Mál & Ceadúnais
Rialaíonn réimeas máil an Aontais Eorpaigh táirgeadh, próiseáil agus coimeád táirgí inmháil a bhfuil dleacht ar fionraí dóibh, laistigh de gach Ballstát chomh maith le gluaiseacht idir-Aontais gach táirge inmháil. Tá trí chatagóir táirgí inmháil ann - olaí mianracha, alcól agus deochanna alcólacha, agus tobac monaraithe. Tá dleachtanna máil inmhuirir ar áitreabh nó ghníomhaíochtaí áirithe (m.sh. ar ghealltóireacht agus cheadúnais chun licéar a mhiondíol).
Lámhleabhair Cánach & Dleachta - Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise
Ceadúnú Máil
Tá fáilte romhat chuig an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Mháil. Is í an Oifig seo an lár-aonad riaracháin le haghaidh gach Ceadúnas Máil in Éirinn, ach amháin Ceantálaithe. Tá gach foirm, eolas agus ceangail maidir le Ceadúnú ar fáil sa chuid seo. Gheobhaidh tú teagmhálacha bainteacha chomh maith atá ag teastáil chun d'Iarratas ar Cheadúnas nó Athnuachan Ceadúnais a dhéanamh.
Clár na gCeadúnas Athnuaite
Clár na gCeadúnas Athnuaite @ 1 Bealtaine 2012 (MS Excel, 2.78MB)
Clár na gCeadúnas Athnuaite @ 1 Bealtaine 2012 (PDF, 9.53MB)
