Sochar Comhchineáil
Is féidir cáin a ghearradh ar shochair chomhchineáil, ar nós úsáid phríobháideach a bhaint as carr cuideachta, cóiríocht saor in aisce nó cóiríocht fóirdheontais agus iasachtaí fabhracha, a fhaigheann fostaí ó fhostóir, áit a bhfuil luach saothair iomlán (sochair chomhchineáil san áireamh) an fhostaí mar €1,905 nó níos mó sa bhliain chánach, ach baineann roinnt eisceachtaí leis seo.
Má tá an fostaí a fhaigheann a leithéid de shochair ina stiúrthóir ar an gcuideachta atá i gceist, is féidir cáin a ghearradh ar na sochair gan aird ar leibhéal an luacha saothair. Baineann an dliteanas cánach le sochair a sholáthraíonn fostóir do bhall nó bhaill teaghlaigh an fhostaí chomh maith.
Sa bhreis ar sin, tá cáin inmhuirir ar fhostaithe agus stiúrthóirí maidir le 'peorcaisí' óna gcuid fostaíochta, is é sin ná, luach saothair nach bhfuil i bhfoirm airgid ar féidir a aistriú go hairgead nó luach an airgid, mar shampla dearbháin i bhfoirmeacha éagsúla, síntiúis le clubanna agus préimheanna árachais liachta a íoc ar son an fhostaí.
Chun faisnéis bhreise a fháil:
