Díolúine ar Shocair Scoir

Díolúine ar íocaíochtaí a bhaineann le scor

Reachtaíocht - Alt 80, An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil, 2003.

Tá íocaíochtaí d'fhostaí as cistí curtha ar fáil ag an bhfostóir mar shocar scoir, íocaíocht iomarcaíochta nó pinsean díolmhaithe ó Cháin Bhrontannais. Mar sin féin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más gaol an fostaí leis an bhfostóir nó más cuideachta phríobháideach é an fostóir agus meastar gurb é an fostaí a rialaíonn an chuideachta taobh istigh de mhíniú alt 27 den Acht, an díolúine a chealú, sa mhéid go measann siad go bhfuil an íocaíocht iomarcach.

Sa chás go dtógann tairbheoir an fhostaithe aon sochar faoi scéim aoisliúntais gan é a bheith bunaithe ach amháin nó go háirithe do dhaoine fostaithe i gceard nó gairm, meastar go mbeidh an sochar sin tógtha ón bhfostaí agus ní ón bhfostóir.

 

Díolúine ar Shocair Scoir

Reachtaíocht - Alt 85, An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil, 2003.

Tá aon iarmhéid ciste scoir fhaofa a théann tar éis bhás an diúscróra nó céile nó páirtí sibhialta an diúscróra go leanbh atá 21 bhliain d'aois nó os a chionn díolmhaithe ó Cháin Oidhreachta ach tá sé inmhuirir i leith Cáin Ioncaim.

Má tá an leanbh faoi 21 bhliain d'aois, níl aon mhuirear ar Cháin Ioncaim ach dlitear Cáin Oidhreachta a chur ar an sochar.

Iúil 2011


Leagan furasta le priontáil