Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach
Baineann Cáin Oidhreachta aonuaire le maoin faoi rialú ag iontaobhas roghnach ar an 25 Eanáir 1984 nó a thagann chun bheith amhlaidh ar nó tar éis an dáta sin. Is é an ráta cánach reatha 6%. I gcásanna áirithe is féidir an ráta 6% sin a laghdú go 3%.
Baineann Cáin Oidhreachta bhliantúil ar ráta 1% le maoin faoi rialú ag iontaobhas roghnach ar an 31 Nollaig i ngach bhliain ag tosó le 2006. Roimh 2006 bhain muirear bliantúil le maoin faoi rialú ag iontaobhas roghnach ar an 5 Aibreán i ngach bhliain ag tosó le 1986.
Tugadh isteach roinnt leasuithe maidir le Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach in Acht Airgeadais 2012.
Tá
Cuid 5 (PDF,118 KB) den Lámhleabhar maidir le Cáin Fáltas Caipitiúil tugtha cothrom le dáta chun na leasuithe sin a chur san áireamh.
