Grúpaí
Íocaíochtaí idirghrúpa
- Tá cead ag ball de ghrúpa íocaíochtaí áirithe a dhéanamh le ball eile de ghrúpa gan cháin a asbhaint i gcúinsí áirithe.
- Le bheith incháilithe ar a leithéid d’íocaíochtaí a dhéanamh saor ó cháin caithfidh gaol 51% a bheith idir na cuideachtaí .i. ina rialaíonn cuideachta amháin 51% ar a laghad de scaireanna na cuideachta eile (go díreach/go hindíreach/trí mháthairchuideachta chomónta).
- Is féidir ús agus ríchíosanna a íoc ar bhonn comhláin .i. gan cháin a asbhaint má tá gaol idir na grúpaí.
- Baineann faoiseamh comhchosúil le cuibhreannas ach caithfidh gaol 75% a bheith i gceist.
Caillteanais srl. a ghéilleadh & Faoiseamh do Ghrúpaí. Céard is féidir a ghéilleadh.
Is féidir le baill de ghrúpa caillteanais trádála na bliana reatha, rómhuirir ar ioncam, róchostais bhainistíochta (i gcás cuideachtaí infheistíochta) agus róliúntais chaipitiúla Chás V a ghéilleadh.
Céard iad na coinníollacha chun faoiseamh a éileamh?
- Tá dhá chuideachta ina mbaill de ghrúpa má tá ceann acu ina fochuideachta 75% den cheann eile nó má tá an dá cheann ina bhfochuideachtaí 75% de thríú cuideachta. Tabhair faoi deara go bhfuil cuideachta ina fochuideachta 75% de chuideachta eile má tá 75% ar a laghad den ghnáth-scairchaipiteal faoi úinéireacht dhíreach/indíreach na cuideachta sin.
- Ní mór go mbeadh an mháthairchuideachta i dteideal 75% den bhrabús atá ar fáil le dáileadh idir sealbhóirí cothromais (creidiúnaithe iasachta san áireamh).
- Ní mór go mbeadh an mháthairchuideachta i dteideal 75% den bhrabús atá ar fáil le dáileadh idir sealbhóirí cothromais i gcás go mbeidh foirceannadh ann.
- Tá faoiseamh grúpa ar fáil do chuideachtaí Éireannacha, faoi réir coinníollacha áirithe, maidir le caillteanais trádála a thabhaíonn a bhfochuideachtaí neamh-Éireannacha atá ina gcónaí i mballstáit an AE nó i stáit LEE a bhfuil conradh cánach dúbailte ag Éirinn leo.
Cé hiad na daoine ar féidir leo éileamh a dhéanamh?
- Do thréimhse chuntasaíochta ar bith is féidir le beirt bhall nó níos mó den ghrúpa éileamh a dhéanamh maidir le caillteanas/easnamh tríú ball den ghrúpa.
- Tabhair faoi deara nach féidir aon liúntais dúbailte a éileamh.
Conas a dhéantar faoiseamh a éileamh?
- Mar asbhaint i gcoinne brabús iomlán an éilitheora don tréimhse chuntasaíochta.
- Roimh laghdú le faoiseamh ar bith ón tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh agus tar éis laghdú le faoiseamh ar bith eile ó cháin (muirir ar ioncam san áireamh).
- Ní mór don chuideachta atá ag géilleadh toiliú i scríbhinn agus fógra a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim ina leith.
- Caithfear an t-éileamh a dhéanamh laistigh de dhá bhliain ó dheireadh thréimhse chuntasaíochta na cuideachta atá ag géilleadh lena mbaineann an t-éileamh.
- Cuirtear srian ar fhaoiseamh má táthar déanach ag seachadadh an tuairisceáin chánach.
- Tá foráil ann do chaillteanais na cuideachta atá ag géilleadh agus bhrabús na cuideachta atá ag éileamh a chionroinnt ar bhonn ama, mura dtiteann na tréimhsí cuntasaíochta ag an am céanna.
