Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT)

Léargas ginearálta

Baineann institiúidí airgeadais Éireannacha DIRT ó ús ar thaisce a íocadh nó a cuireadh chun sochair cuntais cónaitheoirí Éireannacha.

Folaíonn institiúidí airgeadais:

  • banc ceadúnaithe de chuid aon cheann de na ballstáit den Aontas Eorpach (AE)
  • cumann foirgníochta de chuid aon cheann de na ballstáit den AE
  • banc taisce iontaobhais
  • Banc Taisce Oifig an Phoist
  • agus
  • comhar creidmheasa.

Is cáin dliteanais deiridh í DIRT, rud a chiallaíonn go n-asbhaineann an institiúid airgeadais an cháin sula n-íocann tú an t-ús. Féadtar ráiteas a iarraidh ó do sholáthraí maidir leis an méid DIRT a d’asbhain siad. Is faoin institiúid airgeadais é cinneadh a dhéanamh an bhfuil an taisce faoi réir DIRT.

I gcúinsí áirithe, féadfaidh sé go mbeidh ort Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a íoc ar an ús a fuair tú. Ní bhaineann an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) le hús taisce.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ndearbhaítear DIRT?