IT1 - Creidmheasanna, Faoisimh agus Rátaí Cánach i gcomhair na mBlianta Cánach 2011 agus 2012
- Creidmheasanna Cánach Pearsanta
- Teorainneacha Díolúintí
- Rátaí Cánach agus Bandaí Cánach
- Faoiseamh Seomra ar Cíos
- Seirbhísí Cúraim Leanaí
- Faoiseamh Cánach ar Lóistín Príobháideach ar Cíos
- Faoiseamh Cánach ar Ús Iasachta (Urraithe agus Neamhurraithe)
- Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse – Faoiseamh Ús Morgáiste
- Préimheanna Árachais Liachta
- Postchúnamh Ioncaim
- Scéimeanna Buana Sochar Sláinte atá Ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
- Faoiseamh Cánach ar Mhuirir Seirbhíse
- Creidmheasanna Cánach do Chúramóir Baile
- Suibscríbhinní Ceardchumainn
- Faoiseamh ar Chostais Sláinte / Liachta
- Táillí Teagaisc
- Faoiseamh Cánach atá ar fáil d’Oibrithe Gearr-Ama
- ÁSPC - Fostóirí/Fostaithe/Féinfhostaithe
- Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU)
- Faisnéis Bhreise
- ÍMAT aon tráth aon lá
Creidmheasanna Cánach Pearsanta
Tugann an chairt seo a leanas sonraí de na príomhchreidmheasanna cánach pearsanta do na blianta cánach 2011 agus 2012
| Cúinsí Pearsanta | Bliain Chánach 2011 | Bliain Chánach 2012 |
|---|---|---|
| Duine Singil | €1,650 | €1,650 |
| Creidmheas Cánach Dhuine Pósta nó Pháirtnéir Sibhialta | €3,300 | €3,300 |
| Baintreach/Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach a cháilíonn do Chreidmheas Cánach do Theaghlach Aontuismitheora | €1,650 | €1,650 |
| Baintreach/Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach gan leanaí cleithiúnacha | €2,190 | €2,190 |
| Baintreach/Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach i mbliain an mhéala | €3,300 | €3,300 |
| Teaghlach Aontuismitheora, Baintreach/Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach, Tréigthe, Scartha nó Páirtnéireacht Shibhialta Scaoilte, Colscartha nó Singil (le leanaí cáilitheacha incháilithe, féach nóta 1) | €1,650 | €1,650 |
| Creidmheas cánach do Dhuine ar Baintreach/Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach é/í le leanaí cáilitheacha ó 2011 | --- | €3,600 |
| A fuair bás i 2010 | €3,600 | €3,150 |
| A fuair bás i 2009 | €3,150 | €2,700 |
| A fuair bás i 2008 | €2,700 | €2,250 |
| A fuair bás i 2007 | €2,250 | €1,800 |
| A fuair bás i 2006 | €1,800 | --- |
| Cúramóir Baile (uas.) | €810 | €810 |
| Creidmheas Cánach ÍMAT | €1,650 | €1,650 |
| Creidmheas Cánach Aoise do Dhuine Singil nó Baintreach/Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach | €245 | €245 |
| Creidmheas Cánach Aoise do Dhuine Pósta nó i bPáirtnéireacht Shibhialta | €490 | €490 |
| Leanbh a bhfuil Éagumas Air/Uirthi (Féach nóta 1) | €3,300 | €3,300 |
| Gaol Cleithiúnach (féach nóta 1) | €70 | €70 |
| Creidmheas Cánach na nDall - Singil | €1,650* | €1,650* |
| Creidmheas Cánach na nDall - Céile nó Páirtnéir Sibhialta Amháin Dall | €1,650* | €1,650* |
| Creidmheas Cánach na nDall - an Bheirt Chéilí nó Pháirtnéirí Sibhialta Dall | €3,300* | €3,300* |
| Duine Éagumasaithe - Liúntas chun Cúramóir a Fhostú | €50,000**max | €50,000**max |
** Tá faoiseamh i leith Cúramóir a Fhostú (2011 agus 2012) incheadaithe ag leibhéal cánach is airde an duine aonair, .i.e. 20% nó 41%.
Nóta 1 - I gcás Chreidmheas Cánach do Ghaol Cánach, má théann ioncam an ghaoil thar an teorainn ábhartha €13,837 sna mblianta 2011 agus 2012 níl aon chreidmheas cánach dlite.
Teorainneacha Díolúintí
| Cúinsí Pearsanta | Bliain Chánach 2011 | Bliain Chánach 2012 |
|---|---|---|
| Duine Singil nó Baintreach/Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach 65 bliana d’aois nó níos sine | €18,000 | €18,000 |
| Pósta nó i bPáirtnéireacht Shibhialta 65 bliana d’aois nó níos sine | €36,000 | €36,000 |
| Duine Singil nó Baintreach/Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach, Pósta nó i bPáirtnéireacht Shibhialta 65 bliana d’aois nó níos sine Breis i gcomhair an 1ú agus 2ú leanbh cáilitheach |
€575 | €575 |
| Duine Singil nó Baintreach/Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach, Pósta nó i bPáirtnéireacht Shibhialta 65 bliana d’aois nó níos sine Breis i gcomhair gach leanbh cáilitheach ina dhiaidh sin |
€830 | €830 |
| Ráta Faoisimh Cánach Imeallaigh | 40%* | 40%* |
*Ní bhaineann an Ráta Faoisimh Cánach Imeallaigh ach amháin le daoine 65 bliana nó os a chionn.
Rátaí Cánach agus Bandaí Cánach
| Cúinsí Pearsanta | Bliain Chánach 2009 | Bliain Chánach 2010 |
|---|---|---|
| Duine Singil nó Baintreach/Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach gan leanaí cleithiúnacha | €32,800 @ 20%, Iarmhéid @ 41% | €32,800 @ 20%, Iarmhéid @ 41% |
| Duine Singil nó Baintreach/Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach a cháilíonn do Chreidmheas Cánach do Theaghlach Aontuismitheora | €36,800 @ 20%, Iarmhéid @ 41% | €36,800 @ 20%, Iarmhéid @ 41% |
| Pósta nó i bPáirtnéireacht Shibhialta - ioncam ag Céile nó Páirtnéir Sibhialta amháin | €41,800 @ 20%, Iarmhéid @ 41% | €41,800 @ 20%, Iarmhéid @ 41% |
| Pósta nó i bPáirtnéireacht Shibhialta - ioncam ag an mbeirt Chéilí nó Pháirtnéirí Sibhialta | €41,800 @ 20% (le méadú de €23,800 uas), Iarmhéid @ 41% | €41,800 @ 20% (le méadú de €23,800 uas), Iarmhéid @ 41% |
Tabhair faoi deara: Tá an méadú ar bhanda cánach an ráta chaighdeánaigh teoranta don mhéid is ísle de €23,800 in 2011 agus 2012 nó méid ioncaim an Chéile nó an Pháirtnéara Shibhialta a bhfuil an t-ioncam is ísle aige/aici. Níl an méadú inaistrithe idir Céilí nó Páirtnéirí Sibhialta.
Faoiseamh Seomra ar Cíos
Nuair a ligtear seomra (nó seomraí) i bpríomhtheach cónaithe nó i dteach cónaithe arbh é an teach sin an t-aon teach cónaithe atá ag an duine sin ar cíos mar chóiríocht chónaitheach, d’fhéadfadh go mbeadh ioncam cíosa comhlán bliantúil, chomh maith le haon suim a fuarthas do sholáthar béilí nó aon seirbhís eile a soláthraíodh i dtaca leis an ligean, díolmhaithe ó cháin ioncaim sa chás nach sáraíonn an méid comhiomlán a fuarthas sa bhliain a rinneadh an measúnú an teorainn bliantúil (€10,000 do 2010 & 2011). Ní chuirtear isteach ar fhaoiseamh maidir le faoiseamh úis mhorgáiste. Ní chuirtear isteach ach an oiread ar na forálacha Cánach Gnóthachain Chaipitiúil/Dleachta Stampa. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Bileog IT 70 - Treoir na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le hIoncaim Cíosa.
Seirbhísí Cúraim Leanaí
Is scéim faoisimh cánach atá i bhfaoiseamh Seirbhísí Cúraim leanaí i gcomhair ioncaim a thagann as soláthar seirbhísí cúraim leanaí áirithe. Sa chás nach bhfuil an t-ollioncam bliantúil ó sholáthar sheirbhísí chúram leanaí os cionn €15,000 in 2010 nó 2011 tá an t-ioncam díolmhaithe ó cháin. Ní mór an tseirbhís cúraim leanaí a bheith á chur ar fáil i mbaile an chúramóra, ní i mbaile na leanaí agus ní féidir cúram a dhéanamh d’os cionn 3 leanaí ag am ar bith.
Faoiseamh Cánach ar Lóistín Príobháideach ar Cíos
| Cúinsí Pearsanta | Bliain Chánach 2011 | Bliain Chánach 2012 |
|---|---|---|
| Duine Singil Faoi 55 uas. | €1,600 | €1,200 |
| Duine Singil Os Cionn 55 uas. | €3,200 | €2,400 |
| Baintreach/Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach, nó Pósta nó i bPáirtnéireacht Shibhialta faoi bhun 55 bliana d’aois ar a mhéad | €3,200 | €2,400 |
| Baintreach/Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach, nó Pósta nó i bPáirtnéireacht Shibhialta os cionn 55 bliana d’aois ar a mhéad | €6,400 | €4,800 |
Is féidir faoiseamh a éileamh trí
Foirm Chíosa 1 - Éileamh ar Fhaoiseamh Cíosa ar Lóistín Príobháideach ar Cíos (PDF, 270KB) a chomhlánú.
Faoiseamh Cánach ar Ús Iasachta (Urraithe agus Neamhurraithe)
Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF) ar Iasachtaí Urraithe
Ón 1 Eanáir 2002 i leith, ní thugtar faoiseamh cánach i gcomhair ús ar mhorgáiste tí tríd an gcóras cánach a thuilleadh, ach tugtar é ag an bhfoinse. Ciallaíonn sé seo go dtugann d’iasachtóir morgáiste deis duit leas a bhaint as an ngné d’fhaoiseamh cánach ar an ús morgáiste thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim. Tugtar faoiseamh cánach ar an méid úis a íoctar, faoi réir ag teorainneacha foriomlána. Le tuilleadh faisnéise a fháil, féach an bhileog Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF) i leith Faoiseamh Ús Morgáiste Laghdaítear d’aisíocaíocht morgáiste faoi mhéid an chreidmheasa cánach. Déanann d’iasachtóir an méid seo a éileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim ina dhiaidh sin. Déanfaidh an t-iasachtóir coigeartuithe ar bith amach anseo san fhaoiseamh cánach (ag eascairt as athruithe sna rátaí úis, mar shampla) go huathoibríoch thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim. Ní gá faoiseamh ús morgáiste a éileamh sa tuairisceán cánach bliantúil, agus ní bhíonn sé le feiceáil a thuilleadh sa Deimhniú Creidmheasa Cánach. Ní mór d’iasachtaithe atá ag tógáil amach morgáistí nua nó daoine ar mian leo faoiseamh atá dlite le haghaidh blianta roimhe sin a éileamh an t-iarratas a dhéanamh ar líne ag www.revenue.ie.
Iasacht Neamhurraithe i gcomhair Tí
Is féidir faoiseamh ar íocaíochtaí úis a dhéantar ar Iasachtaí Neamhurraithe i gcomhair Tí a úsáidtear ar chúiseanna cáilitheacha, .i. deisiúchán nó feabhsú do phríomh-áit chónaithe, a éileamh trí athbhreithniú ag deireadh na bliana cánach.
Má tá tú ag íoc ús ar mhorgáiste cónaitheach príobháideach incháilithe atá os cionn an uasmhéid faoisimh, atá liostaithe thíos, agus go bhfuil tú ag fáil Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse, ní bheidh aon fhaoiseamh de bhreis dlite i leith iasacht neamhurraithe i gcomhair tí a cháilíonn.
Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse – Faoiseamh Ús Morgáiste
Beidh an t-ús arna íoc ar iasachtaí incháilithe tí a glacadh an 1 Eanáir 2004 nó ina dhiaidh agus an 31 Nollaig 2012 nó roimhe sin incháilithe (faoi réir na n-eisceachtaí thíos) ar fhaoiseamh cánach go deireadh na bliana 2017 ar na rátaí agus ar na tairseacha ginearálta seo a leanas -
Ceannaitheoirí céaduaire
Is é 25% an faoiseamh cánach ar ús arna íoc ar iasachtaí incháilithe tí i mblianta 1 agus 2; 22.5% i mblianta 3, 4 & 5 agus 20% i mblianta 6 agus 7. Is é €20,000 an tairseach uasta don mhéid úis arna íoc atá incháilithe i gcomhair faoiseamh cánach i gcás daoine atá pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ina mbaintreacha agus is é €10,000 an tairseach uasta i gcás daoine nach bhfuil pósta ná i bpáirtnéireacht shibhialta. Tar éis 7 mbliana beidh na rátaí agus na tairseacha faoisimh mar bheidh i gcás daoine nach ceannaitheoirí céaduaire iad.
Ceannaitheoirí nach ceannaitheoirí céaduaire iad
is é 15% an faoiseamh cánach ar iasachtaí incháilithe tí. Is é €6,000 an tairseach uasta don mhéid úis arna íoc atá incháilithe i gcomhair faoiseamh cánach i gcás daoine atá pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ina mbaintreacha agus is é €3,000 an tairseach uasta i gcás daoine nach bhfuil pósta ná i bpáirtnéireacht shibhialta.
Eisceacht
Mar sin féin, in ainneoin na rátaí faoiseamh cánach atá luaite thuas, i gcás daoine a cheannaigh a gcéad phríomháit chónaithe phríobháideach an 1 Eanáir 2004 nó ina dhiaidh agus an 31 Nollaig 2008 nó roimhe sin is é 30% an ráta faoiseamh cánach a bheidh i gceist sna blianta cánach ó 2012 go 2017 ar an ús a íocfar ar an iasacht chun an réadmhaoin sin a cheannach.
Níl morgáistí a tógadh amach roimh an 1 Eanáir 2004 incháilithe le haghaidh faoiseamh ús morgáiste a thuilleadh. D’fhéadfadh iasachtaí breisithe/iasachtaí scaoilte cothromais a tógadh amach ón 1 Eanáir 2004 ar na hiasachtaí roimh 2004 seo incháilithe le haghaidh faoiseamh ús morgáiste áfach, ar an gcoinníoll go ndéanann siad na critéir incháilitheachta a chomhlíonadh mar atá sa liosta thuas.
NB: Déanfar an faoiseamh a dhíothú go hiomlán faoi dheireadh 2017.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an bhileog: Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF) maidir le Faoiseamh i leith Úis Morgáiste).
Préimheanna Árachais Liachta
Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF)
Tugtar faoiseamh cánach i leith préimheanna árachais liachta a íoctar le hárachóirí údaraithe ag an bhfoinse (FCF). Íocfaidh suibscríobhaithe préimh laghdaithe (80% den ollmhéid) don árachóir liachta údaraithe. Is ionann an laghdú seo is faoiseamh cánach a thabhairt ag an ráta caighdeánach cánach (20%).
Ní bheidh faoiseamh cánach ag an bhfoinse tugtha d’fhostaithe a íocann a bhfostóir a bpréimheanna ar a son, mar Shochar Chomhchineáil. Chun an faoiseamh dlite a éileamh, beidh ort dul i dteagmháil le hOifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim leis na sonraí ábhartha nó trí do thuairisceán cánach bliantúil a chomhlánú.
Tugadh isteach an Creidmheas Cánach a bhaineann le hAois (CCBA) in 2009 agus tá feidhm aige i leith préimheanna árachais liachta a íoctar le hárachóir údaraithe. Bíonn méid an chreidmheasa ag brath ar aois an duine faoi árachas ar an dáta a ndeachthas isteach sa chonradh nó an dáta a ndearnadh athnuachan air. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Bileog Eolais IT 5 - Faoiseamh ar Árachas Liachta.
Postchúnamh Ioncaim
Tá faoiseamh cánach breise, ag ráta is airde cánach an duine aonair, .i. 20% nó 41% i 2011 agus 2012 ar fáil do dhaoine a bhí dífhostaithe ar feadh bliain amháin nó níos mó agus a ghlacann le post incháilithe. Ón 1 Eanáir 2010, ní chomhairfear laethanta teagmhasacha fostaíochta .i. suas le 15 lá d’fhostaíocht theagmhasach sa 12mhí roimh thús na fostaíochta. Is é an faoiseamh atá ar fáil sa chéad bhliain fostaíochta ná €3,810 móide €1,270 do gach leanbh, ag laghdú go dtí dhá thrian den mhéid sin i mBliain 2 agus aon trian i mBliain 3. Tá an faoiseamh seo ar fáil freisin do dhaoine a bhí ag fáil Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall, Pinsean Easláine ar feadh 12 mhí nó níos mó, Sochar Breoiteachta ar feadh 3 bliana nó níos mó nó scaoilte saor tar éis 12 mhí nó níos mó i bpríosún. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Bileog IT 58 - Postchúnamh Ioncaim (Eolas d'Fhostaithe).
Scéimeanna Buana Sochar Sláinte atá Ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
Sa chás go n-asbhaineann fostóir na ranníocaíochtaí ó ollphá, tugtar an faoiseamh cánach ag an bhfoinse. Mar sin, níl aon ghníomh de bhreis ag teastáil chun faoiseamh a éileamh.
Sa chás nach n-asbhaineann fostóir na ranníocaíochtaí ó ollphá is féidir faoiseamh a éileamh, trí d’oifig áitiúil Coimisinéirí a chur ar an eolas maidir leis na sonraí ábhartha ar an bhfón, trí ríomhphost nó go pearsanta (Féach Faisnéis Bhreise nó trí do thuairisceán cánach bliantúil a chomhlánú.
Faoiseamh Cánach ar Mhuirir Seirbhíse
Cuirfear deireadh leis an bhfaoiseamh don bhliain chánach 2012 agus do na blianta ina dhiaidh sin. Rinneadh faoiseamh cánach €400 ar a mhéid a dheonú in 2011 (ar ráta 20%) le haghaidh muirir seirbhísí a íocadh in 2010.
| Faoiseamh ag an ráta cánach 20% | Ceadaithe sa bhliain | Le haghaidh muirir sheirbhíse a íocadh sa bhliain |
|---|---|---|
| €400 | 2011 | 2010 |
| Nil | 2012 | 2011 |
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach
Bileog IT 27 (PDF, 1.11MB) - Faoiseamh Cánach ar Mhuirir
Seirbhíse.
Creidmheasanna Cánach do Chúramóir Baile
Tá creidmheas cánach de réir an ráta chaighdeánaigh chánach (20%) sna blianta cánach 2011 agus 2012 ar fáil do Lánúineacha Pósta nó Páirtnéirí Sibhialta sna cásanna seo a leanas:
- Oibríonn Céile nó Páirtnéir Sibhailta amháin (an 'cúramóir baile') sa bhaile ag tabhairt cúram do dhuine cleithiúnach amháin nó níos mó ná sin, .i. leanbh a bhfuil siad i dteideal sochar linbh ón Roinn Coimirce Sóisialaí ina leith, duine atá 65 bliain d’aois nó níos mó, nó duine atá éagumasaithe go buan mar gheall ar éagumas meabhrach nó fisiciúil agus bíonn gnáthchónaí ar an duine cáilitheach leis an Lánúin ar feadh na bliana.
- Níl ioncam an chúramóra baile os cionn €5,080. Baineann creidmheas cánach laghdaithe sa chás go bhfuil an t-ioncam idir €5,080 agus €6,700 sna mbliana 2011 agus 2012.
Níl an creidmheas cánach ar fáil do Lánúineacha Pósta nó Páirtnéirí Sibhialta ar a ngearrtar cáin mar dhaoine singile. Níl an creidmheas cánach ar fáil do Lánúineacha Pósta nó Páirtnéirí Sibhialta a bhfuil comhioncam acu os cionn €41,800 sna mbliana 2011 agus 2012 agus a éilíonn an banda cánach méadaithe faoin ráta caighdeánach do Lánúineacha a bhfuil dhá ioncam acu. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, agus chun an faoiseamh dlite a éileamh, comhlánaigh an fhoirm iarratais i Bileog IT 66 - Creidmheas Cánach an Chúramóra Baile agus seol chuig d’oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Mar rogha eile air sin, is féidir leat glaoch ar d’uimhir Réigiúnach Lóghlao (féach Faisnéis Bhreise) le sonraí de d’éileamh.
Suibscríbhinní Ceardchumainn
Nóta: Tá deireadh le faoisheamh cánach ar Suibscríbhinní Ceardchumainn le héifeacht ó 1 Eanáir 2011.
Faoiseamh ar Chostais Sláinte/Liachta
Is féidir leat faoiseamh cánach a éileamh ar Fhoirm MED 1, ag an ráta caighdeánach cánach (20%) ón 1 Eanáir 2009 (le heisceacht costais tithe altranais a bhfuil faoiseamh cánach de réir do ráta cánach is airde fós ar fáil ina leith) do chostais liachta áirithe a thabhaíonn tú, ar do shon féin nó thar ceann dhuine eile. Cáilíonn formhór costais leighis, le heisceachtaí áirithe, m.sh. gnáthchúram oftalmach agus fiaclóireachta, i gcomhair faoiseamh.
Ní féidir leat faoiseamh a éileamh ar aon chaiteachas a fuair tú nó a gheobhaidh tú cúiteamh air, m.sh. ó Hibernian Aviva Health, Quinn-healthcare, VHI, Údarás Sláinte, nó sa chás go bhfuil íocaíocht cúitimh déanta nó go mbeidh sé á dhéanamh.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach Bileog
IT 6 - Faoiseamh ar Chostais Sláinte / Leighis,
Foirm
MED 1 (PDF, 808KB) (Costais Sláinte - Éileamh ar Fhaoiseamh)
nó cuir glaoch ar d’uimhir Réigiúnach LóGhlao.
Táillí Teagaisc
Tá faoiseamh cánach dlite ag an ráta cánach caighdeánach (20%) sna blianta cánacha 2011 agus 2012 i gcomhair táillí teagaisc ar leith. Is é an uasteorainn ar tháillí cáilíochta den chineál seo do na blianta acadúla 2011/2012 ná €7,000.
2011/2012 amháin: déanfar neamhaird den chéad €2,000 de gach éileamh ar fhaoiseamh, sa chás go bhfuil duine ar bith de na mic léinn a bhfuil faoiseamh á n-éileamh ina leith ina m(h)ac léinn lánaimseartha. I gcás éileamh ar fhaoiseamh ina bhfuil gach duine den na mic léinn lena mbaineann i mbun staidéir go páirtaimseartha, déanfar neamhaird den chéad €1,000 den iarratas ar fhaoiseamh.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Bileog IT 31 - Faoiseamh Cánach ar Tháillí Teagaisc.
Faoiseamh Cánach ar Fáil d’Oibrithe Gearr-Ama
Tá síneadh éiginnte curtha leis an díolúine ó cháin ioncaim do Shochar Cuardaitheora Poist d’oibrithe gearr-ama.
ÁSPC - Fostóirí/Fostaithe/Féinfhostaithe
Ba chóir aon cheisteanna faoi ÁSPC a chur ar aghaidh chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí, Seirbhís Faisnéise ag 1890 66 22 44 nó ag www.welfare.ie
Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU)
Is éard atá sa MSU ná cáin a ghearrtar ar ollioncam, lena n-áirítear pá barúlach i ndiaidh aon fhaoisimh ar liúntais áirithe chaipitil, ach roimh ranníocaíochtaí pinsin a bhaint. Tá éifeacht ag an MSU ón 1 Eanáir 2011 agus gearrfar é ar bhonn carnach ón 1 Eanáir 2012.
Is iad seo a leanas na rátaí agus na tairseacha a bhaineann leis an Muirear Sóisialta Uilíoch:
Duine faoi bhun 70 bliain d’aois
| Bliain Chánach 2011 | Ráta | Bliain Chánach 2012 | Ráta |
|---|---|---|---|
| Ioncam suas go dtí €10,036.00 | 2% | Ioncam suas go dtí €10,036.00 | 2% |
| Ioncam idir €10,036.01 agus €16,016.00 | 4% | Ioncam idir €10,036.01 agus €16,016.00 | 4% |
| Ioncam os cionn €16,016.00 | 7% | Ioncam os cionn €16,016.00 | 7% |
Daoine aonair atá 70 bliain d’aois nó níos sine, nó daoine aonair a bhfuil cártaí liachta iomlán acu is cuma cén aois iad
| Tairseach Bliain Chánach 2011 | Ráta | Tairseach Bliain Chánach 2012 | Ráta |
|---|---|---|---|
| Ioncam suas go dtí €10,036.00 | 2% | Ioncam suas go dtí €10,036.00 | 2% |
| Ioncam os cionn €10,036.00 | 4% | Ioncam os cionn €10,036.00 | 4% |
| Bliain Chánach 2011 | Bliain Chánach 2012 |
|---|---|
| Sa chás nach dtéann ioncam iomlán duine aonair thar €4,004 in aghaidh na bliana | Sa chás nach dtéann ioncam iomlán duine aonair thar €10,035 in aghaidh na bliana |
| Gach íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí | Gach íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí |
| Ioncam atá faoi réir cáin choinneála ar ús taisce nó DIRT cheana féin | Ioncam atá faoi réir cáin choinneála ar ús taisce nó DIRT cheana féin |
Formhuirear 3% (féinfhostaíocht)
Níl aon athrú ar fhormhuirear 3% ar dhaoine aonair a bhfuil ioncam ó fhéinfhostaíocht acu atá níos airde ná €100,000 i mbliain amháin acu, is cuma cén aois atá siad.
-
Ceisteanna Coitianta ar an Mhuirear Sóisialta Uilíoch (PDF, 330KB)
An Deimhniú MSU 2011 (PDF, 537KB)
Faisnéis Bhreise
Más custaiméir ÍMAT tú, láimhseáltar do chúrsaí cánach sa réigiún ina gcónaíonn tú anois. Féach ar sonraí teagmhála chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Má tá tú ag glaoch ó áit lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, glaoigh ar +353-1-7023011.
Má ghearrtar cáin ort faoin gcóras Féin-Mheasúnaithe is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a thaispeántar ar d’fhógra measúnaithe.
Foirmeacha agus Bileoga
Chun aon Bhileog nó aon Fhoirm de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a iarraidh, glaoigh ar LóGhlao 1890 306 706 (Poblacht na hÉireann amháin), + 353 1 7023050 (ó thar lear), tabhair cuairt ar aon Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nó féach: Bileoga agus Foirmeacha.
Tabhair faoi deara go bhféadfadh difear a bheith sna rátaí a ghearrtar i gcomhair uimhreacha 1890 (Lóghlao) idir soláthraithe seirbhíse éagsúla.
Inrochtaineacht
Más duine le míchumas tú agus go dteastaíonn an bhileog seo uait i bhformáid eile, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Rochtana na gCoimisinéirí Ioncaim ag: accessofficer@revenue.ie
ÍMAT Aon tráth aon lá
Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun do cháin a choinneáil suas chun dáta ná ÍMAT Aon tráth aon lá a úsáid. Is córas idirlín é ÍMAT Aon tráth aon lá a chuireann ar do chumas do ghnó a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim go leictreonach 365 lá sa bhliain. Ní mór duit clárú ar dtús. Féach ÍMAT aon tráth aon lá chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Na Coimisinéirí Ioncaim
Eanair 2012
