Creidmheasanna Cánach

Tá tú i dteideal creidmheasanna cánach ag brath ar do chúinsí pearsanta, m.sh. creidmheas cánach an duine pósta nó an pháirtnéara shibhialta, creidmheas cánach an fhostaí (ÍMAT), srl. Baintear úsáid as na creidmheasanna cánach seo chun an cháin a ríomhtar ar do phá comhlán a laghdú. Ní féidir aisíocaíochtaí a thabhairt ar chreidmheasanna cánach. Tugtar aon chreidmheasanna cánach nach n-úsáidtear i seachtain nó mí pá ar aghaidh go dtí an tréimhse/na tréimhsí pá ina dhiaidh laistigh den bhliain chánach sin áfach.

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil