag na Coimisinéirí Ioncaim ná poist caghdeánach agus an ríomhphost slán atá mínithe thuas.
Teagmhálacha Pearsanta
Agus iad ag bualadh le cáiníocóirí, caithfidh oifigigh ioncaim iad féin a chur in aithne agus iad ag feidhmiú a gcumhachta, caithfidh siad a gCárta Aitheantais oifigiúil, eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, a thaispeáint agus tá orthu an fáth atá leis an gcruinniú a lua. Ba cheart do na hoifigigh cártaí gnó a sholáthar a thaispeánann seoladh agus uimhir ghutháin a n-oifige. Ba cheart don cháiníocóir an t-eolas seo a úsáid chun bona fide an oifigigh a dheimhniú.
