Oidhreacht tógtha ag Tuismitheoir ó Leanbh

Reachtaíocht - Alt 79, An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.

Má thógann tuismitheoir oidhreacht ó leanbh, tá tairseach Grúpa A ag an tuismitheoir sin.

Mar sin féin, má fuair an leanbh sin sna cúig bliana atá thart brontannas neamhdhíolmhaithe (breis agus €1,270/€3,000) nó oidhreacht ó cheachtar den dá thuismitheoir, beidh an oidhreacht tógtha ag an tuismitheoir díolmhaithe má thógtar é ar bhás an linbh sin.

Mar Shampla

Faigheann Philip brontannas €10,000 óna mháthair i 1999. Faigheann Philip bás i 2002 agus fágann sé a eastát iomlán sé sin €1,000,000 ag a athair. Tá an oidhreacht tógtha ag an athair díolmhaithe.


Leagan furasta le priontáil