Ioncaim Eachtraigh & Sócmhainní Eachtracha

Impleachtaí Ioncaim Eachtraigh & Sócmhainní Eachtracha do Cháin Éireannach

Is é an cuspóir le pdfImpleachtaí Ioncaim Eachtraigh & Sócmhainní Eachtracha do Cháin Éireannach (PDF, 186KB) freagra a thabhairt ar roinnt ceisteanna coitianta i ndáil le hioncam eachtrach agus sócmhainní eachtracha, eadhon:

  • Cuntais Taisce
  • Scaireanna agus Díbhinní
  • Pinsin
  • Polasaithe Árachas Saoil

Tá sé d’aidhm ag an gcáipéis seo cabhrú le híocóirí cánach a dtuairisceáin chánach bhliantúla a chomhlánú, go háirithe na híocóirí cánach sin nach bhfruilíonn seirbhísí gníomhaire cánach. Ní dhéileálann sé leis na himpleachtaí cánach i gceist le húinéireacht maoine lasmuigh den stát, agus déileáiltear leis na saincheisteanna sin sa cháipéis
Impleachtaí Úinéireacht Maoine Eachtraí do Cháin Éireannach.

Clúdaíonn an fhaisnéis a sholáthraítear anseo impleachtaí ioncaim eachtraigh agus sócmhainní eachtracha do cháin Éireannach, agus ní chlúdaíonn sé na himpleachtaí cánach sna dlínsí ina n-éiríonn an t-ioncam nó ina sealbhaítear sócmhainn.

Cuirtear an fhaisnéis ar fáil i bhformáid 'ceisteanna coitianta' agus cuimsíonn sí hipearnaisc chuig faisnéis níos mionchruinne ar chúrsaí áirithe cánach. Tá na ceisteanna bunaithe ar an toimhde go bhfuil an t-íocóir cánach ina chónaí, ina ghnáthchónaí agus ina shainchónaí in Éirinn. I gcás stádas cónaitheach/sainchónaitheach malartach féach ar Nóta 1 in Aguisín 2, le do thoil, í
pdfImpleachtaí Ioncaim Eachtraigh & Sócmhainní Eachtracha do Cháin Éireannach (PDF, 186KB)

Níl an fhaisnéis seo ar fáil ach chun treoir ghinearálta a thabhairt, agus de riachtanas, cuirtear ar fáil i bhfoirm achomair í. Ní féidir freastal go cuimsitheach ar an iliomad cásanna éagsúla a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcleachtas. Má tá ceist shonrach agat, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’oifig chánach áitiúil. Mar sin féin, ní mór duit a thabhairt faoi deara nach féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis a chur ar fáil faoi chórais chánach i ndlínsí eile.

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil