Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (CCSP) - IT14A

Réamhrá

Cuntas scoir pearsanta fadtéarmach is ea cuntas coigiltis scoir pearsanta (CCSP), agus ba é Acht na bPinsean 2002 a thug isteach é. Deartar é chun ligean do dhaoine, go háirithe iad siúd nach bhfuil foráil pinsean acu, coigiltis a dhéanamh le haghaidh scoir ar bhealach solúbtha. Conradh is ea CCSP idir duine aonair agus soláthraí CCSP i bhfoirm cuntais infheistíochta. Faoi réir teorainneacha aoise agus ioncaim, tabharfar faoiseamh cánach do ranníocaíochtaí i CCSP.

Ceadaíonn an Bord Pinsean agus na Coimisinéirí Ioncaim táirgí CCSP. Tá maoirsiú soláthraithe CCSP laistigh de dhlínse na rialtóirí reatha. Tá an Bord Pinsean freagrach as gníomhaíochtaí soláthraí maidir lena chuid táirgí CCSP a mhaoirsiú.

Tá dualgas ar fhostóirí nach soláthraíonn scéim pinsean gairme dá bhfostaithe rochtain ar scéim chaighdeánach CCSP amháin a chur ar fáil.

Rialacha Cánach i leith Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta

Faoiseamh cánach ar ranníocaíochtaí

Baineann ranníocaíochtaí íoctha i CCSP tairbhe as faoiseamh cánach ag ráta cánach imeallach an íocóra. Tá faoiseamh ann freisin maidir le ÁSPC agus an tobhach sláinte d’fhostaithe. Sa chás go ndéanann an fostóir ranníocaíochtaí CCSP a asbhaint, beidh “an socrú maidir le pá glan” infheidhme.

Ar Ais go Barr

Socrú maidir le pá glan

Feidhmíonn “an socrú maidir le pá glan” sa chaoi go ndéanann an fostóir an ranníocaíocht CCSP a asbhaint sula ríomhtar ÍMAT, ÁSPC agus an Ranníocaíocht Sláinte dlite ar phá an fhostaí don tréimhse ábhartha pá. Sula ndéantar “an socrú maidir le pá glan”, beidh ar an bhfostóir a bheith sásta go bhfuil an CCSP ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim. Leis sin caithfidh an fostóir Deimhniú CCSP (Pá Glan) a fháil ón bhfostaí agus an deimhniú sin a choinneáil. Gheobhaidh an fostaí deimhniú óna s(h)oláthraí CCSP.

Ar Ais go Barr

Faoiseamh cánach do dhaoine aonair (fostaithe agus féinfhostaithe)

Tá uasmhéid na ranníocaíochtaí bliantúla inaisbhainteach ó thaobh cánach bunaithe ar chéatadán de thuillimh ábhartha ghlana an duine aonair. Ardaíonn na céatadáin incheadaithe de réir aoise. Féadann baill de scéim pinsean gairme nó de scéim pinsean reachtúil ranníocaíochtaí breise deonacha chur i gCuntas CSP. Tá rialacha ar leith infheidhme i leith na ranníocaíochtaí seo - féach thíos.

Ceadaítear faoiseamh in aghaidh tuilleamh ábhartha, m.sh. tuilleamh ó cheird, ó ghairm, ó oifig nó ó fhostaíocht. Ní tuillimh ábhartha tuillimh a fhaightear mar stiúrthóir dílsithe nó mar fhostaí dílsithe ar chomhlacht infheistíochta. Is ionann tuilleamh ábhartha glan an tuilleamh ábhartha lúide caillteanais, liúntais chaipitiúla agus íocaíochtaí áirithe a laghdaíonn ioncam dhuine chun críocha cánach, mar shampla cúnaint atá éifeachtach ó thaobh cánach.

Tá uasmhéid na ranníocaíochta pinsean in aon bhliain amháin, a bhfuil tú i dteideal faoiseamh cánach a fháil ina taobh, bainteach le d’aois agus nochtar é mar chéatadán de d’ollioncam. Is é €275,239 uasmhéid an ollioncaim chun críocha faoisimh do 2008, agus €150,000 i gcás 2009 agus 2010.

Is iad na teorainneacha maidir le céatadáin an fhaoisimh:
Aois % de Thuilleamh Ábhartha Glan
Faoi 30 bliain d’aois 15%
30 - 39 bliain d’aois 20%
40 - 49 bliain d’aois 25%
50 - 54 bliain d’aois 30%
55 – 59 bliain d’aois 35%
60 bliain nó níos sine 40%

Mar shampla féadann duine atá 35 bliain d'aois faoiseamh cánach a fháil ar an méid níos ísle ná:

  • 20% de thuilleamh ábhartha glan (faoi réir uasmhéid an ollioncaim), nó
  • an ranníocaíocht íoctha sa bhliain seo.

Beidh teorainn tuillimh 30% infheidhme, gan bacadh le haois, i gcás imreoirí áirithe spóirt:

  • lúthchleasaithe,
  • imreoirí badmantain,
  • dornálaithe,
  • rothaithe,
  • imreoirí peile,
  • imreoirí gailf
  • marcaigh,
  • tiománaithe rásaíochta,
  • imreoirí rugbaí,
  • imreoirí scuaise,
  • snámhóirí,
  • imreoirí leadóige.

Ach amháin i gcás fostaí atá ina bhall de scéim pinsean gairme nó de scéim pinsean reachtúil, tá cáiníocóir i dteideal faoiseamh cánach a fháil ar ranníocaíocht €1,525 íoctha fiú má sháraíonn sé seo an gnáth-theorainn bunaithe ar ioncam.

Sampla:

Má thuilleann duine 23 bliain d’aois €9,525, is é 15% de €9,525 an gnáth-theorainn ar an ranníocaíocht inaisbhainteach ó thaobh cánach, is é sin €1,430. Má íocann duine €1,600, ceadófar faoiseamh €1,525, seachas an teorainn €1,430 bunaithe ar thuilleamh.

Is féidir ranníocaíochtaí íoctha in aon bhliain amháin a sháraíonn uasmhéid den ranníocaíocht inaisbhainteach ó thaobh cánach a thabhairt ar aghaidh agus a éileamh amach anseo faoi réir ag teorainn bhliantúil na mblianta sin. Sa chaoi chéanna, is féidir ranníocaíochtaí a íocadh le linn a bheith amuigh as obair a thabhairt ar aghaidh agus a éileamh in aghaidh tuilleamh sa todhchaí nuair a fhillfear ar fhostaíocht, faoi réir ag na teorainneacha bliantúla.

Níl an faoiseamh cánach inaistrithe idir céilí de réir rialacha reatha maidir le conarthaí blianachta scoir agus ranníocaíochtaí scéim pinsean gairme.

Is féidir ranníocaíocht nach gceadaítear i mbliain amháin mar go sáraíonn sé an teorainn aoise nó ioncaim a thabhairt ar aghaidh agus an faoiseamh a cheadú sna blianta ina dhiaidh sin. Má íoctar ranníocaíocht i ndiaidh dheireadh na bliana, ach roimh 31 Deireadh Fóómhair. Féadann cáiníocóirí atá ag comhdú tuairisceán faoi ROS feidhm a bhaint as an síneadh a cuireadh leis anmhair na bliana dar gcionn, d’fhéadfaí faoiseamh a cheadú i mbliain níos luaithe chomh fada is go roghnaítear é sin a dhéanamh ar nó roimh 31 Deireadh Fómhair. Féadann cáiníocóirí atá ag comhdú tuairisceán faoi ROS feidhm a bhaint as an síneadh a cuireadh leis an dáta comhdaithe chun a rogha a chur in iúl agus ranníocaíocht a dhéanamh.

Ar Ais go Barr

Ranníocaíochtaí íoctha ag fostóirí

Caitear le ranníocaíochtaí a íocann fostóir do CCSP thar ceann fostaí mar shochar comhchineáil don fhostaí. Caitear lena leithéid de ranníocaíochtaí ó thaobh faoisimh de mar íocaíochtaí de chuid an fhostaí. Caithfidh an fostóir an ranníocaíocht a chur in iúl ar fhoirm P11D.

Sampla:

Áit a n-íocann fostaí 29 bliain d’aois 5% dá thuilleamh do chuntas CSP agus a dtugann an fostóir 10% eile, sa chás sin meastar go bhfuil an fostaí ag íoc comhiomlán de 15%. Meastar an fostaí ar ranníocaíocht an fhostóra mar shochar comhchineáil agus ní mór dó é seo a chur ina thuairisceán ioncaim.

Ar Ais go Barr

Faoiseamh cánach d’fhostóirí

Beidh ranníocaíochtaí CCSP an fhostóra thar ceann fostaithe inaisbhainteach go hiomlán chun críocha cánach chun brabúis nó gnóthachain cheirde nó ghairme a mheas nó chun speansais bhainistíochta comhlacht infheistíochta a ríomh.

Cuntais CSP agus Conarthaí Blianachta Scoir

Ceadófar aistrithe ó chonradh blianachta scoir go dtí CCSP. Déanfar ranníocaíochtaí do chonradh blianachta scoir agus CCSP (ach amháin CCSP sa chás go bhfuil ranníocaíochtaí breise deonacha ann) a chomhlánú agus uasmhéid an fhaoisimh chánach á ríomh.

Sampla:

Féadann duine 45 bliain d’aois a fhaigheann faoiseamh cánach ag 20% dá thuilleamh ar ranníocaíochtaí do chonradh blianachta scoir 5% breise a chur le CCSP, ag comhlánú faoisimh chánach 25%.

Ar Ais go Barr

Cuntais CSP agus Ranníocaíochtaí Breise Deonacha

Féadann fostaithe i scéim pinsean gairme ranníocaíochtaí breise deonacha a chur le CCSP. Ní mór an CCSP a bhunú faoi riail den phríomhscéim nó faoi scéim ar leith, ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, agus a bhfuil baint aici leis an bpríomhscéim.

Beidh na teorainneacha aoise a leanas infheidhme ar iomlán ranníocaíochtaí an fhostaí íoctha do scéim pinsean gairme agus don CCSP leis na ranníocaíochtaí breise deonacha:

Aois % de Thuilleamh
Faoi 30 bliain d’aois 15%
30 - 39 bliain d’aois 20%
40 - 49 bliain d’aois 25%
50 – 54 bliain d’aois 30%
55 – 59 bliain d’aois 35%
60 bliain nó níos sine 40%

Baineann fostaithe mar seo tairbhe as ranníocaíocht saor ó cháin an fhostóra don scéim pinsean gairme atá teoranta ag riachtanais mhaoinithe.

Ar Ais go Barr

Cuntais CSP agus scéimeanna pinsean gairme

Ceadófar aistrithe ón scéim pinsean gairme nó ó scéim reachtúil do CCSP áit a bhfuil an ball sa scéim le 15 bliain nó níos lú agus:

  • a bhfuil an scéim á críochnú nó
  • a bhfuil an ball ag athrú fostaíochta.

Is féidir luach na ranníocaíochtaí breise deonacha do scéim pinsean gairme a aistriú do CCSP gan bacadh leis na srianta thuas.

Is féidir aisíocaíochtaí na ranníocaíochtaí (le hús más infheidhme) a íoctar ó scéimeanna gairme a aistriú chuig CCSP gan aon cháin a ghearradh. Is é cuspóir an bhirt seo maoiniú pinsin a spreagadh. I gcásanna eile gearrtar cáin ioncaim ar aisíocaíochtaí mar seo ag an ráta caighdeánach (20% faoi láthair).

Ar Ais go Barr

An córas cánach sa tréimhse mhaoinithe

Beidh an córas cánach reatha do ghnó na bpinsean infheidhme do ghnó an CCSP, is é sin le rá go mbeidh fás saor ó cháin ann le linn na tréimhse maoinithe.

Ar Ais go Barr

Roghanna scoir

Nuair a théann tú ar scor, caithfear leis na cistí i do CCSP faoin gcóras do Chistí Ceadaithe Scoir agus Cistí Scoir a bhfuil Íosmhéid Ceadaithe acu, a bhfuil sonraí fúthu ar fáil i mBileog IT14, "Faoiseamh Cánach le haghaidh Infheistíocht i bPinsean agus Roghanna um Cistí Ceadaithe Scoir”, faoi Roghanna Scoir".

Ar Ais go Barr

Faisnéis Bhreise

Le haghaidh tuilleadh eolais féach bileog IT14, "Tax Relief for Investment in a Pension and Approved Retirement Fund Options", nó Treoirleabhar Pinsean na gCoimisinéirí Ioncaim.

B’fhéidir gur mhaith leat cuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin an Bhoird Pinsean, www.pensionsboard.ieNasc seachtrach. Soláthraíonn an Bord Pinsean tuilleadh eolais ar Chuntais CSP ar: Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (CCSP)Nasc seachtrach

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil