Díolúine ar Urrúis Áirithe

Reachtaíocht - Alt 81, An tAcht um Chomhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil, 2003.

Tá urrúis rialtais agus urrúis eisithe ag údaráis áitiúla áirithe agus comhlachtaí reachtúla díolmhaithe ó Cháin Oidhreachta agus Bhronntanais má ghlacann tairbheoir nach bhfuil ina shainchónaí nó cónaitheach de ghnáth sa Stát iad. Níl an díolúine seo ar fáil maidir le Cáin iontaobhais roghnach.

Baineann an díolúine seo freisin le "scéimeanna iontaobhais aonaid" ar an gcoinníoll go bhfuil na sócmhainní teoranta d'urrúis clúdaithe ag an díolúine.

Coinníollacha le haghaidh faoisimh

  • ní mór na hurrúis nó aonaid a bheith cuimsithe sa sochar ag dáta an tsochair agus ag an dáta luachála araon.
  • ní mór na hurrúis nó na haonaid a bheith cuimsithe sa diúscairt go leanúnach ar feadh tréimhse cúig bliana déag díreach roimh dháta an tsochair má fuarthas iad ar nó tar éis an 24 Feabhra, 2003 (má fuarthas iad idir 15 Feabhra 2001 agus 24 Feabhra 2003 is é sé bliana an tréimhse agus roimh 15 Feabhra 2001 is é trí bliana an tréimhse); agus
  • ní mór nach mbeadh an tairbheoir ina shainchónaí nó cónaitheach de ghnáth sa Stát ag dáta an tsochair.

Tabhair faoi deara má thógann tairbheoir nach bhfuil ina shainchónaí nó cónaitheach de ghnáth sa Stát urrúis nó aonaid Rialtais ó dhiúscóir nach bhfuil ina shainchónaí nó cónaitheach de ghnáth sa Stát ag dáta na diúscairte (is cuma cá bhfuil an diúscóir ina shainchónaí nó cónaitheach de ghnáth ag dáta an bhronntanais/na hoidhreachta) cáileoidh siad le haghaidh diúscairte fiú murar comhlíonadh leis an gcoinníoll trí bliana/sé bliana/ cúig bliana déag.

Sampla 1

Fuair Sean a bhí ina shainchónaí agus cónaitheach de ghnáth sa Stát bás an 1 Deireadh Fómhair, 2002 agus d'fhág sé a eastát ar fad lena n-áirítear Stoc Rialtais ag a cholcheathrar Seosamh a bhí ina shainchónaí agus cónaitheach de ghnáth sa Fhrainc. Cheannaigh Seán an Stoc Rialtais i 1994. De bhrí go raibh an Stoc Rialtais ag Seosamh ar feadh trí bliana ar a laghad sula bhfuair sé bás, bhí siad díolmhaithe ó Cháin Oidhreachta.

Dá mba rud é gur cheannaigh Seán an stoc i Márta 2000, ní cháileodh siad le haghaidh faoisimh mar ní raibh úinéireacht aige orthu ar feadh trí bliana sula bhfuair sé bás.

Sampla 2

Cheannaigh Máire, atá ina sainchónaí agus cónaitheach de ghnáth i Sasana, Stoc Rialtais in Eanáir, 2000. An 1 Nollaig rinne sí bronntanas scaireanna dá nia Dáithí a bhí ina shainchónaí agus cónaitheach de ghnáth i Sasana freisin. Cáilíonn na scaireanna le haghaidh díolúine, cé nach raibh siad in úinéireacht Máire ar feadh trí bliana, mar tá Máire agus Dáithí araon ina sainchónaí agus cónaitheach de ghnáth lasmuigh den Stát.

Sampla 3

D'fhág Antaine a fuair bás i 1992 a eastát cónaitheach ina uacht ag a dheirfiúr Máire ar feadh a saoil agus tar éis a báis dá hiníon Sinéad atá ina sainchónaí agus cónaitheach sa Spáinn. Sa bhliain 1995 cheannaigh iontaobhaithe an tsocraithe Stoc Rialtais. Fuair Máire, an tionónta saoil, bás an 1 Meán Fómhair, 2002. Cáileoidh an Stoc Rialtais, atá mar chuid den iarmhair, le haghaidh díolúine ó Cháin Oidhreachta de bhrí go raibh sé cuimsithe sa diúscairt go leanúnach ar feadh tréimhse trí bliana díreach roimh dháta na hoidhreachta, sé sin 1 Meán Fómhair, 2002 de bhrí go raibh sé cuimsithe sa socrú ó 1995.

Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaidh Stoic Rialtais díolmhaithe a bheith faoi réir comhréir dhliteanas, costais agus speansais agus sa teagmhas sin, ní féidir an chomhréir dhliteanas srl. is inchurtha i leith stoc díolmhaithe a asbhaint.


Leagan furasta le priontáil