Aisíocaíochtaí Tobhach Ioncaim
Fhostaithe/Phinsinéirí PAYE
Tháinig an Tobhach Ioncaim in éifeacht ar 1 Eanáir 2009 agus tá sé iníoctha ar ollioncam, lena n-áirítear pá barúlach, roimh fhaoiseamh ar bith ar liúntais chaipitil, caillteanais, nó ranníocaíochtaí pinsin.
Asbhaineann fostóirí an Tobhach Ioncaim ó gach íocaíocht a dhéanann siad lena bhfostaithe. I gcásanna áirithe is féidir go bhfuil ró-íocaíocht Tobhach Ioncaim déanta ag fostaí i rith na bliana agus dá bhrí sin is féidir go mbeadh aisíocaíocht dlite dóibh. Ag deireadh na bliana is féidir le fostaithe iarratas ar aon aisíocaíocht atá dlite a chur isteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Tá siad seo a leanas díolmhaithe ón Tobhach Ioncaim:
- Daoine aonair a bhfuil lánchártaí leighis acu (ní 'lánchárta' leighis é cárta leighis do sheirbhís dochtúir teaghlaigh)
- Daoine aonair nach mó a n-ioncam bliantúil ná €15,028
- Daoine aonair darb aois 65 nó níos sine nach mó a n-ioncam bliantúil ná €20,000
- Lánúineacha pósta a bhfuil ar a laghad duine díobh 65 nó os a chionn agus nach mó a gcomhioncam bliantúil ná €40,000
Tá gach íocaíocht Leasa Shóisialaigh díolmhaithe ón tobhach ioncaim freisin.
Conas éileamh a dhéanamh
Má rinne tú ró-íocaíocht Tobhach Ioncaim is féidir leat iarratas ar aisíocaíocht a chur isteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim-Comhlánaigh an
Fhoirm Éilimh um Aisíocaíocht ar an Tobhach Ioncaim PDF, 186KB) agus cuir isteach í chuig d’oifig cánach áitiúil.
D’éileamh a chur isteach
Is cóir go mbeadh Deimhniú Tobhach Ioncaim faighte agat ó d'fhostóir(í) / do sholáthróir(í) pinsin
- ag deireadh na bliana, nó
- ar an dáta a chríochnaigh tú fostaíocht i gcás gur scoir tú as fostaíocht i rith na bliana.
Nóta: Beidh na sonraí ar an deimhniú seo de dhíth ort chun d’iarratas a chomhlánú. Ná húsáid na sonraí ar d’fhoirm P60 nó P45 chun d’iarratas a chomhlánú. I gcás go raibh níos mó ná fostóir/soláthróir pinsin amháin agat sa bhliain cuir na figiúirí ó gach deimhniú Tobhach Ioncaim le chéile chun d’iarratas a chomhlánú.
Ceisteanna Coitianta
Tá tuilleadh eolais maidir leis an Tobhach Ioncaim ar fáil in
Ceisteanna Coitianta maidir lena gCoimisinéirí Ioncaim (PDF, 450KB)
Fiosruithe
Is cóir fiosruithe maidir leis an Tobhach Ioncaim a chur chuig d'oifig cánach áitiúil.
