Íocaíocht

Cáin Chorparáide a Íoc & Dualgais Chomhdaithe

Baineann an córas Féinmheasúnaithe 'Íoc agus Comhdaigh' le cuideachtaí. Is iad seo a leanas na dualgais atá ar chuideachta maidir le Cáin Chorparáide a íoc agus an tuairisceán a bhaineann léi a chomhdú:

  • A dliteanas réamhchánach a ríomh agus a íoc faoin dáta sonraithe (féach thíos).
  • A tuairisceán ioncaim a chomhdú (cuntais iniúchta san áireamh nuair is cuí) laistigh de naoi mí ó dheireadh na tréimhse chuntasaíochta. Má tá an dáta seo i ndiaidh an 21ú lá den naoú mí tugtar an dáta comhdaithe ar aghaidh go dtí an 21ú lá den naoú mí nó an 23ú lá do thuairisceáin a chomhdaítear go leictreonach (riail an 21ú/23ú lá).
  • Aon iarmhéid den cháin atá dlite a íoc nuair atá an tuairisceán á chur isteach .i. laistigh de naoi mí ó dheireadh na tréimhse chuntasaíochta, faoi réir riail an 21ú/23ú lá.

Ar Ais go Barr

Réamhcháin Chorparáide

  • Tá sé de dhualgas ar chuideachta an méid réamhchánach atá cuí don tréimhse chuntasaíochta a íoc leis an Ard-Bhailitheoir.
  • Ní mór go mbeadh méid iomlán na réamhchánach a íoctar comhionann le 90%, nó níos mó, de dhliteanas deiridh na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta.
  • Déantar foráil ar leith do chuideachtaí beaga nach bhfuil dliteanas níos mó ná €200,000 acu sa tréimhse inmhuirir roimhe sin - féach thíos * * *.

Ar Ais go Barr

*Cuideachtaí beaga

Is é atá i gceist le cuideachta bheag ná cuideachta nach bhfuil dliteanas Cánach Corparáide níos mó ná €200,000 aici sa tréimhse chuntasaíochta roimhe sin. Tá an rogha ag cuideachta mar sin a cuid réamhchánach a bhunú ar an dliteanas Cánach Corparáide chomhfhreagrach don tréimhse chuntasaíochta roimhe sin.

*Cuideachtaí Nua nó Nua-thionscanta

Ní bheidh ar chuideachtaí nua nó nua-thionscanta go bhfuil dliteanas Cánach Corparáide €200,000 nó níos lú acu dá gcéad tréimhse chuntasaíochta Réamhcháin a íoc maidir leis an chéad tréimhse chuntasaíochta sin. In ionad sin beidh orthu a ndliteanas Cánach Corparáide deiridh don tréimhse chuntasaíochta sin a íoc ag an am céanna is a mbeidh orthu a dtuairisceán Cánach Corparáide a chur isteach, .i. laistigh de naoi mí ó dheireadh na tréimhse chuntasaíochta, faoi réir riail an 21ú/23ú lá a ndéantar tagairt di thuas.

Ar Ais go Barr

Cathain a bhíonn Réamhcháin Chorparáide dlite?

  • Do chuideachtaí go bhfuil dliteanas cánach nach mó ná €200,000 acu (ina dtréimhse chuntasaíochta roimhe sin), tá réamhcháin iníoctha i dtráthchuid amháin 31 lá roimh dheireadh na tréimhse chuntasaíochta, faoi réir riail an 21ú/23ú lá a ndéantar tagairt di thuas.
  • Forálann an tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 do shocruithe athbhreithnithe maidir le réamhcháin á íoc ag cuideachtaí móra go bhfuil dliteanas cánach níos mó ná €200,000 acu (ina dtréimhse chuntasaíochta roimhe sin).
  • Déanann na socruithe nua foráil do chuideachtaí móra réamhcháin a íoc in dhá thráthchuid.
  • Beidh an chéad tráthchuid iníoctha sa 6ú mí den tréimhse chuntasaíochta (.i. 21ú/23ú Meitheamh do chuideachta a bhfuil cuntais bliana féilire aici) agus beidh an méid iníoctha mar 50% den dliteanas cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta roimhe sin nó mar 45% den dliteanas cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta reatha.
  • Beidh an dara tráthchuid iníoctha (mar a bhí cheana) sa 11ú mhí den tréimhse chuntasaíochta .i. 21ú/23ú Samhain do chuideachta a bhfuil cuntais bliana féilire aici) agus tabharfaidh an méid atá iníoctha iomlán na réamhchánach a íoctar go 90% den dliteanas cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta reatha.
  • Tagann na socruithe athbhreithnithe i bhfeidhm de ghnáth nuair atá an tréimhse chuntasaíochta níos faide ná 7 mí (do thréimhsí cuntasaíochta níos giorra, tá réamhcháin 90% den dliteanas cánach iníoctha i dtráthchuid amháin mar a bhí cheana)

*Cuideachtaí móra [cuideachtaí go bhfuil dliteanas Cánach Corparáide níos mó ná €200,000 acu sa bhliain roimhe seo].

Chun íoslaghdú a dhéanamh ar na muirir úis a thiocfadh chun cinn do chuideachtaí móra dá dtitfeadh a gcuid íocaíochtaí réamhchánach faoi 90%, ceadaítear leithdháileadh barúlach anois ar íocaíochtaí réamhchánach idir baill grúpaí chun measúnú a dhéanamh ar leorgacht na n-íocaíochtaí réamhchánach a dhéanann an grúpa ar mhaithe le muirir úis. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, nach mór don chuideachta atá ag éileamh 100% dá dliteanas Cánach Corparáide a íoc faoin spriocdháta dá tuairisceán a chomhdú le go gceadófaí a leithéid de chomhiomlánaithe. Ba chóir do chuideachta a theastaíonn uaithi leas a bhaint as forálacha na reachtaíochta seo an fhoirm seo a leanas a chomhlánú agus a chur isteach; pdfFoirm - Leithdháileadh barúlach íocaíochtaí Réamhchánach Corparáide de réir Alt 958 (11) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 (PDF, 142KB)

Iarmhéid na Cánach

Faoin gcóras 'Íoc & Comhdaigh' tá iarmhéid na cánach dlite iníoctha ag an am céanna is atá ar an gcuideachta a tuairisceán a chomhdú .i. laistigh de naoi mí ó dheireadh na tréimhse chuntasaíochta, faoi réir riail an 21ú/23ú lá a ndéantar tagairt di thuas.

Ar Ais go Barr

Tuairisceán Cánach Corparáide

Ar Ais go Barr

Tuairisceáin a cuirtear isteach go déanach

  • Má theipeann ar chuideachta tuairisceán a chur isteach in am, gearrfar formhuirear.
  • Is é atá san fhormhuirear ná 5% den cháin atá dlite (suas le huasmhéid de €12,695) i gcás tuairisceán a chuirtear isteach laistigh de 2 mhí ón spriocdháta do chomhdú an tuairisceáin, agus 10% den cháin atá dlite (suas le huasmhéid de €63,485) nuair a déantar an tuairisceán níos mó ná dhá mhí i ndiaidh an spriocdháta.
  • Sa bhreis ar an bhformhuirear, tá teorainneacha ar an úsáid a mbainfeadh an chuideachta as faoisimh agus liúntais áirithe sa chás nach ndéantar an tuairisceán a chur isteach in am.

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil