Díolúine maidir le costais cháilitheacha pearsana éagumasaithe

Reachtaíocht - Alt 84, An tAcht Comhdhlúite Fáltas Caipitiúil, 2003.

I gcás go dtógtar sochar chun críche costais cháilitheacha a chomhlíonadh go heisiatach do dhuine buan-éagumasaithe mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp, tá an sochar sin díolmhaithe ó Cháin Chomhdhlúite Chaipitiúil ar an gcoinníoll go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim sásta go raibh an sochar feidhmeach nó go mbeidh sé feidhmeach chun na críche sin.

Sainmhínítear "Costais Cháilitheacha" mar chostais a bhaineann le cúram leighis lena n-áirítear costas cothabhála bainteach lena leithéid de chúram leighis.


Leagan furasta le priontáil