Creidmheas Cánach na nDall

Ar Ais go Barr

Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?

Duine aonair atá dall ag am ar bith le linn na bliana cánach. Déantar an creidmheas cánach a dhúbailt má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shinhialta agus má tá an bheirt agaibh dall. Tabhair faoi deara, nach bhfuil an creidmheas cánach dlite maidir le páistí a mheastar a bheith dall. I gcásanna den sórt sin is féidir creidmheas cánach do Leanbh faoi Éagumas a éileamh.

Ar Ais go Barr

Coinníollacha Cáilithe

Caithfidh lagamharc a bheith ag dul don duine sa mhéid agus:

  • Nach sáraíonn an Ghéire amhairc lárnach 6/60 sa tsúil is fearr le lionsaí ceartúcháin nó
  • Go n-iompraíonn an trastomhas is leithne an réimse amhairc uillinn nach mó ná 20 céim.

Ar Ais go Barr

Faoiseamh Dlite

Féach na cairteacha.

Madraí Treorach: Tá liúntas breise dlite nuair atá madra treorach oilte ag an duine dall. Caithfidh litir a bheith ag an éilitheoir ó Chumann na hÉireann um Madraí Treorach a dhearbhaíonn úinéireacht chláraithe. Ní gá an litir seo a sheoladh leis an éileamh. Ós rud é go bhféadfaí an t-éileamh seo a roghnú le haghaidh iniúchta sa todhchaí, tá sé riachtanach go gcoinníonn an t-éilitheoir na doiciméid uile a bhaineann leis an éileamh seo ar feadh tréimhse 6 bliana.

Liúntas Madra Treorach.

Ar Ais go Barr

Na Doiciméid atá ag Teastáil

pdfFoirm Éilimh maidir le Creidmheas Cánach na nDall & Liúntas do Mhadra Treorach (PDF, 124KB) (Íoslódáil agus comhlánaigh ar scáileán).

Ba chóir go mbeadh teastas ag an éilitheoir (ach ní gá é a sheoladh leis an éileamh) ó Mháinlia Oftalmach a dhearbhaíonn:

  • Céim na Daille
  • Cé acu an bhfuil sí buan nó sealadach.

Ní leor teastas ó radharceolaí ná ó dhochtúir.

An áit ar chóir an t-éileamh a sheoladh

Bain úsáid as d’uimhir PSP chun seoladh poist oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a fháil inár Aimsitheoir Sonraí Teagmhála.

Ar Ais go Barr

Aisíocaíochtaí CBL ar Threalamh

Is féidir le duine aonair éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht CBL na hÉireann a íocadh chun áiseanna agus gairis áirithe a cheannach nó a allmhairiú, arna ndearadh chun cuidiú le duine dall déileáil le feidhmeanna laethúla, m.sh. Trealamh ríomhaire arna chur in oiriúint go speisialta, leabhair Braille, trealamh scríofa Braille, srl.

Conas aisíocaíocht CBL a éileamh

Déan teagmháil leis an Rannóg um Aisíocaíochtaí CBL (Neamhchláraithe),

bPríomh-Oifig Aisíocaíochtaí,
M: Foirgneamh TEK II,
Bóthar Ard Mhacha,
Muineachán.

Teileafón: 047 62100, Ríomhphoist: cromon@revenue.ie

Ar Ais go Barr

Ábhar Tagartha

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil