Creidmheas Cánach do Chúramóirí Baile

Ar Ais go Barr

Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?

Lánúin i bpósadh nó i bpáirtnéireacht shibhialta agus is Cúramóir Baile duine amháin acu a thugann cúram do dhuine cleithiúnach/dhaoine cleithiúnacha.

Ar Ais go Barr

Coinníollacha Cáilithe

  1. Lánúini bpósadh nó i bpáirtnéireacht shibhialta - ní mór iad a mheas ar bhonn comhpháirteach - níl feidhm aigenuair a ghearrtar cáin ar na lánúineachta mar dhaoine singil.
  2. Ní mór go mbeadh cleithiúnach amháin ar a laghad faoi chúram ag an gCúramóir Baile
  3. Ní féidir le hioncam an Chúramóra €5,080 a shárú don bhliain chánach.

Tabhair faoi deara: Ní chuirtear Liúntas do Chúramóirí ón Roinn Coimirce Sóisialaí san áireamh agus sriantacht á meas, ach is foinse ioncaim inchánach é.

Ar Ais go Barr

Duine cleithiúnach:

  1. Ní céile nó páirtnéir sibhialta é nó í
  2. Is leanbh é/í a bhfuil Sochar Linbh ón Roinn Coimirce Sóisialaí iníoctha dó
  3. Is duine é/í a bhfuil 65 bliain ar a laghad slánaithe aige
  4. Is duine é/í atá éagumasaithe go buan mar thoradh ar mhíchumas intinne nó fisiciúil.

Tabhair faoi deara: Ba cheart go mbeadh gnáthchónaí ar an duine cleithiúnach leis an lánúin, nó más gaolta iad ba cheart go mbeadh cónaí orthu

  1. sa teach béal dorais
  2. ar an talamh céanna
  3. i bhfoisceacht 2 chiliméadar den éilitheoir.

Ar Ais go Barr

Faoiseamh Dlite

Féach na cairteacha chun sonraí a fháil.

Tá creidmheas cánach iomlán dlite má tá ioncam an Chúramóra Baile níos lú ná €5,080. Má tá ioncam idir €5,080 agus €6700 i gceist, bronntar faoiseamh laghdaithe (féach Bileog IT 66 Creidmheas Cánach do Chúramóirí Baile chun é a ríomh).

Sa chás go n-éilítear an creidmheas cánach seo níl an lánúin i dteideal Banda  Ráta Chaighdeánaigh méadaithe, a thugtar de ghnáth do lánúineacha i bpósadh nó bpáirtnéireacht shibhialta nuair atá an bheirt chéile nó páirtnéirí sibhialta ag fáil ioncaim. Má tá ioncam ag céile nó páirtnéirí sibhialta amháin nó má chlúdaíonn Banda  Ráta Chaighdeánaigh méadaithe comhioncam an bheirt chéile nó páirtnéirí sibhialta, ní bhaineann an cheist seo leo. Mura bhfuil an cás amhlaidh, áfach, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé cóireáil is fearr don éilitheoir.

Ar Ais go Barr

Ábhar Tagartha

Is féidir an creidmheas a éileamh ach úsáid a bhaint as ÍMAT aon tráth aon lá.

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil