Postchúnamh Ioncaim - IT58
Faisnéis don Fhostaí
An bhfuil tú as obair le tamall anuas, agus an bhfuil tú ag glacadh le post anois?
Má TÁ, b’fhéidir go mbeifeá in ann tuilleadh asbhaintí cánach a éileamh dá bharr sin. Tá Postchúnamh Ioncaim ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe le 12 mhí nó níos faide, nó do thuismitheoirí singile atá dífhostaithe an fad céanna, chun glacadh le post.
Tá bileog ar leith Cúnamh Poist na gCoimisinéirí Ioncaim - Faisnéis don Fhostóir (IT59) ar fáil d’fhostóirí, ina gcuirtear in iúl dóibh an leas a d’fhéadfaidís a bhaint as.
Conas a Oibríonn an Postchúnamh Ioncaim?
- Má tá tú dífhostaithe le 12 mhí nó níos faide
agus anois - Má ghlacann tú le post cáilithíoch
d’fhéadfá - Liúntais bhreise cánach a fháil thar thrí bliana canach agus faoi réir teorainneacha agus coinníollacha áirithe d’fhéadfá
- Do chárta liachta & do chuid sochar tánaisteach a choinneáil
Conas a cháilím le haghaidh na scéime seo?
Chun cáiliú le haghaidh na scéime seo ní mór duit a bheith dífhostaithe go leanúnach ar feadh an 12 mhí díreach roimh an dáta ar a dtosaíonn tú an post.
Ón 1 Eanáir 2010, ní bheidh suas le 15 lá d’fhostaíocht theagmhasach, a cuireadh san áireamh agus sochair Coimirce Sóisialaí á ríomh, san áireamh (.i. ní mór duit a bheith ag fáil íocaíochtaí Coimirce Sóisialaí ar feadh 12 mhí móide suas go dtí 15 lá ionas go n-áireofaí laethanta fostaíochta teagmhasaí). Le linn an 12 mhí sin (agus suas le 15 lá más infheidhmithe) ní foláir nó go raibh ceann de na híocaíochtaí seo a leanas á fháil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí:
- Sochar Cuardaitheora Poist
- Cúnamh Cuardaitheora Poist
- Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora
- Liúntas Míchumais
- Pinsean na nDall.
Le héifeacht ón 1 Eanáir 2006, cáilíonn na híocaíochtaí seo a leanas ón Roinn Coimirce Sóisialaí freisin:
- Sochar Breoiteachta - áit a raibh tú ag fáil na n-íocaíochtaí ar feadh tréimhse leanúnaí de thrí bliana ar a laghad
- Pinsin Easláine - áit a raibh tú ag fáil na n-íocaíochtaí ar feadh tréimhse leanúnaí de bhliain amháin ar a laghad.
Cad é an scéal má bhí mé ar chúrsa FÁS nó ar scéim oiliúna?
Comhairfear am a caitheadh orthu seo a leanas:
- Cúrsaí oiliúna FÁS áirithe (neamh-phrintiseacht)
- An Scéim Fostaíochta Pobail
- An Clár Tionscnaimh Post
- An clár taithí oibre 5 seachtaine 'Ionad Oibre'
- An Scéim um Fhilleadh ar Oideachas arna riar ag an Roinn Coimirce Sóisialaí mar thréimhsí dífhostaíochta le haghaidh Postchúnaimh Ioncaim ar an gcoinníoll go raibh tú ag fáil ceann de na híocaíochtaí atá liostaithe roimhe seo, díreach sular thosaigh tú ar an gcúrsa nó ar an scéim.
Cad é an scéal má bhí mé i bpríosún?
Le héifeacht ón 1 Eanáir 2006, má scaoileadh amach as príosún tú, meastar go bhfuil na tréimhsí a caitheadh i bpríosún ar aon chéim le tréimhsí dífhostaíochta.
Glacadh le post
Ní chuirtear Postchúnamh Ioncaim i bhfeidhm ach amháin má bhíonn tú ag glacadh le post. Ní chuirtear i bhfeidhm é má tá tú ag dul a bheith féinfhostaithe.
Ní mór don phost atá á ghlacadh agat:
- A bheith ann ar feadh 30 uair an chloig sa tseachtain ar a laghad
- A bheith in ann leanúint ar feadh 12 mhí ar a laghad.
Ní féidir leat na liúntais bhreise cánach a éileamh má tá tú ag baint tairbhe as scéim ar bith eile fostaíochta ar nós 'Scéim an Liúntais um Fhilleadh ar Obair' arna riar ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.
Tá coinníollacha áirithe ann freisin maidir leis an bpost atá á ghlacadh agat.
Mar shampla:
- Níl sé ceadaithe an fhostaíocht a bheith bunaithe ar choimisiún go príomha (.i. poist ina bhfaightear os cionn 75% den tuillimh ó choimisiún)
- Ní ceart gur dífhostaíodh sealbhóir an phoist roimhe sin go héagórach
- Ní ceart go raibh aon iomarcaíochtaí sa chomhlacht sa 26 seachtaine roimhe
- Ní ceart gur fostaíocht atá ann in áit nach dteastaíonn aon fhórsa oibre ón bhfostóir.
Má tá aon amhras ort, beidh d’fhostóir in ann a chur in iúl duit cé acu an gcáilíonn an post atá á ghlacadh agat ar an dóigh seo.
Liúntais Bhreise Cánach
Liúntas breise cánach pearsanta agus liúntas cánach linbh le haghaidh gach linbh cháilithigh atá sna liúntais bhreise cánach. Rátaítear na liúntais seo go himeallach a chiallaíonn go bhfuil siad ceadaithe ag do ráta is airde cánach agus taispeántar iad mar mhéadú ar do chreidmheasanna cánach agus do bhanda rátaí ar do dheimhniú creidmheasa cánach.
Cuirtear Postchúnamh Ioncaim le do chreidmheasanna cánach agus do bhanda rátaí eile agus is féidir é a éileamh ar feadh trí bliana. Chomh maith leis sin, is féidir an liúntas cánach seo a éileamh beag beann ar do stádas pósta nó sibhialta.
| Liúntas Breise Cánach Pearsanta | Liúntas Cánach Linbhle haghaidh gach Linbh cháilithigh | |
|---|---|---|
| Bliain 1 | €3,810 | €1,270 |
| Bliain 2 | €2,540 | €850 |
| Bliain 3 | €1,270 | €425 |
Cad é an t-ioncam ar féidir liom na liúntais cánach a éileamh ina aghaidh?
Ní féidir na liúntais cánach a chur ach in aghaidh ioncaim ón bpost nua.
Cá huair is féidir liom na liúntais cánach a éileamh?
Is féidir leat tosú ar na liúntais cánach a éileamh:
- sa bhliain chánach* ina nglacann tú an post
nó - sa bhliain chánach ina dhiaidh sin
*Ritheann an bhliain chánach ón 1 Eanáir go 31 Nollaig.
Mar shampla, má ghlacann tú le post ar an 1 Meitheamh 2011, is féidir leat tosú ar na liúntais cánach a éileamh sa bhliain chánach 2011 nó 2012. Má tá d’ioncam ón bpost nua íseal sa chéad bhliain, d’fhéadfadh go mbeadh sé níos tairbhiúla fanacht go dtí an bhliain chánach dar gcionn sula dtosaíonn tú ag éileamh ionas go mbainfidh tú an leas is mó as na liúntais.
Chun cabhair a fháil ag roghnú na bliana cánach is mó leasa duit le tosú ar na liúntais a éileamh, déan teagmháil le do thoil le do Sheirbhís Íosghlao ÍMAT Réigiúnach a bhfuil a huimhir liostaithe ag deireadh na bileoige seo.
Sampla:
Tá beirt leanaí agat, ag do chéile nó do pháirtnéir sibhialta. Glacann tú le post a cháilíonn do Phostchúnamh Ioncaim ar an 1 Meitheamh 2011 agus tá tú ag dúil le €18,000 a thuilleadh sa tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2011. Fuair tú €4,000 freisin mar Shochar Cuardaitheora Poist incháinithe suas go dtí an dáta sin. Is é d’ioncam iomlán incháinithe do 2011 ná €22,000 (€18,000 + €4,000) agus is é 20% do ráta is airde cánach. Dá bhrí sin is é €22,000 @ 20% = €4,400, lúide creidmheasanna cánach, do dhliteanas cánach ioncaim le haghaidh 2011.
Is é €6,220 na creidmheasanna cánach do 2011 - curtha le chéile mar seo a leanas:
Creidmheas Cánach Dhuine Pósta nó Pháirtnéir Sibhialta €3,300
Creidmheas Cánach ÍMAT €1,650
Gnáthchreidmheasanna san Iomlán €4,950
Móide:
Liúntas Postchúnaimh Phearsanta (Bliain 1 €3,810
Liúntas Postchúnaimh Linbh (€1,270 x 2) €2,540
Creidmheas Cánach Postchúnaimh Ioncaim €6,350 @ 20% €1,270
Iomlán €6,220
Sa chás seo tá sé níos tairbhiúla fanacht go dtí an bhliain chánach 2012 sula dtosaíonn tú ar na Liúntais Phostchúnaimh Ioncaim a éileamh toisc go gclúdaíonn do ghnáthchreidmheasanna cánach de €4,950 do dhliteanas cánach ioncaim de €4,400 ag éirí as d’ioncam incháinithe de €22,000 le haghaidh 2011.
Le haghaidh 2012, tá creidmheasanna cánach de €4,950 agat (Creidmheas Cánach Dhuine Phósta nó Pháirtnéir Sibhialta €3,300 + Creidmheas ÍMAT €1,650) móide na creidmheasanna cánach breise ón bPostchúnamh Cánach de €1,270 a chiallaíonn gurb ionann do chreidmheasanna iomlána agus €6,220.
Dá n-éileofá na creidmheasanna cánach Postchúnaimh Ioncaim sa bhliain 2011, chaillfeá leas na Liúntas Postchúnaimh do 2011 toisc nach raibh siad ag teastáil le d’ioncam. Anois go bhfuil tú sa dara bliain de Scéim an Phostchúnaimh Ioncaim freisin, ní bheadh i do chreidmheasanna iomlána do 2012 ach €5,798, .i.
Creidmheas Cánach Dhuine Pósta nó Pháirtnéir Sibhialta €3,300 Creidmheas Cánach ÍMAT €1,650 Gnáthchreidmheasanna san Iomlán €4,950 Móide: Liúntas Postchúnaimh Phearsanta (Bliain 2) €2,540 Liúntas Cánach Linbh (€850 x 2) €1,700 Creidmheas Cánach Postchúnaimh Ioncaim €4,240 @ 20% €848 Creidmheasanna Cánach san Iomlán le haghaidh 2012 €5,798
Conas a cháilím le haghaidh an liúntais bhreise cánach linbh?
Is féidir liúntas breise cánach a éileamh le haghaidh gach linbh cháilithigh. Is ionann leanbh cáilitheach ná do/bhur leanbh, leanbh do chéile nó do pháirtnéir shibhialta atá:
- Faoi bhun 18 mbliana d’aois
nó - Níos sine ná 18 mbliana d’aois agus i mbun oideachais
lánaimseartha, nó oiliúna lánaimseartha mar phrintíseach áit a mhaireann an
oiliúint ar feadh dhá bhliain ar a laghad
nó - Duine a bhfuil éagumas buan coirp nó intinne air/uirthi, ó am roimh dó/di 21 bliana d’aois a bhaint amach nó i ndiaidh dó/di 21 bliana d’aois a bhaint amach ach é/í fós i mbun oideachais lánaimseartha nó oiliúna lánaimseartha i leith ceirde nó gairme ar feadh 2 bhliain ar a laghad.
Caithfidh an leanbh a bheith ina c(h)ónaí leat don bhliain chánach ar fad nó cuid di.
An féidir le beirt éileamh le haghaidh an linbh chéanna?
Is féidir, ach ní féidir ach liúntas amháin a éileamh le haghaidh gach linbh cháilithigh i mbliain ar bith. Má tá beirt i dteideal éileamh le haghaidh an linbh chéanna déantar an liúntas a roinnt eatarthu ar an dóigh a leanas:
- Nuair a chothaíonn duine amháin an leanbh, ansin faigheann an duine sin an liúntas
- Nuair a bhíonn comhchothú ag an leanbh, déantar an liúntas a roinnt ar an gcoibhneas céanna agus a chothaíonn siad an leanbh nó ar bhealach a socraíonn siad beirt air.
Sampla
Ghlac tú féin, do chéile nó do pháirtnéir sibhialta beirt le poist agus tá sibh beirt i dteideal an liúntas breise cánach linbh a éileamh. Tá beirt leanaí cháilitheacha agat. Tugann tú €3,000 ar son chothabháil an linbh agus tugann do chéile nó do pháirtnéir sibhialta €1,000.
Is é €2,540 (€1,270 x 2) an liúntas cánach le haghaidh do bheirt leanaí i mBliain 1
Tú féin: €2,540 x ¾ * = €1,905 * €3,000/€4,000 Céile nó páirtnéir sibhialta: €2,540 x ¼ ** = €635 **€1,000/€4,000
Is féidir libh teacht ar chomhchinneadh chun ligean do dhuine amháin agaibh an liúntas cánach linbh a éileamh ina iomláine nó an liúntas sin a roinnt eadraibh ar bhealach ar bith eile.
Tá sibh beirt i dteideal liúntais phearsanta cánach de €3,180 le haghaidh na chéad bhliana den éileamh.
Cad a tharlaíonn má athraím mo phost?
Má athraíonn tú do phost uair amháin le linn na dtrí bliana is féidir leat an liúntas a choinneáil go fóill. Má bhogann tú ar aghaidh, áfach, chuig tríú post caillfidh tú an liúntas.
Tabhair faoi deara: Ní féidir leat an faoiseamh seo a éileamh ach ar feadh tréimhse trí bliana amháin. Má éilíonn tú an faoiseamh, má éiríonn tú dífhostaithe agus má fhilleann tú ar obair arís sa tréimhse chéanna trí bliana, is féidir leat leanúint leis an éileamh. Má éilíonn tú an faoiseamh, má éiríonn tú dífhostaithe agus má fhilleann tú ar obair arís i ndiaidh na tréimhse trí bliana, ní féidir leat an faoiseamh a éileamh.
An féidir liom faoiseamh cánach a éileamh le haghaidh blianta roimhe seo má bhí mé i dteideal an liúntais seo?
Ní mór éileamh ar fhaoiseamh cánach a dhéanamh laistigh de 4 bliana i ndiaidh dheireadh na bliana cánach lena mbaineann an t-éileamh.
Aisíocaíochtaí:Is féidir aisíocaíochtaí cánach a íoc go díreach le seic a sheolfar chuig do sheoladh poist nó le haistriú díreach a dhéanfar chuig do chuntas bainc Éireannach. Ní féidir aisíocaíocht a dhéanamh i gcuntas bainc thar lear.
An féidir liom mo chárta liachta agus sochair thánaisteacha a choinneáil?
De réir an Phostchúnaimh Ioncaim is féidir leat do chárta liachta a choinneáil ar feadh trí bliana ón dáta a fhilleann tú ar obair.
D’fhéadfá sochair thánaisteacha, amhail fóirdheontais chíosa, liúntais bhreosla, srl a choinneáil freisin ar feadh trí bliana, faoi réir teorainneacha áirithe
ioncaim agus coinníollacha eile. Le haghaidh ceisteanna maidir le teidlíocht, nó eile, i leith sochar tánaisteach, déan teagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
go díreach ar 1850 24 1850.
An féidir liom an Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh (FIS) a éileamh?
Is féidir, is féidir leat FIS (íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin) a éileamh má
tá d’ioncam teaghlaigh faoi theorainn áirithe. Chun tuilleadh sonraí a fháil déan teagmháil le
Rannóg FIS den Roinn Coimirce Sóisialaí,
Roinn an Fhorlíonaidh Ioncaim Teaghlaigh,
Tithe an Rialtais,,
Bóthar Bhéal Átha na Lao,
An Longfort.
Cuir glao ar (043) 334 0000 nó (01) 704 3000 nó Íosghlao 1890 92 77 70.
Conas mar a dhéanaim éileamh?
Comhlánaigh an
fhoirm iarratais ar Phostchúnamh (RJAI) (PDF, 294KB)
Tá dhá chuid san fhoirm seo:
- Ní mór duit féin Cuid 1 a chomhlánú
- Ní mór do d’fhostóir Cuid 2 a chomhlánú lena dheimhniú go bhfuil an post atá á ghlacadh agat incháilithe le haghaidh na scéime.
Nuair a bheidh an dá chuid den fhoirm líonta ba chóir duit í a chur ar aghaidh chuig d’Oifig áitiúil Ioncaim.
Léireoidh comhfhreagras ar bith a fhaigheann tú ó na Coimisinéirí Ioncaim seoladh teagmhála d’oifige áitiúla Ioncaim nó má thugann tú cuairt ar www.revenue.ie agus d’uimhir PPS a chur isteach inár nAimsitheoir Teagmhála, taispeánfar ainm, seoladh agus sonraí teagmhála d’oifige áitiúla Ioncaim.
Tuilleadh Eolais
Tá an bhileog seo ann ar mhaithe le heolas ginearálta amháin. Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar www.revenue.ie nó déan teagmháil le do Sheirbhís Íosghlao PAYE Réigiúnach dá dtugtar uimhir thíos (laistigh de Phoblacht na hÉireann amháin).
| Réigiún | Limistéar sa Réigiún | Uimhir Ghuthán |
|---|---|---|
| Réigiún na Teorann, Lár Tíre, an Iarthair | An Cabhán, Muineachán, Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Liatroim, An Longfort, Lú, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach, An Iarmhí | 1890 777 425 |
| Réigiún Bhaile Átha Cliath | Baile Átha Cliath (Cathair agus Contae) | 1890 333 425 |
| Réigiún an Oirthir & an Oirdheiscirt | Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, An Mhí, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin | 1890 444 425 |
| Réigiún an Iardheiscirt | An Clár, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach | 1890 222 425 |
Tabhair faoi deara go bhféadfadh difear a bheith sna rátaí a ghearrtar i gcomhair uimhreacha 1890 (Íosghlao) i measc soláthraithe seirbhíse éagsúla. Má tá tú ag glaoch ó áit lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, glaoigh ar + 353 1 702 3011.
Srian ama ceithre bliana: Ní mór éileamh ar fhaoiseamh ó cháin a dhéanamh laistigh de 4 bhliain dheireadh na bliana cánach lena mbaineann an t-éileamh.
Inrochtaineacht - Más duine le míchumas tú agus go dteastaíonn an bhileog seo uait i bhformáid eile, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Rochtanna na gCoimisinéirí Ioncaim ag accessofficer@revenue.ie.
IT58 - Postchúnamh - Faisnéis don Fhostaí (PDF, 537KB)
Tá an Bhileog seo ceaptha le cur síos ar an ábhar i dtéarmaí ginearálta. Mar sin, ní dhéantar iarracht inti gach ceist a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir leis an ábhar a chlúdú. Níl sé ceaptha bheith ina léirmhíniú dlíthiúil ar na forálacha reachtúla agus mar sin, ní féidir glacadh le haon dliteanas a tarraingíodh nó caillteanas a fulaingíodh toisc go rabhthas ag brath ar aon ábhar atá foilsithe istigh anseo.
Na Coimisinéirí Ioncaim
Méan Fómhair 2011
