Straitéis na gCoimisinéirí Ioncaim don Troid in Aghaidh trádáil aindleathach Tabac (2011-2013)

Beidh sé ar cheann de phríomhstraitéisí na gCoimisinéirí Ioncaim do 2011-2013 "díriú orthu siúd nach bhfuil géilliúnach dá ndualgais faoi na rialacháin cánacha agus dleachta" agus dul i ngleic leo. Mar bhonn don straitéis seo, tá tosaíocht tugtha ag na Coimisinéirí do chláir gnó ar leith atá dírithe ar smugláil tabac [1] a stopadh.

Tá an trádáil aindleathach i dtáirgí tabac ar cheann de na bagairtí is mó atá ann do Státchiste na hÉireann. Cuireann sé isteach chomh maith ar bheartais an Rialtais in aghaidh tabac. Tá sé ar cheann de na príomhchuspóirí atá ag na Coimisinéirí daoine a chosc ó tháirgí tabac a smugláil isteach sa tír agus an méid contrabhanna atá ar fáil ar mhargadh na hÉireann a laghdú. Díspreagadh a bheith anseo do ghníomhaíocht choiriúil, cosnóidh sé gnó agus fostaíocht dhlisteanach, méadóidh sé cáin agus dleacht do Státchiste na hÉirann agus laghdóigh sé an bhagairt sláinte ó thoitíní aindleathacha.

Is fadhb idirnáisiúnta í an trádáil aindleathach i dtoitíní agus, mar sin, ní féidir le tíortha dul i ngleic leis na dúshláin a ghabhann léi gan aird ar an gcomhthéacs domhanda. Cé go bhfuil sé deacair in aon tír scála na trádála aindleathaí a thomhas, is é an buille faoi thuairim atá ann ná go raibh toitíní aindleathacha cothrom le timpeall 14% de na toitíní uile a caitheadh sa Stát i 2009, bunaithe ar shuirbhé neamhspleách a rinneadh do na Coimisinéirí Ioncaim agus don Oifig um Rialú Tabac. Is ionnan seo agus caillteanas ionchasach de €200 milliún i ndleacht máil do Státchiste na hÉireann.

Tá cláir éagsúla in úsáid ag na Coimisinéirí Ioncaim le dul i ngleic leis an trádáil aindleathach i dtabac. Dírítear sna cláir seo ar oibriúcháin teorann agus intíre agus ar shlabhraí dáileacháin inmheánacha, agus áiritear ina measc tograí frithsmuglála, bailiú faisnéise agus anailís, fiosrúchán agus iomchúiseamh. Tá cumhdach níos fearr ar rioscaí, díriú níos mó ar smugláil tabac agus ionchúiseamh na ndaoine atá rannpháirteach in aon ghné den trádáil aindleathach tabac i measc na spriocanna atá ag na Coimisinéirí. Tá na cláir seo deartha le comhlánú a dhéanamh ar a chéile, agus díriú ar sholáthar agus ar éileamh an mhargaidh do thabac contrabhanna in Éírinn.

Straitéis inghnéitheach atá ag na Coimisinéirí Ioncaim chun dul i ngleic leis an trádáil aindleathach seo agus leagtar amach í thíos faoi chinnteidil éagsúla straitéiseacha.

[1] Áirítear toitíní, todóga, tabac mínghearrtha le toitíní a rolladh agus tabac eile le caitheamh mar atá sainmhínithe in Alt 71 den Acht Airgeadais 2005 mar tháirgí tabac.

Straitéis 1 - Géilliúntas na Trádála Dleathaí a Chothabháil

Gníomhaíochtaí Straitéiseacha

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim bearta i bhfeidhm le cinntiú go mbeidh an trádáil dhleathach géilliúil.

  • Déanfar na hacmhainní atá á dtarmligean a bharrfheabhsú le dul i ngleic leis an trádáil mhídhleathach
  • Feabhsófar an chumarsáid, agus bailiú faisnéise, ó thrádálaithe dleathach.
  • Déanfar faireachas dlúth ar fhigiúirí bailiú dleacht máil le haghaidh toitíní agus táirgí tabac eile.
  • Méadófar cuairteanna ar mhiondíoltóirí spriocdhirithe le figiúirí díolacháin a dheimhniú agus dleathacht na dtáirgí tabac atá ar díol a thástáil.

Straitéis 2 - Idirghabhálacha Níos Éifeachtúla agus níos Feiceálaí

Gníomhaíochtaí Straitéiseacha

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim idirghabhálacha níos éifeachtúla agus níos feiceálaí a sheachadadh trína gcumas a bhreisiú agus úsáid níos fearr a bhaint as a gcuid acmhainní.

  • Déanfar na hacmhainní atá á dtarmligean a bharrfheabhsú le dul i ngleic leis an trádáil mhídhleathach.
  • Beidh éifeachtúlacht na bpróiseas braitheadóireachta agus na teicneolaíochta á n-athbhreithniú go leanúnach le barrfheabhas a chur ar an bhfeidhmíocht.
  • Cuirfear feabhas ar úsáid próifiliú agus faisnéise, agus méadófar iad, agus cuirfear na moltaí comhaontaithe ó chomhdháil próifíliú 2010 i bhfeidhm.
  • Méadófar líon na ngníomhaíochtaí intíre agus teorann, lena n-áirítear oibríochtaí tobanna náisiúnta agus réigiúnacha, le gabhálacha táirgí aindleathacha tabac agus sócmhainní ar nós airgead tirim agus modhanna iompair a ghabhann leo a mhéadú.
  • Méadófar úsáid na hanailitice agus anailís treochtaí le nádúr agus minicíocht na n-idirghabhálacha a threorú.
  • Méadófar úsáid mheasúnuithe mar uirlis forfheidhme.

Straitéis 3 - Méadú ar Chomhoibriú

Gníomhaíochtaí Straitéiseacha

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim tuilleadh forbartha ar chomhoibriú agus ar chomhroinnt faisnéise ar leibhéal eagrúcháin, náisiúnta agus idirnáisiúnta

  • Ag an leibhéal Eagrúcháin: Déanfar tuillleadh forbartha ar an gcomhoibriú idir Réigiúin agus Rannóga, agus bainfear an úsáid is mó as solúbthacht ó thaobh baill foirne a tharmligean ar ghníomhaíochtaí rialaithe agus forfheidhmithe.
  • Ag an Leibhéal Náisiúnta: Déanfear tuilleadh forbartha ar an gcomhoibriú leo seo a leanas:
    • Gníomhaireachtaí eile Stáit, lena n-áirítear An Biúró um Shócmhainní Coiriúla, An Garda Síochána, an Roinn Coimirce Sóisialaí agus an Oifig um Rialú Tabac.
    • Comhluchtaí trádála, lena n-áirítear Coiste Comhairleach Déantúsóirí Tabac na hÉireann agus RGDATA.
    • Aerlínte/cuideachtaí loigseoireachta/iompair, údaráis calafoirt agus aerfoirt, agus a ngníomhairí.
  • Ag an leibhéal idirnáisiúna: Déanfar caidreamh láidir a chothabháil le Gníomhaireacht Frith-Chalaois na hEorpa (OLAF) agus Riaracháin Chánach agus Chustaim eile, agus leanfar ag tacú le clár oibre an Chreat-Choinbhinsiúd um Rialú Tabac (FCTC) agus ag imirt tionchair air.

Straitéis 4 - Méadú ar Ionchúisimh

Gníomhaíochtaí Straitéiseacha

Tá na Coimisinéirí Ioncaim tiomnaithe do gach cás tromchúiseach d'iomghabháil cánach tabac a ionchúiseamh.

  • Méadófar líon na n-ionchúiseamh achoimreach a thógfar agus líon na gcás iondíotáilte a atreorófar chuig Stiúrthóir na nIonchúiseach Poiblí le hionchúiseamh.
  • Déanfar bearta sainaitheanta níos éifeachtúla a athbhreithniú agus cuirfear ar bun iad le díriú ar na cásanna a bheidh oiriúnach le haghaidh ionchúisimh.

Straitéis 5 - An tÉileamh ar Thabac Contrabhannach a Laghdú

Gníomhaíochtaí Straitéiseacha

Beidh na Coimisinéirí ioncaim, i bpáirt le gníomhaireachtaí eile Rialtais, ag díriú ar an éileamh ar thabac contrabhannach a laghdú.

  • Faisnéis a thabhairt don phobal ar ghnéithe diúltacha chontrabhanna, .i. cailliúint cánach, coiriúlacht agus méadú ar rioscaí sláinte.
  • Barrfheabhsú a dhéanamh ar chlúdach na meán ar ionchúisimh, ar ghabhálacha móra agus ar thograí forfheidhmithe.

Mar a dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an straitéis seo a sheachadadh agus a mheasúnú

Forfheidhmeoidh na Coimisinéirí Ioncaim an straitéis seo trí phleananna bliantúla gníomhaíochta corparáideacha a fhorbairt agus a chur i ngníomh. Leanfaidh an Bord agus an Coiste Comhairleach Bainistíochta ar aghaidh mar phríomhtiomsóirí ag an leibhéal corparáideach. Soláthróidh an Feihmeannacht Bainistíocht Ghnó na gCoimisinéirí Ioncaim (BMEX) cinnireacht agus treoir do sheachadadh na straitéisí seo ag an leibhéal oibriúcháin. Beidh sé freagrach chomh maith as measúnú a dhéanamh ar fhorfheidhmioú na Réigiún/Rannóga oibriúcháin i seachadadh na straitéise seo trí phleananna bliantúla corparáideacha. Cé go mbeidh ról tábhachtach ag Roinn Fiosrúcháin agus Iomchúisithe na gCoimisinéirí Ioncaim, mar úinéir gnó an bheartas forfheidhmiúcháin, i gcur i gcrích na bpleananna bliantúla, beidh gach Rúnaí Cúnta Réigiúnach/Rannógach freagrach as forfheidhmiú na bpleananna sa Réigiún/Rannóg agus as tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn, torthaí srl, chuig an BMEX.

Tabharfaidh na Coimisinéirí Cánach tacaíocht chuí do na príomhstraitéisí atá imlínithe sa cháipéis seo. Tomhasfaidh na Coimisinéirí Cánach aschuir agus torthaí na straitéisí éagsúla lena n-éifeachtúlacht a dheimhniú agus bonn a sholáthar le coigeartú leanúnach a dhéanamh ar na straitéisí seo. Déanfar réimse na trádála i dtabac aindleathach a mheas agus déanfar athruithe sa trádáil seo a rianú thar am d'fhonn tomhais ar fhorfheidhmiú a bheidh bunaithe ar aschur a sholáthar. Déanfar líon na ngníomhaíochtaí, a dtorthaí agus a n-éifeachtúlacht agus a n-éifeachtacht a thomhas agus a mheasúnú. Beidh líon na n-ionchúiseamh ina bpríomhtháscaire ar fheidhmíocht i gcónaí. Tomhasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim costas agus éifeachtúlacht na n-acmhainní a leithdháilfear i gcoinne bhagairt smugláil tabac, le tarmligean barrfheabhsaithe agus éifeachtúlacht uasmhéadaithe a chinntiú.



Meitheamh 2011


Leagan furasta le priontáil