Cáin Fháltas Caipitiúil
Is é atá i gCáin Fháltas Caipitiúil ná Cáin Bhronntanais, Cáin Oidhreachta agus Cáin Iontaobhais Lánroghnaigh. Gearrtar cáin bhronntanais ar bhronntanais inchánacha arna nglacadh (ach amháin ar bhás) ar nó i ndiaidh an 28 Feabhra, 1974 agus gearrtar Cáin Oidhreachta ar oidhreachtaí inchánacha arna nglacadh (ar bhás) ar nó i ndiaidh an 1 Aibreán, 1975. Baineann Cáin Oidhreachta aon uaire le maoin atá faoi réir iontaobhas lánroghnach ar an 25 Eanáir, 1984, nó a thagann faoi réir iontaobhas lánroghnach ar an dáta sin nó ina dhiaidh.
Na rátaí Cánach agus na Tairsigh atá infheidhme
Is é 30% an ráta caighdeánach cánach le haghaidh bronntanais agus oidhreachtaí a ghlactar ar nó tar éis an 7 Nollaig 2011.
Na ráta reatha cánach agus na Méideanna Tairsigh, agus na rátaí roimhe seo: Tairsigh, Rátaí agus Rialacha Comhshuimithe
Faoisimh agus Díolúinte ó Cháin Fáltas Caipitiúil
Tá roinnt faoiseamh ar fáil maidir le Cáin Fátas Caipitiúil, lena n-áirítear Faoiseamh Gnó, Faoiseamh Talmhaíochta, agus Faoiseamh Rogha Neacht/Nia. Féadfaidh díolúintí a bheith i bhfeidhm d'aicmí áirithe maoine agus d'aicmí áirithe daoine. Is féidir breis eolais maidir le faoisimh agus díolúintí a fháil sna naisc ar an taobh clé den leathanach seo.
Breis Eolais
Is féidir leat breis eolais a fháil faoi Cháin Fáltas Caipitiúil ar na naisc éagsúla ar an leathanach seo, lena n-áirítear eolas faoi thuairisceán a chomhlánú, faoi mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre a chomhlánú, agus faoi cheisteanna ginearálta ar nós cánachas dúbalta agus creidmheasanna Cháin Ghnóthachan Caipitiúil srl. Is féidir leat chomh maith aon fhoirm nó bileog a bhaineann le Cáin Fáltas Caipitiúil atá ag teastáil uait a íoslódáil nó a ordú.
Lámhleabhair Cánach & Dleachta - Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise
