Taighde & Forbairt
- Tá creidmheas cánach 25% ann le haghaidh Taighde agus Forbairt incháilithe do
chuideachtaí a théann i mbun taighde agus forbartha inmheánaí incháilithe a dhéantar
laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
- D’fhéadfaí an creidmheas seo a chur i gcoinne dliteanas na cuideachta maidir le Cáin
Chorparáide.
- Tá an creidmheas cánach ar fáil ar bhonn grúpa i gcás grúpa cuideachtaí
- Féach ar fhoilseachán na gCoimisinéirí Ioncaim
Treoir na gCoimisinéirí
Ioncaim maidir le Creidmheas Cánach um Thaighde & Fhorbairt (PDF, 258KB)
chun tuilleadh faisnéise a fháil.
- Tá an Roinn Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta tar éis Rialacháin a dhéanamh chun treoir
mhionsonrach a sholáthar maidir leis na gníomhaíochtaí atá ina ngníomhaíochtaí Taighde agus
Forbartha chun críocha an chreidmheasa cánach.
-
Athruithe maidir le Taighde agus Forbairt 2009 mar a foráladh sa Bhille Airgeadais
(Uimh. 2) 2008
Leagan furasta le priontáil