Ceisteanna Coitianta maidir le Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Is é atá i gceist le Cáin Ghnóchan Caipitiúil (CGC) ná cáin a ghearrtar ar ghnóthachain a fhaightear trí shócmhainní a dhiúscairt. Is é a chiallaíonn diúscairt ná úinéireacht na sócmhainne a aistriú cibé trí í a dhíol, trí bhronntanas, trí mhalartú nó trí bhealach eile agus cuimsíonn sé an tsócmhainn a dhiúscairt i bpáirt.

Cé a bheidh faoi dhliteanas Cáin Ghnóchan Caipitiúil a íoc?

  • Má tá cónaígnáthchónaí, agus sainchónaí ort sa Stát tá tú faoi dhliteanas i leith do ghnóthachan ar fud an domhain.
  • Mura bhfuil cónaí nó gnáthchónaí ort sa Stát tá tú faoi dhliteanas i leith gnóthachan ó dhiúscairt sócmhainní sonraithe.
  • Má tá cónaí nó gnáthchónaí ort sa Stát ach nach bhfuil sainchónaí ort ann tá tú faoi dhliteanas i leith gnóthachan ó dhiúscairt iomlán sócmhainní Éireannacha agus ón RA agus i leith gnóthachan ó dhiúscairt sócmhainní eachtracha chomh fada is a ndéantar na gnóthachain a tharchur chun an Stáit.

Tá mínithe ar na téarmaí cónaí, gnáthchónaí, sainchónaí agus sócmhainní sonraithe le fáil ar pdfleathanach a ceathair den Treoir maidir le Cáin Ghnóchan Caipitiúil. (PDF, 935KB)

Cén Cáin Ghnóchan Caipitiúil a bhaineann le bás?

Níl aon cháin i gceist; meastar go bhfuair na tairbhithe (nó an t-ionadaí pearsanta) na sócmhainní ag an margadhluach ar dháta an bháis. Tarraingíonn gnóthachain ar bith ó dhiúscairt ina dhiaidh sin CGC ar an difríocht idir an margadhluach ar dháta an bháis agus na fáltais ina dhiaidh sin nó an margadhluach de réir mar is cuí.


Leagan furasta le priontáil