Faoisimh
- Faoiseamh Talmhaíochta
- Faoiseamh Gnó
- Faoiseamh an Nia/na Neachta is Ansa
- Socraíocht Chleamhnas roimh 1 Aibreán 1975
Faoiseamh Talmhaíochta
Faoiseamh Talmhaíochta - CAT 5
Faoiseamh Gnó
Faoiseamh an Nia/na Neachta is Ansa
Baineann Alt 7, Cuid 1, Sceideal 2 den Acht leis seo.
De réir Fhaoiseamh an Nia/na Neachta is Ansa, is féidir glacadh le tairbhí, ar leanbh de chuid an diúscróra deartháir nó deirfiúr, nó leanbh de chuid an páirtí sibhialta an diúscróra deartháir nó deirfiúr mar "leanbh" de chuid an diúscróra fad is a chomhlíontar coinníollacha áirithe. Más infheidhme an faoiseamh sin, tá an nia nó an neacht i dteideal thairseach Ghrúpa A seachas tairseach Ghrúpa B.
Baineann an faoiseamh le nia nó le neacht ag a bhfuil obair shuntasach déanta aige/aici ar bhonn lánaimseartha don diúscróir ar feadh cúig bliana dar gcríoch an dáta ar a thagann deireadh le leas tairbhiúil an diúscróra sa ghnó. Ní bhaineann an faoiseamh ach amháin le sócmhainní a úsáideadh sa ghnó féin. Tabhair faoi deara gur gnó í an fheirmeoireacht i gcomhthéacs seo an fhaoisimh. Le bheith incháilithe don fhaoiseamh, ní mór méid áirithe uaireanta oibre a bheith déanta ag an tairbhí i ngnó an diúscróra .i.
- 15 uair an chloig in aghaidh na seachtaine i ngnó beag .i. gnó nach mbíonn ach an diúscróir, céile nó páirtí sibhialta an diúscróra agus an nia/neacht amháin páirteach ann.
- 24 uair an chloig i ngnó níos mó .i. gnó a bhfuil fostaithe eile ann freisin.
Leas Saoil Idirghabhálach
Má tá leas saoil idirghabhálach i gceist sula bhfaigheann an nia/neacht an mhaoin le hoidhreacht, ní mór cúig bliana bheith caite ag an tairbhí ag obair i ngnó an diúscróra, cúig bliana dar gcríoch an dáta ar a tháinig deireadh le leas an diúscróra sa ghnó.
Sampla
Éagann Seán (an diúscróir) i 1996 agus fágann sé a ghnó dá chéile Máire ina uacht agus, nuair a éagfaidh Máire, dá neacht Áine.
Tá Áine ag déanamh obair shubstaintiúil ar bhonn lánaimseartha sa ghnó ó d’fhág sí an scoil i 1990, agus leanann sí de bheith ag obair sa ghnó i ndiaidh bhás Sheáin. Nuair a éagann Máire (tionónta saoil) in 2009, faigheann Áine an gnó le hoidhreacht. Beidh Áine incháilithe d’fhaoiseamh na neachta is ansa .i. do thairseach Ghrúpa A, mar bhí sí ag obair i ngnó an diúscróra (Seán) ar feadh cúig bliana sular tháinig deireadh le leas Sheáin sa ghnó i 1996.
Dá mba rud é nár oibrigh Áine sa ghnó ach ó 1992 i leith, ní bheadh sí incháilithe don fhaoiseamh mar ní bheadh sí ag cabhrú le Seán, an diúscróir, ach ar feadh ceithre bliana.
Ar an mbonn céanna, dá bhfágfadh Áine an gnó i 1996 tar éis di bheith ag obair ann do Sheán idir 1990 agus 1996, bheadh sí incháilithe i gcónaí d’fhaoiseamh na neachta is ansa i ndiaidh di an mhaoin a fháil le hoidhreacht tar éis bhás Mháire in 2009.
Cuideachtaí agus Faoiseamh an Nia/na Neachta is Ansa
Chun scaireanna i gcuideachta phríobháideach a bheith incháilithe don fhaoiseamh, ní mór don chuideachta bheith ina cuideachta phríobháideach trádála atá faoi bhainistíocht an diúscróra de réir fhorálacha chuid 27 den Acht. Ní mór don diúscróir bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta freisin.
Tabhair faoi deara nach nglactar le sócmhainní infheistíochta atá ar an gclár comhardaithe mar shócmhainní gnó i gcomhthéacs seo fhaoiseamh an nia/na neachta is ansa. Beidh an tairbhí i dteideal thairseach Ghrúpa B amháin maidir leis na sócmhainní sin.
Iontaobhais Lánroghnacha agus Faoiseamh an Nia/na Neachta is Ansa
Ní infheidhme faoiseamh an nia/na neachta is ansa má ghlactar leis an sochar faoi iontaobhas lánroghnach.
Comhiomlánú agus Faoiseamh an Nia/na Neachta is Ansa
Is le sócmhainní gnó amháin a bhainfidh an faoiseamh .i. tairseach Ghrúpa A (an tairseach céanna do leanaí). Má tá bronntanas/oidhreacht ann ina bhfuil meascán de shócmhainní gnó agus de shócmhainní nach mbaineann le gnó, bainfidh tairseach Ghrúpa A leis na sócmhainní gnó agus bainfidh tairseach Ghrúpa B leis na sócmhainní eile. Toisc nach ndéantar comhiomlánú ach ar shochair atá i dtairseach an ghrúpa chéanna, beidh dhá thairseach faoi leith ag an tairbhí más amhlaidh go bhfuil idir shócmhainní gnó agus shócmhainní nach mbaineann le gnó araon sa sochar.
Fiachais gan Urrús agus Faoiseamh an Nia/na Neachta is Ansa
Más éard atá sa sochar ná meascán de shócmhainní gnó agus de shócmhainní nach mbaineann le gnó agus má tá fiachais gan urrús ann, ní mór na fiachais sin a roinnt ar bhonn pro rata idir na sócmhainní gnó agus na sócmhainní nach mbaineann le gnó.
Sampla
Fuair Séamas Ó Murchú eastáit a uncail le hoidhreacht sa bhliain 2009. Is éard atá san oidhreacht ná:
- Sócmhainní Talmhaíochta €500,000 (gnó)
- Sócmhainní nach mbaineann leis an Talmhaíocht €100,000 (ní bhaineann siad leis an ngnó)
- Fiacha agus Costais Riaracháin €20,000
Tá Séamas incháilithe d’fhaoiseamh an nia is ansa maidir leis an ngnó (sócmhainní talmhaíochta). Cuir i gcás nach bhfuil Séamas incháilithe sa sampla seo d’fhaoiseamh talmhaíochta nó d’fhaoiseamh gnó.
Ní mór na fiachais €20,000 a roinnt idir na sócmhainní gnó agus na sócmhainní nach mbaineann leis an ngnó mar seo a leanas:
Sócmhainní Gnó
Oll-luach Sócmhainní Gnó xIomlán na bhfiachas = €500,000/€600,000 (Oll-luach na Sócmhainní Uile) x €20,000 = €16,667
Sócmhainní nach mbaineann leis an nGnó
Oll-luach Sócmhainní nach mbaineann leis an nGnó x Iomlán na bhfiachas = €100,000/€600,000 (Oll-luach na Sócmhainní Uile) x €20,000 = €3,333
Luach Inchánach Sócmhainní Gnó = €500,000 lúide €16,667 = €483,333 (Grúpa A)
Luach Inchánach Sócmhainní nach mbaineann leis an nGnó = €100,000 lúide €3,333 = €96,667 (Grúpa B)
- Ní dhéantar comhiomlánú ar (a) Shócmhainní Gnó (Grúpa A) nó ar (b) Shócmhainní nach mbaineann le Gnó (Grúpa B) a fhaightear le hoidhreacht cé go mbaineann siad beirt leis an aon oidhreacht amháin (mar ní bhaineann siad le tairseach an ghrúpa chéanna).
Reachtaíocht - Alt 8, Cuid 1, Sceideal 2, an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil, 2003.
Is infheidhme an faoiseamh seo i gcás socraíochtaí áirithe cleamhnas a bhaineann le sochair a ghlac clann clainne an diúscróra. Glacann an garmhac/an ghariníon tairseach an ghrúpa do pháistí .i. Grúpa A.
Is infheidhme an faoiseamh seo i gcás socraíochtaí áirithe cleamhnas a bhaineann le sochair a ghlac clann clainne an diúscróra. Glacann an garmhac/an ghariníon tairseach an ghrúpa do pháistí .i. Grúpa A.
Ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh le faoiseamh a fháil:
- ní mór an diúscairt bheith déanta roimh 1 Aibreán, 1975;
- ní mór go raibh pósadh thuismitheoirí an tairbhí mar an chomaoin le haghaidh na diúscartha;
- ní mór don diúscróir bheith ina sheanathair nó ina seanmháthair leis an tairbhí;
- ní mór tuismitheoir(í) an tairbhí bheith i dteideal leas teoranta i maoin an tsocraithe.
Sampla
Sa bhliain 1974, i gcomaoin phósadh a mhic Eoin le Siobhán, tugann Peadar a chuid talún d’Eoin dá shaol ar fad agus, i gcás go n-éagfadh Eoin agus go mairfeadh Siobhán ina dhiaidh, do Shiobhán dá saol ar fad. Tabharfar an fuílleach do pháiste nó do pháistí an chleamhnais sin, de réir mar a shocróidh an lánúin (nó duine amháin acu má tá an duine eile marbh), nó, d’éagmais socrú eile, roinnfear é go cothrom idir na páistí.
D’éag Eoin i 1990 agus fuair Siobhán an talamh le hoidhreacht dá saol. D’éag Siobhán in 2002 agus, ina huacht, d’fhág sí an talamh dá hiníon Róisín. Maidir le hoidhreacht Róisín, is é Peadar, a seanathair, an diúscróir. Beidh tairseach Ghrúpa A ag Róisín, áfach, seachas tairseach Ghrúpa B a thugtar do chlann clainne de ghnáth.
Iúil 2011
