Cáin Chorparáide

Gearrtar cáin chorparáide ar an mbrabús uile (ioncam agus gnóthachain), cibé áit a ghintear é, a bhíonn ag cuideachtaí atá ina gcónaí sa Stát, le roinnt eisceachtaí, agus ag cuideachtaí neamhchónaitheacha a théann i mbun trádála sa Stát trí bhrainse nó ghníomhaireacht.

Conas a Ghearrtar Cáin ar Chuideachta?

Íocann Cuideachtaí Cáin Chorparáide. Gearrtar an cháin seo ar bhrabús na cuideachta a thagann ó ioncam agus ó ghnóthachain inmhuirir araon. Déantar ioncam na cuideachta chun críocha cánach a ríomh de réir na rialacha maidir le Cáin Ioncaim. Déantar gnóthachain inmhuirir a ríomh de réir na rialacha maidir le Cáin Ghnóthachan Caipitiúla.

Céard é an ráta Cánach Corparáide?

Tá dhá ráta Cánach Corparáide ann:

  • 12.5% d'ioncam trádála ach amháin má thagann an t-ioncam ó thrádáil eiscthe* agus is é 25% an ráta sa chás sin.
  • 25% d’ioncam neamhthrádála (m.sh. ioncam infheistíochta, ioncam cíosa)

* Áirítear mar thrádáil eiscthe gníomhaíochtaí áirithe trádála talún, ioncam ó mhianraí oibríocha agus gníomhaíochtaí peitriliam

Conas a dhéanaim cinneadh faoi thrádáil mar Thrádálaí Aonair nó mar Chuideachta?

Beidh tionchar ag do chúinsí pearsanta féin ar cibé ar chóir duit oibriú i do chuideachta theoranta nó i do thrádálaí aonair. Chomh maith leis na saincheisteanna cánach, beidh ort roinnt ábhair phraiticiúla agus dhlíthiúla éagsúla a thógáil san áireamh agus cuideachta á bhunú agat agus ba chóir duit comhairle ghairmiúil a fháil faoi na nithe seo.

Lámhleabhair Cánach & Dleachtanna - Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil