Caillteanais

  • Ó tugadh isteach an tAcht Airgeadais 2001 ní féidir caillteanais trádála a fhritháireamh ach i gcoinne ioncam trádála don tréimhse chuntasaíochta chéanna agus don cheann díreach ina dhiaidh ar bhonn € ar €. Is féidir aon chaillteanas trádála gan úsáid a fhritháireamh i gcoinne ioncam neamhthrádála, gnóthachain inmhuirir san áireamh, ach ar bhonn luacha amháin.
  • Mar shampla, má tá caillteanas trádála gan úsáid de €100,000 ag cuideachta agus gnóthachan inmhuirir de €100,000 aici, is féidir leis an gcuideachta faoiseamh a fháil don chaillteanas ag ráta 12.5% i gcoinne an dliteanais ar an ngnóthachan inmhuirir. Is é €20,000 an cháin atá dlite ar an ngnóthachan inmhuirir agus is féidir leis an gcuideachta faoiseamh caillteanais de €12,500 a fháil ag fágáil glandliteanas de €7,500.
  • Is féidir caillteanais cuideachta ar shócmhainní talún neamhfhorbraíochta a fhritháireamh i gcoinne gnóthachain inmhuirir - seachas gnóthachain ó thalamh forbraíochta - na cuideachta sin amháin, sa tréimhse chuntasaíochta reatha agus is féidir an t-iarmhéid nach n-úsáidtear a thabhairt ar aghaidh. Is féidir caillteanais ó thalamh forbraíochta a dhiúscairt a fhritháireamh i gcoinne gnóthachain a thagann chun cinn ar shócmhainní eile áfach.

Leagan furasta le priontáil