Creidmheasanna Cánach do Thuismitheoir ar Baintreach/ Baintreach Fir é/í
- Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?
- Coinníollacha Cáilithe
- Faoiseamh Dlite
- An áit ar chóir an t-éileamh a sheoladh
- Ábhar Tagartha
Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?
Tuismitheoir ar baintreach / baintreach fir é/í le leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó tar éis bás céile.
Coinníollacha Cáilithe
- Níor cheart go mbeadh duine ar baintreach/baintreach fir é/í a bheith athphósta roimh thús na bliana cánach.
- Ba cheart go mbeadh an leanbh cáilitheach ina c(h)ónaí leis an duine ar feadh na bliana cánach ar fad nó cuid de.
- Tugtar creidmheas cánach amháin - is cuma cén mhéid leanaí atá i gceist.
- Níl an creidmheas cánach dlite d’éilitheoir atá ina chónaí le duine eile mar chéilí incháilithe.
- Níl creidmheas cánach dlite i mbliain an mhéala.
Faoiseamh Dlite
Féach na cairteacha do mhéideanna.
1998/99 ar aghaidh - Tugtar liúntas ar feadh 5 bliana tar éis bliain an mhéala.
Suas go 1997/98 - Tugadh liúntas ar feadh 3 bliana tar éis bliain an mhéala.
An áit ar chóir an t-éileamh a sheoladh
Bain úsáid as d’uimhir PSP chun seoladh poist d'oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a fháil inár Aimsitheoir Sonraí Teagmhála.
Ábhar Tagartha
- Bileog IT 1 - Creidmheasanna, Faoisimh & Rátaí Cánach
- Alt 463 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997
