Creidmheas Cánach maidir le Cíos

Ar Ais go Barr

Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?

Duine aonair atá ag íoc as cóiríocht phríobháideach ar cíos atá in úsáid aige nó aici mar phríomháit, nó mar an t-aon áit, chónaithe.

Eisiaimh

Cíos a íoctar le tionóntachtaí na nÚdarás Áitiúil, an Airm srl.

Ar Ais go Barr

Faoiseamh Dlite

Os cionn 55 - Duine singil, Baintreacha nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach, I bPósadh nó i bPáirtnéireacht Shibhialta - Féach cairteacha.

Faoi 55 - Duine singil, Baintreacha/Páirtnéir Sibhialta Marthanach, I bPósadh nó i bPáirtnéireacht Shibhialta - Féach cairteacha.

Ar Ais go Barr

Na Doiciméid atá ag Teastáil

An áit ar chóir an t-éileamh a sheoladh

Bain úsáid as d’uimhir PSP chun seoladh poist d'oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a fháil inár Aimsitheoir Sonraí Teagmhála.

Ábhar Tagartha

Alt 473 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997

Faisnéis Bhreise

Tá faoiseamh ceadaithe freisin do chíos iníoctha i gcomhair áitreabh lasmuigh den Stát (ní bhaineann teorainn Chríche)

Ar Ais go Barr

Faoiseamh Ús Morgáiste

Má tá morgáiste agat agus má fhaigheann tú Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse ba chóir duit é a chur in iúl láithreach d’Oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim mar go mb’fhéidir nach mbeidh tú i dteideal Faoiseamh Cíosa a fháil níos mó agus go gcaithfear do Theastas Creidmheasanna Cánach a athrú.

Ar Ais go Barr

An ceadmhach an Creidmheas Cánach Cíosa a éileamh sa chás go bhfuil an Tionónta ina c(h)ónaí lena t(h)uismitheoirí?

Má tá Faoiseamh Cíosa á éileamh maidir leis an cíos atá á íoc ag leanbh lena t(h)uismitheoir, ní bheidh an tuismitheoir i dteideal díolúine Sheomra-ar Cíos a fháil agus beidh air nó uirthi a insint do na Coimisinéirí Ioncaim faoin ioncam cíosa sin . Féach IT 70 - Treoir na gCoimisinéirí Ioncaim ar Ioncam Cíosa chun tuilleadh eolais a fháil ar fhaoiseamh seomraí ar cíos.

Ar Ais go Barr

Tiarnaí Talún Neamhchónaitheacha

Áit a n-íoctar cíos le tiarna talún nach bhfuil cónaitheach sa Stát, d’fhéadfadh dualgais áirithe a bheith ar an tionónta. Má tá gníomhaire sa Stát ag an tiarna talún a n-íoctar an cíos leis, sa chás sin ní bhaineann aon dualgais. Má íoctar cíos go díreach leis an tiarna talún (clúdaíonn seo íocaíocht dhíreach i gcuntas bainc an tiarna talún) ní mór na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur i gcrích. Caithfidh an tionónta 20% den chíos dlite a bhaint ón méid a íoctar leis an tiarna talún. Caithfear an 20% seo a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Ba cheart dul i dteagmháil leis an oifig áitiúil de na Coimisinéirí Ioncaim chun na socruithe cuí a dhéanamh chun an muirear seo a bhailiú. Ní mór an 80% a fhágtar a íoc leis an tiarna talún. Ag deireadh na bliana ba chóir don tionónta pdfFoirm R185 - Deimhniú ar Cháin Ioncaim Asbhainte (PDF, 237KB) comhlánaithe a thabhairt don tiarna talún. Tugann an fhoirm seo sonraí faoi mhéid an chíosa a íocadh leis na Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir leis an tiarna talún an méid seo a éileamh ar a dTuairisceán Cánach bliantúil.

Blianta cánacha 2011 go dtí 2017, agus an dá bhliain sin san áireamh.

Aistarraingeofar creidmheas ar chíos íoctha ar bhunús céimithe sna 7 mbliana seo romhainn. Chun an t-uasmhéid creidmheasa a bheidh dlite a fheiceáil, féach an Bhileog um Cháin Ioncaim IT1 .

Baineann an creidmheas do na blianta 2011 ar aghaidh le daoine aonair a bhí ag íoc cíosa ar réadmhaoin an 7 Nollaig 2010. Níl aon chreidmheas dlite do dhaoine a thosaigh ag íoc cíosa tar éis an 7 Nollaig 2010.

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil