Cáin Choinneála ar Ús Taisce
Caithfidh glacadóirí taiscí (m.sh. bainc, cumainn foirgníochta, Comhair Creidmheasa, Banc Coigiltis an Phoist, s.r.l.) cáin choinneála ar ús taisce ar an ráta 30% (ó 1 Eanáir 2012) a asbhaint ag an bhfoinse as ús a íoctar nó a chuirtear chun sochair ar thaiscí cónaitheoirí in Éirinn.
An Ráta do Cháin Choinneála ar Ús Taisce bhí ann
- 27% ó 1 Eanáir 2011 go dtí 31 Nollaig 2011
- 25% ó 8 Aibréan 2009 go 31 Nollaig 2010
- 23% ó 1 Eanáir 2009 go 7 Aibreán 2009 agus
- 20% ó 1 Eanáir 2002 go dtí 31 Nollaig 2008.
Ní bhaineann an cháin choinneála le
- Ús ar thaiscí ar le neamhchónaitheoirí go tairbhiúil iad,
- Taiscí cuideachtaí laistigh den mhuirear do cháin chorparáide,
- Taiscí Scéimeanna Aoisliúntais formheas ag na Coimisinéirí Ioncaim, agus
- Taiscí daoine atá i dteideal díolúine carthanachta ó cháin.
Tá cáin choinneála ar ús taisce ar an ráta 33% (ó 1 Eanáir 2012) íoctha ar ús tuillte ar taisce nuair nach féidir an ús a ríofa go bliantúil nó go minic agus ní féidir an ús a dearbhú go dtí go bhfuil sé íoctha.
An Ráta do Cháin Choinneála ar Ús Taisce a bhí ann
- 30% ó 1 Eanáir 2011 go dtí 31 Nollaig 2011
- 28% ó 8 Aibréan 2009 go 31 Nollaig 2010
- 26% ó 1 Eanáir 2008 go 7 Aibreán 2009 agus
- 23% ó 1 Eanáir 2002 go dtí 31 Nollaig 2008.
Is dliteanas deireanach do críche cánach ná cáin choinneála, .i. daoine a bhfuil cáin ioncaim inghearrtha orthu ar an ráta níos airde, glactar leis go bhfuil a ndliteanas do cháin glanta go hiomlán acu má íocann siad cáin choinneála ar an ráta caighdeánach. I gcúinsí áirithe, áfach, beidh daoine aonair faoi dhliteanas freisin ÁSPC a íoc i leith an ús taisce faighte.
Ní bhaineann an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) le hús ar taisce ar ar gearradh Cáin Choinneála ar Ús Taisce.
Aisíocaí Cáin Choinneála
Bfheidir go mbeidh daoine atá 65 bliana d'aois nó os a chionn nó atá buan-éagumasaithe i dteideal aisíoc cáin choinneála. Féach aisíocaí cáin choinneála. le haghaidh faisnéis níos mó. Le haghaidh foirmeacha maidir le cuntas díolmhaithe ó cháin choinneála, féach Foirmeacha le do thoil.
Lámhleabhair Cánach & Dleachtanna - Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise
