Creidmheas Cánach maidir le leanbh faoi éagumas

Ar Ais go Barr

Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?

Is féidir creidmheas cánach a éileamh má chruthaíonn éilitheoir go raibh leanbh ag maireachtáil leis nó léi ag aon am i rith na bliana cánach atá faoi éagumas buan fisiciúil nó intinne agus nach bhfuil in ann é féin a chothú.

Ar Ais go Barr

Coinníollacha Cáilithe

  • Ní mór go raibh an leanbh faoi éagumas sula shroich sé/sí 21 bliain nó
  • má tá sé/sí os cionn 21 bliain gur tharla an t-éagumas le linn dó/di a bheith in oideachas nó in oiliúint lánaimseartha i gcomhair ceirde nó gairme le 2 bhliain ar a laghad.

Ar Ais go Barr

Faoiseamh Dlite

Féach na cairteacha.

Ní bhaineann aon srian ar ioncam ó 6/4/2001 i leith.

I gcás blianta roimhe bhí srian ar an liúntas má sháraigh ioncam an linbh €2,100 ina cheart féin ar 6 Aibreán sa bhliain chánach.

Ar Ais go Barr

Na Doiciméid atá ag Teastáil

Teastaíonn an fhaisnéis seo a leanas:

  • pdfFoirm éileamh chomhlánaithe (PDF, 232 KB)
  • Ainm an linbh
  • Dáta breithe
  • An t-éagumas
  • Sonraí faoi ioncam an linbh (níl gá leis seo ó 2001 i leith)
  • *Teastas dochtúra i gcúinsí áirithe.

*(ní theastaíonn sé seo ach amháin nuair a dhéantar an chéad éileamh áit nach léir gur éagumas trom nó buan atá i gceist)

Ar Ais go Barr

An áit ar chóir an t-éileamh a sheoladh

Bain úsáid as d’uimhir PSP chun seoladh poist d'oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a fháil inár Aimsitheoir Sonraí Teagmhála.

Is féidir an creidmheas seo a éileamh agus ÍMAT aon tráth aon lá á úsáid.

Ar Ais go Barr

Ábhar Tagartha

Ar Ais go Barr

Faisnéis Bhreise

Leanbh folaíonn sé aon leanbh ar bith a bhfuil:

  • níos óige ná 18 mbliana d’aois agus atá buan-éagumasaithe ar bhonn fisiciúil nó meabhrach,
  • má tá an leanbh níos sine ná 18 mbliana d’aois ag tús na bliana cánach agus buan-éagumasaithe ar bhonn fisiciúil nó meabhrach agus nach bhfuil sé nó sí in ann é nó í féin a chothabháil agus go raibh sé nó sí buan-éagumasaithe amhlaidh sular bhain sé nó sí 21 bhliain d’aois amach,
  • leanbh a bhí buan éagumasaithe amhlaidh tar éis 21 bhliain a bhaint amach, ach le linn dó nó dí a bheith i mbun oideachais lánainmseartha ag ollscoil,coláiste,scoil nó ionad oideachais ar bith eile, nó le linn do nó dí a bheith i mbun oiloúna lánaimseartha i gcomhair ceirdr nó gairme ar feadh dhá dhliain ar a laghad,
  • aon leanbh atá faoi chúram an éiliteoir agus a chothaíonn an t-éilteoir as a phóca féin agus atá faoi bhuan éagumas.

Má tá níos mó ná leanbh amháin faoi bhuan-éagumas, is féidir creidmheas cánach a éileamh do gach leanbh.

Léirítear méid an chreidmheasa cánach is féidir a éileamh i mBileog IT 1 - Creidmheasanna Cánach, Faoisimh agus Rátaí.

Ní mheastar go bhfuil an leanbh faoi éagumas buan sa chás gur féidir an t-éagumas a cheartú, a chóireáil nó más féidir faoiseamh a thabhairt dó trí aon chóireáil, ghléas, leigheas nó teiripe. Luaitear mar shampla diaibéiteas, atáthar in ann a chóireáil le hinslin, galair chéiliacha, lagú éisteachta is féidir a cheartú le háis éisteachta srl.

Sa chás go bhfuil níos mó ná leanbh amháin faoi éagumas, is féidir creidmheas cánach a éileamh do gach leanbh.

Sa chás nach sásaíonn leanbh gach coinníoll ó thaobh an chreidmheasa cánach de is féidir leis an éilitheoir Creidmheas Cánach maidir le Gaol Cleithiúnach a éileamh.

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil