Díolúine Polasaithe Áirithe Árachais

Reachtaíocht - Alt 74, An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil, 2003.

Tá polasaithe áirithe árachais saoil eisithe ag cuideachtaí lonnaithe san Ionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta agus ag cuideachtaí saoil bhaile díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil. Chun a bheith cáilithe le haghaidh díolúine ní mór don diúscóir agus don tairbheoir araon a bheith ina sainchónaí agus cónaitheach thar lear. Mar sin féin, má ceannaíodh an polasaí roimh an 15 Feabhra, 2001, is leor gur dlí eachtrach an dlí ceart ag dáta na diúscairte fiú má tá an diúscóir ina shainchónaí agus cónaitheach in Éirinn.


Leagan furasta le priontáil