Trádálaithe Ola Mianraí
Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag tabhairt tús áite do chláir agus do bhearta gnó atá dírithe go sonrach ar an trádáil mhídhleathach ar olaí mianracha a stopadh, agus tá
straitéis (PDF, 156KB) forbartha acu chun tabhairt faoin gceist.
Tacófar leis na Coimisinéirí Ioncaim san obair seo trí bhearta a bhaineann le ceadúnú trádálaithe a bhíonn i mbun Breosla do Ghluaisteáin agus Breosla Marcáilte a thrádáil. Cuimsítear na bearta sin san Acht Airgeadais 2012
. Mar chuid den Straitéis seo, tá na Coimisinéirí Ioncaim ag lorg marcóir ola níos éifeachtaí i gcomhpháirt le Coimisinéirí Ioncaim agus Custaim na Banríona sa Ríocht Aontaithe.
Riachtanais i leith Ceadúnas Nua
- Ní mór go mbeadh Ceadúnas do Thrádálaí Breosla Mharcáilte ag trádálaithe a tháirgeann, a shealbhaíonn, a thrádálann nó a sheachadann ola gháis mharcáilte nó ceirisín marcáilte. Tiocfaidh an riachtanas nua seo in éifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2012.
- Ní mór Ceadúnas do Thrádálaí Breosla do Ghluaisteáin a bheith ag trádálaithe a tháirgeann, a dhíolann, a sheachadann nó a thrádálann ola mhianrach (.i. ola hidreacarbóin, gás peitriliam leachtaithe agus breosla ionadach) le húsáid lena dó in inneall mótarfheithicle, in áitreabh ar bith nó ar áitreabh ar bith. Tiocfaidh an riachtanas nua seo in éifeacht ón 1 Iúil 2012.
- Ní mór an dá chineál ceadúnais a bheith ag trádálaithe a thrádálann i dtáirgí Breosla do Ghluaisteáin agus Breosla Marcáilte. Tá gá le Ceadúnas ar leith le haghaidh gach áitribh nó áite óna n-oibríonn trádálaí.
Tuairisceán Míosúil Nua maidir le Gluaiseachtaí Ola (ROM1)
Tabharfar Tuairisceán Míosúil Nua maidir le Gluaiseachtaí Ola (ROM1) isteach ón 1 Eanáir 2013. Beidh ar gach sealbhóir Ceadúnais ríomhchomhdú éigeantach a dhéanamh don tuairisceán. Áireofar iarmhéideanna stoic tosaigh agus deiridh agus sonraí ceannach agus díola gach táirge ola sa tuairisceán. Ní mór an tuairisceán a sheoladh isteach trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Video de ROM1 Tuairisceán do Mhiondíoltóirí Abait Amhrán
Video de ROM1 Tuairisceán Dáileoirí Ola Mianra
Foilsiú na sealbhóirí Ceadúnais ar láithreán Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim
Tá sonraí gach sealbhóra Ceadúnas Thrádálaí Breosla do Ghluaisteáin agus Ceadúnas Thradálaí Breosla Mharcáilte agus seoladh an ionaid nó an áitribh cheadúnaithe foilsithe ar ár láithreán Gréasáin ag Ceadúnú Máil.
Trádáil gan Cheadúnas
Ba cheart do thrádálaithe a bheith ar an eolas gur cion atá ann dul i mbun trádála gan cheadúnas agus go bhféadfadh gabháil táirgí, ionchúiseamh agus pionóis cúirte a bheith mar thoradh air.
Tuilleadh Eolais
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar na riachtanais cheadúnaithe agus tuairiscithe nua í sonraí teagmhála.
Márta 2013
