Sócmhainní Inmhuirir
Talamh Forbraíochta
Tá Diúscairtí Talún Forbraíochta ón 7 Nollaig 2011 faoi dhliteanas ag 30%. Tá Diúscairtí Talún Forbraíochta ón 6 Aibreán 2009 go dtí an 6 Nollaig 2011 faoi dhliteanas ag 25%. Tá Diúscairtí Talún Forbraíochta ón 15 Deireadh Fómhair 2008 go dtí an 7 Aibreán 2009 faoi dhliteanas ag 22%. Bhí Diúscairtí Talún Forbraíochta sa tréimhse ón 1 Nollaig 1999 go dtí an 14 Deireadh Fómhair 2008 faoi dhliteanas ag 20% agus bhí diúscairtí sa tréimhse ón 3 Nollaig 1997 go dtí an 30 Samhain 1999 faoi dhliteanas ag 40% ach amháin trí chatagóir, féach:
Bileog CGC 1 - Treoir um Cháin Ghnóthachan Caipitiúla (PDF, 935KB) chun sonraí a fháil.
Gnóthachan a Ríomh
Baineann féinmheasúnú le dliteanais CGC do gach duine, .i. daoine féinfhostaithe, daoine aonair ar ÍMAT agus cuideachtaí.
Caiteachas Inasbhainte:
- Costas fála, le costais theagmhasacha san áireamh,
- Caiteachas feabhais
Faoi réir srianta áirithe, d’fhéadfaí an caiteachas seo a choigeartú le haghaidh boilsciú. Ní bhainfidh faoiseamh innéacsaithe ach le tréimhse úinéireachta na sócmhainne suas go dtí an 31 Nollaig 2002 le haghaidh diúscairt ar bith a déantar ar an 1 Eanáir 2003 nó ina dhiaidh sin. Féach ar
Capital Gains Tax Multipliers for years ended 5 April 1996
et seq. (PDF, 39KB). - Na costais theagmhasacha a bhaineann le diúscairt, ar nós costais dlí agus fógraíochta.
Cáin a Íoc
Is iad seo a leanas na dátaí íocaíochta do dhiúscairtí in 2009 agus sna blianta ina dhiaidh:
- Má dhéantar an diúscairt sa tréimhse idir an 1 Eanáir agus an 30 Samhain tá an cháin dlite air nó roimh an 15 Nollaig sa bhliain chánach sin
- Má dhéantar an diúscairt sa tréimhse idir an 1 Nollaig agus an 31 Nollaig tá an cháin dlite air nó roimh an 31 Eanáir sa bhliain ina dhiaidh sin
Is féidir an Fhoirm Duillín Pá CGC atá le fáil i bhFoirmeacha a úsáid ar mhaithe le híocaíochtaí.
Na Doiciméid atá ag Teastáil
Caithfear tuairisceán ar Ghnóthachain Chaipitiúla a dhéanamh faoin 31 Deireadh Fómhair sa bhliain i ndiaidh bhliain an mheasúnaithe gan a bheith ar an gCigire Cánach a leithéid a iarraidh ort. Is féidir leat é seo a dhéanamh tríd an Rannán CGC de do thuairisceán bliantúil a chomhlánú (Foirm 11 nó Foirm 12). Is féidir na foirmeacha seo a fháil i bhFoirmeacha Tuairisceáin Chánach faoi Fhoirmeacha laistigh de Cháin Ioncaim. De rogha ar sin, is féidir leat
Foirm CG1(PDF, 303KB) a chomhlánú, atá ar fáil sna Foirmeacha CGC.
Ábhar Tagartha
CGT 1 - Treoir
maidir le Cáin Ghnóthachan Caipitiúil Clár Ábhair (PDF, 935KB)
Capital Gains
Tax Multipliers for years ended 5 April 1996 et seq. (PDF, 39KB)- Alt 532 - Alt 613 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997
- Alt 648 - Alt 653 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 - Talamh Forbraíochta.
Tá an tAcht seo agus na Nótaí Treorach le fáil faoin Dlí Ioncaim.
