Daoine faoi Mhíchumas & Cáin Ioncaim - IT 12

Réamhrá

Bíonn daoine faoi mhíchumas faoi dhliteanas go ginearálta cáin a íoc ar a n-ioncam mar a bhíonn gach duine eile.

I gcás daoine a bhfuil míchumas de chineál buan orthu, cuireann an córas cánach creidmheasanna cánach breise ar fáil áfach agus díolmhaitheann cineálacha áirithe ioncaim ó cháin do dhaoine faoi mhíchumas de chineál buan.

Cé a cháilíonn do na Creidmheasanna Cánach sin?

Aon duine atá faoi éagumas buan coirp nó meabhrach, i gcás nach bhfuil ar chumas an duine sin é féin nó í féin a chothabháil, d'fhéadfadh an duine sin a bheith i dteideal ceann amháin nó níos mó de na creidmheasanna cánach breise atá ar fáil a éileamh. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh tuismitheoirí / caomhnóirí agus daoine a thugann cúram do ghaolta cleithiúnacha a bheith incháilithe freisin do roinnt de na creidmheasanna cánach sin.

Ar Ais go Barr

Cé na Creidmheasanna Cánach atá ar fáil?

  • Creidmheas Cánach do Leanbh Éagumasach - féadann tuismitheoir an creidmheas seo a éileamh i leith linbh nach féidir é féin nó í féin a chothabháil mar gheall ar éagumas buan coirp nó meabhrach agus gur mar sin don duine sin roimh dó nó di 21 bhliain d’aois a bhaint amach nó scor den oideachas lánaimseartha nó d’oiliúint lánaimseartha do cheird nó do ghairm. (Bileog Uimh. IT18 - Creidmheas Cánach do Leanbh Éagumasaithe)
  • Nóta: Féadfaidh tuismitheoir singil (cibé acu baintreach, nó duine atá scartha, tréigthe, singil nó colscartha) le leanbh éagumasach Creidmheas Cánach do Theaghlach Aontuismitheora a éileamh freisin. Féadfar an creidmheas seo a éileamh is cuma an bhfuil an éileamh déanta agat cheana ar an gcreidmheas cánach do leanbh éagumasach. (Bileog Uimh. IT9 - Creidmheas Cánach do Theaghlach Aontuismitheora )
  • Creidmheas Cánach do Dhuine Dall - tá an creidmheas seo dlite do dhuine a meastar a bheith dall. Má tá beirt, a meastar a bheith dall, pósta, féadfaidh an bheirt acu cáiliú astu féin don chreidmheas cánach seo. (Bileog Uimh. IT35 - Creidmheasanna & Faoisimh Chánach na nDall)
  • Creidmheas Cánach do Ghaol Cleithiúnach - féadfaidh duine an creidmheas seo a éileamh má chothabhálann siad gaol, lena n-áirítear duine gaoil le céile an duine sin, nach bhfuil ábalta, mar gheall ar sheanaois nó éiglíocht, é féin nó í féin a chothabháil. Féadfar an creidmheas seo a éileamh freisin má chothabhálann duine, ar a gcostas féin, máthair nó máthair chéile atá ina baintreach nó athair nó athair céile atá ina bhaintreach, gan aird ar shláinte an duine sin. (Bileog Uimh. IT46 - Creidmheas Cánach do Ghaol Cleithiúnach)
  • Duine fostaithe a thugann cúram do dhuine aonair éagumasach - féadfaidh duine éagumasaithe a fhostaíonn duine eile chun aire a thabhairt dó féin, di féin, nó do dhuine gaoil éileamh a dhéanamh i leith chostas na fostaíochta.
    ( Bileog Uimh. IT47 - Duine fostaithe a thugann cúram do dhuine aonair éagumasach)
  • Cúnaint - Tá faoiseamh ar fáil i leith Gníomhais Cúnaint a tharraingítear suas i gceart i bhfabhar duine buanéagumasaithe. Ní féidir le tuismitheoirí cúnantú a dhéanamh do leanbh mionaoiseach atá buanéagumasaithe .i. atá faoi 18 mbliana d’aois agus nach bhfuil pósta. (Bileog Uimh. IT7 - Cúnaint do Dhaoine Aonair)
  • Faoiseamh ó Chostais Leighis - tá an faoiseamh seo ar fáil i leith costas leighis neamhchúitithe tí altranais, dochtúirí, ospidéil agus eile. (Bileog Uimh. IT6 - Treoir Maidir le Faoiseamh a Éileamh ó Chostais Sláinte / Liachta)

Ar Ais go Barr

Cé na haicmí ioncaim atá díolmhaithe ó cháin?

Tá na foinsí ioncaim agus gnóthachain seo a leanas díolmhaithe ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil do dhaoine faoi éagumas, ar choinníoll go gcuireann siad san áireamh ina dtuairisceáin bhliantúla ar ioncam iad:

  • Cáin Choinneála ar Ús Taisce (CCÚT) - má tá éagumas buan ort nó má tá tú os cionn 65 bliana d’aois d’fhéadfá a bheith i dteideal aisíocaíocht a fháil ar CCÚT a asbhaineadh, ar choinneáil go bhfuil d’ollioncam díolmhaithe ó cháin nó go bhfuil sé beagán os cionn teorainn na díolúine. (Bileog Uimh. IT8 - Díolúine ó Cháin Ioncaim & Faoiseamh Imeallach)
  • Talamh Feirme a Léasú - féadann cíos ó thalamh feirme a bheith díolmhaithe má tá tú faoi éagumas a choisceann ort go buan an ceird a chleachtadh, chomh fada is go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Téigh i dteagmháil le d’Oifig Áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun breis eolais a fháil le do thoil.
  • Íocaíochtaí le Lucht Tailídimíd nó ina leith Tá íocaíochtaí a dhéanann an Roinn Sláinte agus Leanaí nó an Hilfswerk Für Behinderte Kinder Foundation díolmhaithe ó cháin. Tá díolúine freisin ag aon ioncam a éiríonn ó infheistíocht na n-íocaíochtaí sin, mar shampla ús taisce, ioncam cíosa, ioncam díbhinne, srl. Le héifeacht ó 1 Eanáir 2004, tá aon ghnóthachain a éiríonn ó dhiúscairt sócmhainní a fhaightear le híocaíochtaí den chineál sin nó le hinfheistíocht den chineál sin díolmhaithe ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil.
  • Íocaíochtaí Cúitimh ar Dhíobháil Phearsanta Tá íocaíochtaí cúitimh áirithe a fhaightear díolmhaithe ó Cháin Ioncaim. Tá díolúine i gceist freisin le hioncam a éiríonn ó íocaíochtaí den sórt sin a infheistiú, agus le héifeacht ó 1 Eanáir 2004, le gnóthchain a éiríonn ó dhiúscairt na sócmhainní a fhaightear le híocaíochtaí den chineál sin nó le híocaíochtaí den chineál sin a infheistiú, ar choinníoll gur mó ná 50% de chomhiomlán ioncaim agus gnóthchan iomlán an duine é, comhiomlán na ngnóthchan agus an ioncaim. Ní mór don díobháil éagumas buan iomlán coirp nó meabhrach a thabhairt ann nach bhfuil ar chumas an duine é féin nó í féin a chothabháil dá bharr. (Bileog Uimh. IT 13 - Íocaíochtaí Cúitimh ar Dhíobháil Phearsanta)
  • Íocaíochtaí Cúitimh arna ndéanamh ag an mBinse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C agus HIV - tá na híocaíochtaí seo díolmhaithe ó cháin ioncaim. Tá díolúine i gceist freisin le hioncam a éiríonn ó íocaíochtaí den sórt sin a infheistiú, agus le héifeacht ó 1 Eanáir 2004, le gnóthchain a éiríonn ó dhiúscairt na sócmhainní a fhaightear le híocaíochtaí den chineál sin ar choinníoll gur mó ná 50% de chomhiomlán ioncaim agus gnóthchan iomlán an duine é, comhiomlán na ngnóthchan agus an ioncaim má tá an duine faoi éagumas buan iomlán agus nach bhfuil ar chumas an duine é féin nó í féin a chothabháil mar thoradh ar an ionfhabhtú.
  • Cnapshuimeanna - féadfaidh siad seo a bheith díolmhaithe i gcás ina n-íocann fostóir iad mar gheall ar dhíobháil nó míchumas. Féach Bileog Uimh. IT21 - Íocaíochtaí Cnapshuime (Iomarcaíocht/Scor) chun breis eolais a fháil le do thoil.

I gcás ina mbeidh bileog eolais níos mionsonraithe ar fáil maidir le haon cheann de na creidmheasanna cánach breise nó na cineálacha ioncaim díolmhaithe a luadh roimhe seo, tugtar uimhir na bileoige idir lúibíní. Tá siad seo le fáil ó aon Oifig Áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, ó Sheirbhís Foirmeacha agus Bileog na gCoimisinéirí Ioncaim ar Íosghlao 1890 306 706 (i bPoblacht na hÉireann amháin) nó ó shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim www.revenue.ie.

Ar Ais go Barr

Conas a dhéanaim éileamh?

Níl le déanamh ach scríobh chuig Oifig Áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus an creidmheas cánach ba mhaith leat a éileamh a shonrú. Ba cheart teastas dochtúra a bheith i dteannta an chéad éilimh a léireoidh:

  • An dáta a tháinig ann don éagumas den chéad uair
  • cineál agus fairsinge an éagumais
  • cibé acu an gcoisceann nó nach gcoisceann an t-éagumas tú uait féin a chothabháil.

Ní gá teastas an dochtúra a chur isteach ach leis an gcéad éileamh amháin.

Tuilleadh Eolais

Is mar eolas ginearálta is ann don bhileog seo. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil trí ghlaoch (in Eireann amháin) ar do Sheirbhís LóGhlao Réigiúnach Ioncaim ar an uimhir atá liostaithe anseo thíos

Seoltaí & Uimhreacha Íosghlao na hOifigí Réigiúnach
Réigiún Ceantair Clúdaithe Uimhir Ghutháin
Réigiún na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair An Cabhán, Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, An Longfort, An Lú, Maigh Eo, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach agus an Iarmhí 1890 777 425
Réigiún Bhaile Átha Cliath Bhaile Átha Cliath (Cathair agus Contae) 1890 333 425
Réigiún an Oirthir & an Oirdheiscirt Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, an Mhí, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin 1890 444 425
Réigiún an Iardheiscirt An Clár, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach 1890 222 425

Bealtaine 2004


pdfLeagan PDF IT12 - Daoine faoi Mhíchumas & Cáin Ioncaim (PDF, 180KB)


Cé go ndéantar gach iarracht a chinntiú go bhfuil an t-eolas sa bhileog seo cruinn, ní doiciméad dlíthiúil é. Ní féidir linn glacadh le freagracht as aon dliteanas a thabhaítear ná as aon chaillteanas a d’éirigh toisc brath ar aon ábhar atá foilsithe anseo istigh.

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil