Creidmheas Cánach do Theaghlach Aontuismitheora
- Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?
- Coinníollacha Cáilithe
- Faoiseamh Dlite
- Na Doiciméid atá ag Teastáil
- An áit ar chóir an t-éileamh a sheoladh
- Ábhar Tagartha
- Faisnéis Bhreise
Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?
Duine (cibé más baintreach, baintreach fir, duine singil, colscartha, scartha atá i gceist) a bhfuil leanbh cleithiúnach ina chónaí leis nó léi thar oíche don bhliain chánach ar fad nó do chuid di.
Coinníollacha Cáilithe
- Ní féidir leis an duine a bheith i dteideal an Chreidmheasa Cánach do Dhaoine Pósta a fháil.
- Níl éilitheoir atá ina chónaí le duine eile mar fhear agus mar bhean chéile incháilithe.
Faoiseamh Dlite
Féach na cairteacha le haghaidh:
I gcás 2001 ar aghaidh - Teorainn ioncaim ar bith
Na Doiciméid atá ag Teastáil
Foirm OP1 - Éileamh ar Chreidmheas Cánach do Theaghlach Aontuismitheora (PDF, 129KB)
nó
Ba chóir sonraí ar an bhfoirm OP1 a chur san éileamh scríofa.
An áit ar chóir an t-éileamh a sheoladh
Bain úsáid as d’uimhir PSP chun seoladh poist d'oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a fháil inár Aimsitheoir Sonraí Teagmhála.
Ábhar Tagartha
- Bileog Eolais IT 9 - Creidmheas Cánach do Theaghlach Aontuismitheora
- Alt 462 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997
Faisnéis Bhreise
- Tá an creidmheas cánach seasta - is cuma cén mhéid leanaí atá i gceist.
- Ní dhéantar an creidmheas cánach a chionroinnt idir éilitheoirí. Faigheann gach tuismitheoir an creidmheas cánach iomlán sa chás go gcónaíonn an leanbh leis an mbeirt thuismitheoirí do chuid den bhliain chánach ar a laghad.
- Leanbh - Áirítear le leanbh leasleanbh, leanbh a uchtaíodh go neamhfhoirmiúil nó leanbh ar bith atá faoi chúram an éilitheora agus a chothaíonn an t-éilitheoir as a phóca féin.
- Leanbh Cleithiúnach - Leanbh faoi 18 mbliana d’aois nó Leanbh os cionn 18 mbliana d’aois sa chás go bhfuil sé nó sí in oideachas lánaimseartha nó faoi éagumas buan.
