IT39 - Treoir don tuairisceán IT38 a chomhlánú (Íoc agus Tuairiscigh)

Réamhrá

San Acht Airgeadais 2012 leasaíodh an dáta 'oc agus Tuairiscigh' i ndáil le Cáin Fáltas Caipitiúil ón 30 Meán Fómhair go dtí an 31 Deireadh Fómhair. Mar sin, ba cheart gach bronntanas agus gach oidhreacht a bhfuil dáta luachála acu sa tréimhse dhá mhí dhéag dar chríoch an 31 Lúnasa roimhe sin a áireamh sa tuairisceán atá le comhdú faoin 31 Deireadh Fómhair 2011. Ciallaíonn sé sin, sa chás ina bhfuil an dáta luachála idir an 1 Eanáir 2012 agus an 31 Lúnasa 2012, gur é an 31 Deireadh Fómhair 2012 an spriocdháta i ndáil le 'Íoc agus Tuairiscigh'. Sa chás ina bhfuil an dáta luachála idir an 1 Meán Fómhair 2012 agus an 31 Nollaig 2012, is é an 31 Deireadh Fómhair 2013 an spriocdháta i ndáil le 'Íoc agus Tuairiscigh'.

I gcás bliain mheasúnachta 2011 ba é an 30 Meán Fómhair 2011 an dáta maidir le híoc agus tuairisciú.

Samplaí:

  • Dáta luachála 21 Feabhra 2012: Déan IT38 a chomhdú agus íoc an cháin faoi 31 Deireadh Fómhair 2012
  • Dáta luachála 6 Samhain 2012: Déan IT38 a chomhdú agus íoc an cháin faoi 31 Deireadh Fómhair 2013

Ar ais go barr

Fógra le tuairisceán IT38 a chomhdú

Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim IT38 do dhaoine má thuigtear dóibh go bhfuil ar na daoine sin íocaíocht a dhéanamh agus tuairisceán CAT a chomhdú sa bhliain chánach sin. Is faoin gcáiníocóir atá sé, áfach, tuairisceán a íoc agus a thuairisciú, is cuma má tá fógra le comhdú faighte aige/aici nó mura bhfuil. Beidh sonraí pearsanta an duine ar an bhfoirm .i. beidh ainm, seoladh agus uimhir PSP an duine uirthi.

Má fhaigheann tú tuairisceán pearsanta IT38 in ainneoin nach bhfuil ort tuairisceán a chomhdú don tréimhse ábhartha dhá mhí dhéag:

  • Féadfaidh tú dul i dteagmháil le hOifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun í a chur ar an eolas nach bhfuil ort tuairisceán a dhéanamh don tréimhse ábhartha sin.
  • Nó féadfaidh tú an fhaisnéis sin a chur ar an tuairisceán féin agus é a chur ar ais chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Ní gá an dearbhú a shíniú.

Mar shampla, mura mbaineann an dáta luachála leis an tréimhse ábhartha dhá mhí dhéag, b’fhéidir nach mbeadh tuairisceán ag teastáil.

Riachtanas le comhdú a dhéanamh go leictreonach ar ROS

Mura gcomhlíontar na critéir thíos chun "An Fhoirm Ghearr IT38" a úsáid, m.sh. má tá faoisimh/díolúintí/creidmheasanna srl. á n-éileamh, ní mór an tuairisceán cánach do bhronntanais/d’oidhreacht a chomhdú go leictreonach trí ROS.

Is cáin chasta í CAT agus, roimh an gcomhdú leictreonach a thabhairt isteach, bhain cuid mhaith de riarachán na gCoimisinéirí Ioncaim le coigeartú a dhéanamh ar ríomhaire. Trí riachtanas a thabhairt isteach gur gá faoisimh agus/nó díolúintí a éileamh trí ROS, beidh na Coimisinéirí Ioncaim agus cleachtóirí in ann a chinntiú go mbíonn tuairisceáin beacht toisc rialacha ar líne a bheith i bhfeidhm, faoi mar atá i gcineálacha eile cánach faoi láthair. Tá ROS éasca le húsáid: tá an fhoirm simplí agus ní thógann sé ach tamall beag chun í a chomhlánú mar ní chuirtear ar an gcáiníocóir ach na ceisteanna a bhaineann lena c(h)úinsí féin amháin. De réir mar a chuirtear faisnéis isteach, cuireann an córas in oiriúint don úsáideoir na scáileáin atá le comhlánú chun an tuairisceán a dhéanamh. Sa chaoi sin, laghdaítear líon na scáileán agus líon na roghanna a bhíonn le feiceáil.

Is é an buntáiste a ghabhann le tuairisceán a chomhdú trí ROS ná go ríomhann an córas an méid CAT atá dlite i bhfianaise na faisnéise a chuirtear ar an tuairisceán leictreonach. Má dhéantar tuairisceán páipéir, áfach, ní mór don duine atá ag comhdú an méid atá dlite a ríomh é/í féin agus an uimhir ábhartha a chur ar an tuairisceán. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil go huathoibríoch ar an méid atá dlite i bhfianaise na faisnéise a chuirtear ar an bhfoirm páipéir agus má ríomhann na Coimisinéirí méid níos mó ná sin, eiseoidh siad measúnú leasaithe. Beidh an CAT bhreise sin le híoc faoin spriocdháta le híoc agus tuairiscigh.

An fhoirm ghearr IT38

In áit an leagain páipéir den tuairisceán cánach atá ann faoi láthair (Foirm IT38), táthar ag tabhairt isteach leagan nua atá níos simplí. Dá thoradh sin, ní ceadmhach tuairisceán páipéir a chomhdú ach amháin sna cúinsí seo a leanas:

  • Mura bhfuil aon fhaoiseamh/díolúine/sochar á éileamh, seachas díolúine na mbronntanas beag.
  • Más leas iomlán gan choinníollacha ná srianta atá sa sochar a ghlactar.
  • Más ó dhiúscróir amháin a tógadh an mhaoin a bhfuil cur síos uirthi sa tuairisceán agus nach cuid í de shochar nó de shraith sochar níos mó a ghlac an tairbhí ar an lá céanna.

Is féidir an tuairisceán gearr IT38 a chomhdú ar ROS freisin, agus b’fhearr sin.

Ar ais go barr

Na buntáistí a ghabhann le comhdú a dhéanamh go leictreonach ar ROS

Is iomaí buntáiste a ghabhann le comhdú a dhéanamh go leictreonach:

  • Is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim seirbhís níos éifeachtaí, níos sciobtha agus níos saoire a chur ar fáil dá gcuid custaiméirí.
  • Is féidir leat do chuntas Ioncaim féin a fheiceáil ar ROS ó do ríomhaire féin, 24 uair an chloig sa lá, 365 lá sa bhliain.
  • Tá áiseanna ríomha ann le cabhrú le custaiméirí an méid cánach atá dlite a ríomh, agus tá dearbhú leictreonach ar thuairisceáin agus ar íocaíochtaí mar chuid den chóras féin.

Tuairisceáin agus Íocaíochtaí a Phróiseáil Níos Sciobtha

Toisc nach gá tuairisceáin a chur sa phost, a láimhseáil nó a chur isteach ar ríomhaire, beifear in ann tuairisceáin agus íocaíochtaí a phróiseáil níos sciobtha. Anuas air sin, tá faighte réidh le deimhnithe úrscaoilte agus cuirfidh sin laghdú mór ar an am próiseála agus ar chostais an chomhlíonta araon.

Tuairisceáin a Chomhlánú Níos Tapúla

In ROS, déanann an córas an tuairisceán a chur in oiriúint don duine atá ag comhdú de réir mar a chuireann sé/sí sonraí isteach agus de réir mar a phiocann sé/sí roghanna. Ar ndóigh, níl a leithéid de rogha ar fáil sna tuairisceáin páipéir. Sa tuairisceán leictreonach, cuirtear an duine atá ag comhdú ar an eolas má dhéantar botúin áirithe, agus ní mór na botúin sin a cheartú sula féidir dul ar aghaidh. Déanfar an méid cánach atá dlite a ríomh go huathoibríoch. Toisc go mbeidh sé níos sciobtha agus níos éasca na tuairisceáin a chomhlánú, tiocfaidh laghdú ar chostais an chomhlíonta.

Obair As-líne

Leis an tsaoráid as líne ar ROS, is féidir an tuairisceán IT38 a íoslódáil ar ríomhaire nó ar líonra ríomhairí oifige chun é a úsáid ar bhonn logánta as líne. Fágann sin gur féidir an córas as líne a úsáid le tosú ag obair ar an tuairisceán sula ndéanann tú é a chomhdú. Ina theannta sin, tugann an tsaoráid as líne deis duit na tuairisceáin agus na híocaíochtaí a sheiceáil ar líne i gcoinne phróiseas ceadaithe do ghnólachta agus aon cheartúcháin riachtanacha a dhéanamh sula n‑uaslódálann tú an tuairisceán ceadaithe agus sula seolann tú ar líne é chuig na Coimisinéirí Ioncaim, trí ROS.

Cearta Rochtana agus Ceada don Fhoireann Cleachtóirí

Feidhmíonn ROS ar bhonn solúbtha agus tá sé cosúil le cleachtas fhormhór na n-oifigí. Laistigh den aon ghnólacht amháin, d’fhéadfadh baint a bheith ag daoine difriúla leis na céimeanna difriúla a ghabhann le tuairisceán a chomhdú. Nuair a dhéanann tú iarratas ar dheimhniú digiteach ROS agus nuair a fhaigheann tú é, is tusa an riarthóir ROS ansin agus féadfaidh tú ceadanna difriúla ROS a shannadh ar aon duine atá ag obair sa ghnólacht. Is féidir leat é sin a dhéanamh trí fhodheimhniú ROS a shannadh ar dhaoine eile laistigh den ghnólacht. Mar Riarthóir ROS don ghnólacht, féadfaidh tú cead a thabhairt do dhaoine a bhfuil fodheimhniú ROS acu agus cur ar a gcumas tascanna áirithe a dhéanamh ("comhdaigh an tuairisceán","breathnaigh amháin", srl). Fágann sé sin go mbeidh gach duine ar a sannfaidh tú fodheimhniú ROS in ann tascanna comhdaithe leictreonaigh a dhéanamh óna ríomhaire féin.

Taifid

Is taifead buan é an t-ábhar i do bhosca isteach ROS agus féadfaidh tú dul siar air ag brath ar na riachtanais a bheidh agat amach anseo.

Príomhshonraí a Bhailíochtú

Sula gcomhdaítear an tuairisceán, déanfaidh an córas bailíochtú ar fhaisnéis áirithe go huathoibríoch, mar shampla, ar na huimhreacha tagartha cánach a chuirtear isteach do gach páirtí. Taispeánfaidh sé teachtaireacht earráide sa chás go gcuirtear sonraí neamhbhailí isteach, rud a thabharfaidh deis duit na ceartúcháin riachtanacha a dhéanamh sula gcomhlánann tú agus sula gcomhdaíonn tú an tuairisceán.

Ar ais go barr

An chaoi le clárú le haghaidh ROS

Is próiseas simplí é clárú ar ROS ach mar gheall ar na diancheanglais shlándála, áirítear comhfhreagras sa phost leis an bpróiseas agus d’fhéadfadh an clárúchán seachtain nó coicís a thógáil. Moltar duit mar sin tús a chur leis an bpróiseas chomh luath in Éirinn agus is féidir leat sula mbeidh sé i gceist agat an córas a úsáid.

Tá trí chéim ag baint le clárú ar ROS agus is ina dhiaidh sin a fhaigheann tú Deimhniú Digiteach ROS agus rochtain ar chóras ROS.

Céim a hAon – Iarratas ar Uimhir Rochtana ROS (RAN)

D’fhonn tús a chur leis an bpróiseas seo, más aturnae nó gníomhaire cánach tú, caithfidh tú uimhir chláraithe chánach do ghnólachta a bheith agat (agus an cineál cánach dá dtagraíonn an uimhir .i. uimhir CBL, uimhir Cháin Ioncaim, srl). Nuair a bhíonn an t-iarratas comhlánaithe agat ar leathanach Gréasáin ROS, ginfidh an córas RAN, agus gheobhaidh tú an RAN sa phost cúpla lá ina dhiaidh sin.

Más cáiníocóir aonair thú agus má fhaigheann tú fógra IT38 le tuairisceán a chomhdú, déanfar thú a chlárú le haghaidh CAT go huathoibríoch. Is féidir leat iarratas a chur isteach ansin ar RAN trí CAT a roghnú as na cineálacha cánach agus trí d’uimhir PSP (Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí) a úsáid má tá sé i gceist agat an tuairisceán a chomhdú tú féin.

Más cáiníocóir aonair thú agus má tá ort tuairisceán a chomhdú, ach mura bhfuil fógra faighte agat ó na Coimisinéirí Ioncaim chun é sin a dhéanamh, is féidir leat dul i dteagmháil le hOifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim d’fhonn tú féin a chlárú le haghaidh CAT. Nuair a bheidh tú cláraithe, is féidir leat cur isteach ar RAN.

Céim a Dó - Iarratas ar Dheimhniú Digiteach ROS

Nuair a fhaigheann tú an RAN sa phost, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Digiteach ROS ar an gcóras. Nuair a bheidh sé sin déanta agat, ginfidh an córas pasfhocal ROS agus cuirfear an pasfhocal chugat sa phost cúpla lá ina dhiaidh sin.

Céim a Trí - Deimhniú Digiteach ROS a Íoslódáil

Tabharfaidh an chéim dheiridh deis duit an pasfhocal a úsáid chun do Dheimhniú Digiteach ROS a fháil agus a íoslódáil ar do ríomhaire. Tá tú cláraithe anois ar ROS agus réidh le tuairisceán a chomhdú agus a íoc ar líne.

Is féidir treoracha cuimsitheacha faoi chlárú ar ROS a fháil ar Clárú le haghaidh ROS.

Ar ais go barr

Cén chaoi a ndéanaim mo thuairisceán CAT a chomhdú ar ROS?

Tar éis duit clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim mar chustaiméir ROS, is féidir leat an tuairisceán cánach do bhronntanais nó d’oidhreacht (IT38) a chomhdú trí logáil isteach ar do chuntas ROS agus trí CAT a roghnú as na cineálacha cánach atá sa liosta ann. Taispeánfaidh ROS na scáileáin don tuairisceán CAT duit ansin. Ar dtús, ní mór duit an tréimhse chomhdaithe chuí a roghnú, ansin an fhoirm a chomhlánú trí na roghchláir anuas a úsáid agus tríd an bhfaisnéis ábhartha a chur isteach. Is féidir an tuairisceán leictreonach a úsáid ansin le haghaidh gach bliain chánach ó 2001 i leith.

De réir mar a chuireann tú faisnéis isteach, déantar an tuairisceán a oiriúnú sa chaoi is nach dtaispeántar duit ach na codanna ábhartha. Déanfaidh an córas ROS an méid CAT atá dlite a ríomh i bhfianaise na faisnéise a cuireadh isteach. Is féidir leagan as líne den IT38 a úsáid trí thuairisceán a íoslódáil ar do ríomhaire féin (nó ar líonra oifige) agus é a chomhlánú as líne. Nuair a bheidh tú sásta leis an tuairisceán, féadfaidh tú dul ar líne ar ROS chun an tuairisceán comhlánaithe a uaslódáil agus a chomhdú agus chun íocaíocht a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.

An bhfuil aon treoracha ar fáil chun an tuairisceán ROS a chomhlánú?

Tá. Nuair a osclaíonn tú na scáileáin don tuairisceán, tabharfar deis duit breathnú ar théacs cabhrach cuimsitheach a mhíníonn an chaoi cheart leis na scáileáin a chomhlánú. Sa téacs cabhrach seo, mínítear na téarmaí a úsáidtear freisin, agus tugtar faisnéis chuimsitheach ar ábhair éagsúla, mar shampla, ar na cineálacha faoisimh, díolúintí agus creidmheasanna atá ar fáil, srl.

An féidir liom mo thuairisceán a chomhdú ar líne roimh an spriocdháta le híoc agus tuairiscigh?

Is féidir. Féadfaidh tú do thuairisceán a chomhdú agus an cháin a íoc aon uair roimh an spriocdháta.

Cén chaoi a n-íocaim mo chuid cánach ar líne?

Mar chustaiméir ROS, féadfaidh tú an cháin atá dlite a íoc tríd an tseirbhís ar líne atá ag na Coimisinéirí Ioncaim. Is bealach simplí éifeachtach é seo a chinntíonn go mbíonn an cháin chuí íoctha in am agus sannaithe ar an gcustaiméir ceart.

Tá sé simplí íocaíocht a dhéanamh trí ROS. Ní gá ach síniú isteach agus na naisc ábhartha a roghnú ansin. Déanfaidh an córas tú a threorú tríd an bpróiseas.

  • Má tá tú ag úsáid ghnáthdheimhniú digiteach ROS, is féidir leat dochar díreach a chur ar bun, ar dtugtar Treoir Dochair ROS (TDR). Leis an TDR, is féidir leat cuntas bainc a ainmniú as a dtógfaidh ROS na híocaíochtaí ar líne a d’údaraigh tú go huathoibríoch. Nó is féidir leat íocaíocht a dhéanamh le cárta léasair.
  • Má tá tú ag úsáid deimhniú digiteach Gníomhaire ROS, caithfidh tú íocaíocht a dhéanamh le cárta léasair.
  • Mura bhfuil tú i do chónaí in Éirinn agus má tá tú ag déanamh íocaíochta agus tú thar lear, is féidir leat Ríomhaistriú Airgid a úsáid (EFT) le an gcuntas seo:
    • Ainm an Chuntais: CG's CAT Public Account
    • Bainc: Allied Irish Bank, Stráid na Bantiarna, Baile Átha Cliath 2
    • Cód sórtála: 93-20-86
    • Uimhir Chuntais: 32409022
    • IBAN IE80 AIBK 9320 8632 4090 22 – BIC – AIBKIE2D
    Chomh luath is a dhéantar an íocaíocht caithfidh tú ríomhphost a sheoladh chuig cateftpayments@revenue.ie leis na sonraí seo a leanas:
    • Ainm an Chustaiméara/UPSP
    • An méid Íocaíochta
    • Cibé an le haghaidh Cáin Bhronntanais nó Cáin Oidhreachta í an íocaíocht
    • An tréimhse atá clúdaithe ag an íocaíocht.

Ar ais go barr

An féidir liom an tuairisceán a chomhdú agus an cháin a íoc ar ball?

Is féidir. Féadfaidh tú an tuairisceán a chomhdú gan íocaíocht a dhéanamh. Má dhéanann tú sin, áfach, ní mór duit a chinntiú go mbeidh an cháin íoctha roimh an spriocdháta le híoc agus tuairiscigh nó gearrfar muirir úis ort.

Formhuirir as comhdú a dhéanamh go déanach

Gné thábhachtach de gach córas seasta ‘íoc agus tuairiscigh’ is ea pionós cuí a ghearradh orthu siúd nach gcloíonn leis an spriocdháta le hÍoc agus Tuairiscigh. I gcás Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóthachan Caipitiúil, gearrtar formhuirear as tuairisceán a chomhdú go déanach. Ríomhtar an formhuirear sin i bhfianaise céatadáin ardaithe d’iomlán na cánach atá iníoctha don bhliain mheasúnaithe. Tá foráil chéanna d’fhormhuirear á tabhairt isteach do CAT. Tagann sé seo leis an aidhm atá againn CAT a chur ar an déanamh céanna le cánacha eile féinmheasúnaithe.

Ríomhtar an formhuirear i bhfianaise céatadáin ardaithe d’iomlán na cánach atá iníoctha don bhliain mheasúnaithe, agus tá an formhuirear faoi réir grádaithe. Tá grádú an fhormhuirir faoi réir fhad na moille atá ar an gcomhdú, agus tá sé faoi réir theorainn ar leibhéal an fhormhuirir a ríomhtar mar seo a leanas:

  • Gearrfar formhuirear 5%, faoi réir uasmhéid €12,695, má chuirtear an tuairisceán cánach isteach faoi dhá mhí i ndiaidh an spriocdháta do chomhdú.
  • Gearrfar formhuirear 10%, faoi réir uasmhéid €63,485, mura gcuirtear an tuairisceán cánach isteach faoi dhá mhí i ndiaidh an spriocdháta do chomhdú.

Gearrfar ús as íocaíochtaí a dhéanamh go déanach freisin.

Ar ais go barr

An chaoi leis an tuairisceán CAT a chomhlánú ar ROS

Cén fhaisnéis atá de dhíth chun an tuairisceán ROS a chomhlánú?

Ar an gcéad dul síos, chun an tuairisceán a chomhdú ar líne, ní mór uimhir bhailí PSP a bheith agat. Beidh uimhir PSP an diúscróra uait freisin. Is féidir teacht ar uimhreacha PSP ar aon chomhfhreagras a fuarthas ó na Coimisinéirí Ioncaim nó ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).

Má tá dhá charachtar alfa i d’uimhir PSP agus "W" ar cheann amháin acu, ní ghlacfar léi ar ROS. Mura bhfuil uimhir bhailí PSP agat nó má tá "W" ar an dara carachtar alfa i d’uimhir PSP, ní mór duit cur isteach ar uimhir nua PSP ón Roinn Coimirce SóisialaíExternal link chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Scáileáin CAT i ROS

Sa chuid seo a leanas, déantar cur síos ar an bhfaisnéis atá de dhíth chun na scáileáin éagsúla a chomhlánú nuair atá tuairisceáin CAT á gcomhdú ar ROS. Ná déan dearmad go bhféadfadh sé nach mbeidh ort gach scáileán a chomhlánú, mar braitheann sé sin ar an gcineál sochair atá agat agus ar na cineálacha faoisimh, díolúintí nó creidmheasanna atá á n-éileamh agat. Ná déan dearmad ach oiread gur féidir breathnú ar théacs cabhrach cuimsitheach ar gach scáileán, téacs a mhíníonn go beacht cén chaoi ar chóir duit an chuid sin den tuairisceán a chomhlánú.

Sonraí an Tairbhí agus Sonraí an Chomhdaithe.

  • Ainm, seoladh agus uimhir PSP an tairbhí.
  • Ainm, seoladh agus uimhir PSP an chomhdaithe – más éagsúil iad le sonraí an tairbhí.

Is féidir leat amhras a léiriú faoin gcaoi a bhfuil an dlí á léirmhíniú/á chur i bhfeidhm sa tuairisceán CAT trí thic a chur sa bhosca. Ba cheart na sonraí iomlána a thabhairt sa spás atá ar an tuairisceán ROS.

Sonraí an diúscróra

  • Ainm, seoladh agus uimhir PSP an diúscróra
  • Ón roghchlár anuas, roghnaigh an gaol atá idir an tairbhí agus an diúscróir
  • Léirigh cé acu bronntanas nó oidhreacht atá sa sochar
  • Cuir isteach an áit a bhfuil an mhaoin atá sa sochar lonnaithe
  • Cuir isteach áit chónaithe agus sainchónaí an diúscróra agus an tairbhí (má tá cuid den mhaoin, nó an mhaoin uile, lonnaithe thar lear).

Cineál an tSochair

  • Léirigh an chaoi a bhfuarthas an sochar (uacht/díthiomnacht/gníomhas srl.).

    Tabhair:
  • Dáta an bhronntanais/na hoidhreachta.
  • An Dáta Luachála.
  • An dáta báis.
  • An dáta ar a deonaíodh probháid nó riarachán.
  • Má tá an cháin á híoc ag an diúscróir (sochar atá saor ó cháin), cuir síos é sin.
  • Má tá aon chuid den cháin á híoc ó fháltais ó pholasaí árachais incháilithe, cuir síos é sin.
  • Má tá an oidhreacht á fáil tar éis bás duine nach bás an diúscróra féin é, cuir síos é sin.

Sonraí na maoine

Cuir isteach sonraí faoin maoin uile atá sa sochar nó san oidhreacht. Is féidir leat cineálacha éagsúla maoine a roghnú ón roghchlár anuas. De réir mar a chomhlánaíonn tú na codanna do na cineálacha éagsúla maoine, is féidir leat faoisimh agus díolúintí a éileamh don mhaoin áirithe sin agus na fiachais a ghearrtar ar an maoin sin a dhealú uaithi. Is féidir leat leas teoranta a chur sa mhaoin freisin agus ríomh a dhéanamh ar chearta cónaithe, cothaithe agus cothabhála.

Fiachais

Cuir isteach luach na bhfiachas atá iníoctha go cuí as an sochar uile – .i. nach bhfuil inmhuirir ar shócmhainn áirithe.

Faoiseamh agus díolúintí

Roghnaigh an cineál faoisimh/díolúine atá á éileamh agat ón liosta ar an scáileán. Is féidir sonraí a fháil faoi na cineálacha faoisimh agus díolúintí atá ar fáil do CAT ar na naisc seo a leanas:

Faoisimh

Díolúintí

Ríomh an Luach Inchánach

Déanfaidh ROS an luach inchánach a ríomh duit i bhfianaise na faisnéise a chuir tú isteach ar do thuairisceán.

Sochair Roimhe seo agus Sochair Reatha

Cuir isteach luach aon sochair a ghlac an tairbhí roimhe seo. Is sochair inchomhiomlánaithe iad seo agus is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar Rialacha comhiomlánaithe chun Cáin Fáltas Caipitiúil a ríomh.

Déanfaidh ROS luach an tsochair reatha a ríomh duit i bhfianaise na faisnéise a chuir tú isteach ar an tuairisceán.

Creidmheasanna In-asbhainteacha

Cuir isteach luach na gcreidmheasanna in-asbhainteacha ón liosta atá ann:

Creidmheas le haghaidh Cáin Ghnóthachan Caipitiúil

Creidmheas le haghaidh cáin a gearradh roimhe seo ar an ábhar céanna

Cánachas Dúbailte

Má tá tú ag éileamh creidmheasanna le haghaidh cánachas dúbailte, cuir síos é sin agus roghnaigh an cineál creidmheasa cuí ón liosta atá ann. Déanfaidh ROS an creidmheas a ríomh i bhfianaise na faisnéise a chuir tú isteach ar an gcuid seo den tuairisceán.

Ríomh an Measúnú

Ríomhfaidh ROS an measúnú ar an méid cánach atá dlite i bhfianaise na faisnéise a chuir tú isteach ar do thuairisceán.

Is féidir an tuairisceán a shábháil anois sa leagan as líne chun é a chur isteach nuair is gá. Chun an tuairisceán a chomhdú, caithfidh tú logáil isteach ar ROS, an comhad is mian leat a uaslódáil a roghnú, agus cliceáil ar "cuir isteach" chun é a chomhdú. Tabharfar deis duit ansin an cháin a íoc ar líne.

An leagan ar líne ar ROS

Má tá tú ag úsáid an leagain ar líne ar ROS, cliceáil ar "Críochnaigh" le dul ar ais go dtí an leathanach achoimre a thaispeánann an ghlancháin iomlán atá iníoctha. Ba cheart duit cliceáil ar "Cuir Isteach" ansin chun do thuairisceán a chomhdú. Tabharfar deis duit ansin an cháin a íoc ar líne.

Ar ais go barr

An chaoi leis an bhfoirm "ghearr" IT38 a chomhdú

Is féidir an fhoirm ghearr IT38 a chomhdú ar ROS nó leagan páipéir a chomhdú. Moltar duit é a chomhdú ar ROS, áfach. Má dhéanann tú an fhoirm páipéir a chomhdú, ní mór duit an cháin a ríomh tú féin. Má dhéantar botún i ríomh na cánach, eiseofar duit fógra measúnaithe leasaithe agus ní mór duit fuílleach na cánach atá dlite a íoc faoin spriocdháta do chomhdú nó gearrfar ús ort. Má úsáideann tú ROS, déanfar an cháin a ríomh duit.

Ní féidir an fhoirm ghearr IT38 a úsáid ach amháin sna cúinsí seo a leanas:

  • Mura bhfuil aon fhaoiseamh/díolúine/sochar á éileamh, seachas díolúine na mbronntanas beag
  • Más leas iomlán gan choinníollacha ná srianta atá sa sochar a ghlactar
  • Más ó dhiúscróir amháin a tógadh an mhaoin a bhfuil cur síos uirthi sa tuairisceán agus nach cuid í de shochar nó de shraith sochar níos mó a ghlac an tairbhí ar an lá céanna.

Cén fhaisnéis a bheidh uaim chun an fhoirm ghearr IT38 a chomhlánú?

Ar an gcéad dul síos, chun an tuairisceán a chomhdú ar líne, ní mór uimhir bhailí PSP a bheith agat. Beidh uimhir PSP an diúscróra uait freisin. Is féidir teacht ar uimhreacha PSP ar aon chomhfhreagras a fuarthas ó na Coimisinéirí Ioncaim nó ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).

Má tá dhá charachtar alfa i d’uimhir PSP agus "W" ar cheann amháin acu, ní ghlacfar léi ar ROS. Mura bhfuil uimhir bhailí PSP agat nó má tá "W" ar an dara carachtar alfa i d’uimhir PSP, ní mór duit cur isteach ar uimhir nua PSP ón Roinn Coimirce SóisialaíExternal link chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Tá na sonraí seo a leanas de dhíth chun an fhoirm ghearr IT38 a chomhdú ar ROS

  1. Ainm, seoladh agus uimhir PSP an tairbhí.
  2. Ainm, seoladh agus uimhir PSP an chomhdaithe – más éagsúil iad le sonraí an tairbhí.
  3. Léirigh go bhfuil fút IT38 gearr a chomhdú trí thic a chur sa bhosca.
  4. Ainm, seoladh agus uimhir PSP an diúscróra.
  5. Ón roghchlár anuas, roghnaigh an gaol atá idir an tairbhí agus an diúscróir.
  6. Léirigh cé acu bronntanas nó oidhreacht atá sa sochar.
  7. Roghnaigh Maoin Réadach nó Maoin Eile.
  8. Cuir isteach an dáta ar a tugadh an bronntanas/an oidhreacht.
  9. Cuir isteach an Dáta Luachála.
  10. Cuir isteach an dáta báis.
  11. Más bronntanas atá sa sochar, roghnaigh 'Díolúine na mBronntanas Beag', más infheidhmithe.
  12. Cuir isteach luach inchánach an Bhronntanais / na hOidhreachta. Is éard atá sa luach inchánach ná luach margaidh an tsochair lúide fiachais, costais, speansais agus comaoin.
  13. Díolúine na mBronntanas Beag – déantar é seo a ríomh roimh ré má éilítear bronntanas ag uimhir 11 thuas.
  14. Tairseach Ghrúpa – déantar é seo a ríomh roimh ré i bhfianaise an ghaoil a cuireadh isteach ag uimhir 5 thuas
  15. Cuir isteach luach inchánach na sochar inchomhiomlánaithe roimhe seo atá i dtairseach an ghrúpa seo.
  16. Cliceáil ar "áireamhán" chun an méid cánach atá dlite ar an sochar a thaispeáint.
  17. Roghnaigh "Lean ar Aghaidh".
  18. Is féidir Léiriú Amhrais a fheiceáil anois má tá tú ag iarraidh sonraí a chur isteach. Is féidir leat amhras a léiriú faoin gcaoi a bhfuil an dlí á léirmhíniú/á chur i bhfeidhm sa tuairisceán CAT trí thic a chur sa bhosca. Ba cheart na sonraí iomlána a thabhairt sa spás atá ar an tuairisceán ROS.
  19. Is féidir "Nótaí Breise" a fheiceáil anois má tá tú ag iarraidh aon fhaisnéis bhreise a chur isteach.
  20. Is féidir an tuairisceán a shábháil sa leagan as líne anois chun é a chur isteach nuair is gá. Chun an tuairisceán a chomhdú, caithfidh tú logáil isteach ar ROS, an comhad is mian leat a uaslódáil a roghnú, agus cliceáil ar "cuir isteach" chun é a chomhdú. Tabharfar deis duit ansin an cháin a íoc ar líne.

An leagan ar líne ar ROS

Má tá tú ag úsáid an leagain ar líne ar ROS, ba cheart duit céimeanna 1-18 thuas a dhéanamh agus ansin "Críochnaigh" a roghnú. Tabharfaidh sé sin ar ais tú chuig an leathanach achoimre a thaispeánann an ghlancháin iomlán atá iníoctha. Cliceáil ar "Cuir Isteach" ansin le do thuairisceán a chomhdú. Tabharfar deis duit ansin an cháin a íoc ar líne.

An chaoi le leagan páipéir den fhoirm ghearr IT38 a chomhdú

  • Cuir isteach ainm, seoladh agus uimhir PSP an tairbhí.
  • Cuir isteach an bhliain mheasúnaithe.
  • Cuir isteach sonraí an Chomhdaithe (más éagsúil iad le sonraí an tairbhí).
  • Cuir isteach ainm, seoladh agus uimhir PSP an diúscróra.
  • Léirigh cé acu bronntanas nó oidhreacht atá sa sochar.
  • Léirigh cé acu maoin réadach nó maoin eile í an mhaoin atá sa sochar, nó más meascán den dá rud atá inti.
  • Cuir isteach an dáta ar a tugadh an bronntanas nó an oidhreacht.
  • Cuir isteach an Dáta Luachála.
  • Cuir isteach an dáta ar a d’éag an diúscróir (i gcás oidhreachta).
  • Cuir isteach Tairseach an Ghrúpa chuí.
  • Cuir isteach luach inchánach an bhronntanais nó na hoidhreachta. Is éard atá sa luach inchánach ná luach margaidh an tsochair lúide fiachais, costais, speansais agus comaoin.
  • Dealaigh díolúine na mbronntanas beag, más infheidhme sin. Bíonn an chéad €3,000 de luach inchánach an bhronntanais saor ó cháin. (€1,270 a bhíodh ann roimh 1 Eanáir 2003.) Ní bhaineann an díolúine sin le hoidhreacht. Ní féidir ach le diúscróir amháin an díolúine sin a úsáid le haghaidh bronntanais amháin san aon bhliain féilire amháin. Is féidir le tairbhí €3,000 a ghlacadh ón diúscróir céanna i mblianta éagsúla féilire agus beidh na bronntanais sin saor ó CAT. Is féidir le tairbhí bronntanas a ghlacadh ó roinnt diúscróirí sa bhliain chéanna féilire agus beidh an chéad €3,000 de gach bronntanas acu sin saor ó cháin.
  • Cuir isteach an Glanluach inchánach – luach inchánach lúide Díolúine na mBronntanas Beag.
  • Cuir isteach an tairseach ábhartha.
  • Dealaigh sochair inchomhiomlánaithe atá i dtairseach an ghrúpa chéanna.
  • Cuir isteach an tairseach atá ar fáil don sochar seo (an tairseach lúide sochair inchomhiomlánaithe).
  • Cuir isteach an farasbarr inchánach (an glanluach inchánach lúide an tairseach atá ar fáil).
  • Ríomh an cháin ar an sochar reatha - an farasbarr inchánach arna iolrú ag an ráta cuí cánach.
  • Sínigh an dearbhú ar an tuairisceán, comhlánaigh an duillín pá agus cuir do sheic leis.
  • Ba cheart tuairisceáin páipéir agus íocaíochtaí a sheoladh chuig:
    An tArd-Bhailitheoir,
    Bosca Poist 354,
    Luimneach.

Tuilleadh faisnéise agus ceisteanna coitianta faoi na hathruithe ar CAT agus ar Phrobháid

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil