IT 8 - Díolúine ó Cháin Ioncaim & Faoiseamh Imeallach do 2011
- Cé atá i dteideal díolúine?
- Conas a deonaítear Díolúine?
- Conas a dhéanaim mo Cháin Ioncaim a áireamh?
- Má bhíonn m'ioncam beagán os cionn na teorann díolúine, an bhfaighidh mé faoiseamh?
- Conas mar a fheidhmíonn Faoiseamh Imeallach?
- An bhfuil mé saor ó Cháin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT)?
- An féidir liom éileamh a dhéanamh ar Aisíoc ar Cháin a Baineadh?
- Conas is féidir liom éileamh a dhéanamh ar Dhíolúine nó Faoiseamh Imeallach?
- Tacaíocht Fhostaíochta - Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh - FIS
- Eolas Breise
Cé atá i dteideal díolúine?
Beidh duine saor ó cháin ioncaim do 2011 má bhíonn a c(h)áin ioncaim níos lú ná na méideanna seo leanas:
| 65 bliana nó os a chionn, Duine Singil, Baintreach Páirtnéir Sibhialta Marthanach | Pósta nó i Bpáirtnéireacht Sibhialta |
|---|---|
| €18,000 | €36,000 |
Is féidir le daoine faoi bhun 65 bliana d'aois Díolúine agus Faoiseamh Imeallach a éileamh fós go dtí 31 Nollaig 2007.
| Bliana | Duine Singil, Baintreach nó Páirtnéir Sibhialra Marthanach | Pósta nó bPáirtnéireacht Sibhialta |
|---|---|---|
| 2007-2010 | €20,000 | €40,000 |
Méadaítear na teorainneacha seo de €575 do gach duine den chéad dá leanbh agus de €830 do gach leanbh ina dhiaidh sin.
| Aois 65 agus os a chionn*, Singil, Baintreach nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach | ||
|---|---|---|
| Seachtainiúil | Míosúil | |
| Gan aon leanbh cáilitheach | €347 | €1,500 |
| 1 leanbh cáilitheach | €358 | €1,548 |
| 2 leanbh cáilitheach | €369 | €1,596 |
| 3 leanaí cáilitheach** | €385 | €1,665 |
| Aois 65 & os a chionn*, Pósta nó i bPáirtnéireacht Shibhialta | ||
|---|---|---|
| Seachtainiúil | Míosúil | |
| gan aon leanbh cáilitheach | €693 | €3,000 |
| 1 leanbh cáilitheach | €704 | €3,048 |
| 2 leanbh cáilitheach | €715 | €3,096 |
| 3 leanaí cáilitheach** | €730 | €3,165 |
* Aois:
Má bhíonn tú pósta no i bpáirtnéireacht shibhialta, is í aois an chéile nó an páirtnéir sibhialta is sine atá ábhartha e.g. tá tusa 67 agus tá do chéile nó pháirtnéir shibhialta 63, tá tú i dteideal teorainneacha díolúine duine pósta nó páirtnéireacht sibhialta.
** Leanaí: Má bhíonn níos mó ná 3 leanbh cáilitheach agat, cuir €15.96 leis an bhfigiúir seachtainiúil (nó €69.16 leis an bhfigiúr míosúil) do gach leanbh ina dhiaidh sin.
Ciallaíonn leanbh cáilitheach don bhlian leanbh:
- A rugadh sa bhliain
- Faoi 18 mbliana d'aois i dtosach na bliana nó
- Os cionn 18 mbliana d'aois i dtosach na bliana agus in oideachas lánaimseartha nó traenáil lánaimseartha mar phrintíseach agus fad dhá bhliana ar a laghad leis an traenáil nó
- Faoi éagumas coirp nó intinne, sular sroichead 21 bliana d’aois, nó i ndiaidh aois a 21 bliain a bhaint amach ach fós i mbun oideachais lánaimseartha le haghaidh ceirde nó gairme ar feadh dhá bhliain ar a leaghd.
Leanbh ar leanbh leis an éilitheoir, an chéile nó an páirtnéir sibhialta é nó í nó sa chás nach leanbh dá leithéid é nó í, leanbh atá faoi choimeád an éilitheora agus á c(h)othabháil ar chostas an éilitheora féin don bhliain chánach iomlán nó cuid di.
Conas a deonaítear Díolúine?
Má bhíonn d'ioncam iomlán níos lú ná an teorainn ábhartha díolúine mar atá leagtha amach sa chairt thuas, ní bheidh ort cáin ioncaim ar bith a íoc. Seolfar deimhniú creidmheasa cánach chuig d'fhostóir nó sholáthraí pinsin ar a léireofar méid na díolúine i dtreo is nach mbainfear cáin ó do phá nó pinsean. Má dheonaítear díolúine duit, ní bheidh aon fhaoiseamh breise ar fáil maidir le héilimh a bheadh agat e.g. costais sláinte, etc.
Conas a dhéanaim mo Cháin Ioncaim a áireamh?
Is é d'ioncam iomlán ar mhaithe le díolúine d'ioncam comhlán (i.e. sula ndéantar aon cháin ioncaim a bhaint as) ó gach foinse lúide asbhaintí áirithe, ar nós costas, méideanna faoi chúnant, srl. Ní mór d'ioncam ó gach foinse a chur san áireamh agus tú ag éileamh díolúine ó cháin ioncaim i.e. pá, pinsean, ioncam ó chíosanna, ús taisce, ioncam díbhinne, srl.
Má bhíonn tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta agus sibh faoi cháin i gcomhpháirt, cuirtear ioncam do chéile nó do pháirtnéir shibhialta san áireamh. Ní mór figiúirí comhlána (i.e. roimh asbhaint DIRT [cáin choinneála ar ús taisce], Cáin Iarchoimeádta Dhíbhinne, srl.) a chur san áireamh le haghaidh ús taisce agus díbhinne ioncaim. Má bhíonn iomlán d'ioncaim cothrom leis an teorainn dhíolúine nó níos lú tá tú saor ó cháin ioncaim.
Sampla:
Tá ioncam €35,000 ag lánúineachta pósta nó lánúineachta i bpáirtnéireacht shibhialta (tá an bheirt acu os cionn 65 bliain d'aois) i 2011. Beidh siad saor ó cháin do 2011 mar tá a n-ioncam comhlán de €35,000 níos lú ná an teorainn dhíolúine de €36,000.
Ní bhaineann díolúine ach le cáin ioncaim. Beidh ÁSPC (PRSI) fós le híoc.
D’fhéadfadh ioncam duine a bheith faoi réir ag an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) freisin, rud a ríomhtar as féin ó Cháin Ioncaim. Chun faisnéis a fháil faoi dhíolúine
a fháil ón MSU, féach ar an doiciméad Ceisteanna Coitianta maidir leis an MSU ar ár láithreán Gréasáin ag:
Ceisteanna Coitianta ar an Mhuirear Sóisialta Uilíoch(PDF, 674KB)
Má bhíonn m'ioncam beagán os cionn na teorann díolúine, an bhfaighidh mé faoiseamh?
Gheobhaidh. Má bhíonn d'ioncam iomlán os cionn na teorann díolúine a bhaineann leat, is féidir go mbeidh tú fós i dteideal faoisimh. Faoiseamh Imeallach a thugtar air seo.
Má bhíonn d’ioncam suas le dhá oiread na teorann díolúine ábhartha d'fhéadfaí go mbeidh tú i dteideal Faoiseamh Imeallach a fháil, ní thabharfar é seo, áfach, ach amháin má bhíonn sé níos tairbhiúla duit ná do chreidmheasanna cánach. Más rud é gur tugadh faoiseamh imeallach duit agus más mian leat creidmheasanna nó faoisimh chánach a éileamh ina dhiaidh sin, m.sh. Costais Sláinte, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do dhliteanas a ríomh arís chun a fháil amach cé acu is mó a rachadh chun tairbhe duit - creidmheasanna cánach nó Faoiseamh Imeallach.
Is é 40% an ráta cánach Faoisimh Imeallaigh.
Conas mar a fheidhmíonn Faoiseamh Imeallach?
Léiríonn an sampla mar a fheidhmíonn Faoiseamh Imeallach.
Sampla
Tá ioncam €38,000 (€730.77 in aghaidh na seachtaine) sa bhliain 2011 ag duine aonnair atá pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta, atá 68 bliain d'aois, le beirt leanbh cáilitheach, i dteideal creidmheas cánach de €5,440 atá comhdhéanta den mhéid seo leanas: Creidmheas Pósta Pearsanta nó Pháirtnéireachta Shibhialta - €3,300, Creidmheas Aoise - €490, Creidmheas ÍMAT - €1,650. Is í an teorainn díolúine a bhaineann leis €37,150 (i.e. €36,000 + €575 + €575 do 2 leanbh cáilitheach).
Cáin gearrtha faoin Ghnáthchóras (20%)
Ioncam Iomlán: €38,000
Cáin @ 20% - €7,600: Lúide creidmheasanna cánach - €5,440
Dliteanas cánach: € 2,160
Cáin gearrtha faoi Fhaoiseamh Imeallach (40%)
Ioncam Iomlán: €38,000
Lúide: Díolúine - €37,150: Breis - €850
Díolúine chánach: €340.
Sa sampla seo, tá sé níos tairbhí go ndeonaítear Faoiseamh Imeallach ó tá an cháin atá dlite níos lú ná mar a bheadh ag baint leas as creidmheasanna cánach.
A luaithe a dheonaítear Faoiseamh Cánach, ba cheart go bhfaigheadh tusa agus d'fhostóir nó d’soláthróir pinsin deimhniú creidmheasa cánach a léireoidh gur deonaíodh an faoiseamh duit.
An bhfuil mé saor ó Cháin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT)?
Is féidir leat iarratas a dhéanamh go díreach ar d'Institiúid Airgeadais le go n-íocfaí an t-ús gan DIRT a asbhaint fad is a chomhlíonann tú na coinníollacha seo leanas,
- Tá tusa nó do chéile nó do pháirtnéireacht shibhialta in aois a 65 nó os
a chionn le linn na bliana cánach, nó tá tú ar éagumas buan sa chaoi nach
bhfuil ar do chumas tú féin a chothabháil de bharr éiglíocht choirp nó aigne
agus - Tá d'ioncam iomlán nó ioncam iomlán do chéile no do pháirtnéir shibhialta faoi bhun na teorann díolúine bliantúla
Féach na bileoga eolais le do thoil:
- DE1 - Cuntais Taisce saor ó CCÚT dóibh siúd atá 65 bliana d'aois nó níos síne agus
- DE2 - Cuntais Taisce saor ó CCÚT dóibh siúd atá Buanéagumasaithe
atá ar fáil ar www.revenue.ie, ag aon oifig fhiosrúcháin nó trí ghlaoch ar ár Seirbhís LoCall d'fhoirmeacha agus bileoga ar: 1890 30 67 06. Má má tú ag glaoch ó áit lasmuigh de Phoblacht na hÉireann cuir glao ar + 353 1 702 3050.
An féidir liom éileamh a dhéanamh ar Aisíoc ar Cháin a Baineadh?
Má tá tú i dteideal díolúine ó cháin ioncaim ach go bhfuil tú tar éis cáin a íoc nó ioncam a fháil ónar baineadh cáin (e.g. pá, pinsean, ús taisce (inar sásaíodh na coinníollacha sa pharagraf thuas), díbhinní Éireannacha, ioncam faoi chúnant, etc.) beidh tú i dteideal aisaíochta sa chuid is mó de chásanna. Is gá gach éileamh a dhéanamh taobh istigh de theorainn cheithre bliana.
Conas is féidir liom éileamh a dhéanamh ar Dhíolúine nó Faoiseamh Imeallach?
Má deonaíodh díolúine ort anuraidh ní gá duit iarratas a dhéanamh athuair. Deonófar díolúine sa ghnáthchúrsa, má tá sé dlite.
Má cheapann tú go bhfuil tú i dteideal na Díolúine ó Cháin Ioncaim nó Faoisimh Imeallaigh, is féidir leat glaoch ar Sheirbhís Réigiúnach Íosghlao na gCoimisinéirí Ioncaim a bhfuil a huimhreachta teileafóin thíos.
Tacaíocht Fhostaíochta - Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh - FIS
Íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin é FIS, a íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí, le cuidiú le do theaghlach má thiteann d'ioncam faoi bhun teorainn áirithe (tá teaghlaigh aontuismitheora cáilithe freisin). Le bheith cáilithe, ní mór duit oibriú íosmhéid de 19 uaireanta an chloig sa tseachtain (nó 38 uaireanta an chloig sa choicís) agus leanbh cleithiúnach amháin ar a laghad a bheith agat. Déan teagmháil le d'Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil le haghaidh eolas faoi chúrsaí Leasa Shóisialaigh agus foirmeacha iarratais, nó
An Roinn Coimirce Sóisalaí,
Rannóg an Fhorlíonaidh Ioncaim Teaghlaigh (FIS),
Árais an Rialtais,
Bóthar Bhéal Átha na Lao,
An Longfort.
Teileafón (043) 3340000 nó (01) 704 3000 nó LoCall 1890 92 77 70
Eolas Breise
Is ar mhaithe le heolas ginearálta atá an bhileog seo. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil trí chuairt a thabhairt ar www.revenue.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le d'Oifig Réigiúnach de chuid na gCoimisinéirí Cánach a bhfuil a huimhir LoCall liostaithe thíos (taobh istigh de Phoblacht na hÉireann).
| Réigiún | Limistéar faoin Réigiún | Uimhir Theileafóin. |
|---|---|---|
| Réigiún Lár Tíre na Teorann, Lár Tíre Thiar | An Cabhán, Muineachán, Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Liatroim, An Longfort, Lú, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach, An Iarmhí | 1890 777 425 |
| Réigiún Bhaile Átha Cliath | Baile Átha Cliath (Cathair agus Contae) | 1890 333 425 |
| Réigiún Thoir & Thoir-theas | Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, An Mhí, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin | 1890 444 425 |
| Réigiún Thiar-theas | An Clár, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach | 1890 222 425 |
Tabhair faoi deara, le do thoil, gur féidir difríocht a bheith sna rátaí a ghearrann soláthróirí seirbhíse éagsúla d'uimhreacha 1890 (LoCall).
Má ghlaonn tú ó thaobh amuigh de Phoblacht na hÉireann, glaoigh ar + 353 (1) 702 3011.
Srian ama ceithre bliain
Ní mór éileamh ar fhaoiseamh ó cháin a dhéanamh laistigh de 4 bhliain ó dheireadh na bliana cánach lena mbaineann an t-éileamh.
Inrochtaineacht - Más duine le míchumas tú agus go dteastaíonn an bhileog seo uait i bhformáid eile, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Rochtanna na gCoimisinéirí Ioncaim ag: accessofficer@revenue.ie
Na Coimisinéirí Ioncaim: Samhain 2011
Leagan PDF de IT8 - Díolúine ó Cháin Ioncaim & Faoiseamh Imeallach do 2011 (PDF, 611KB)
Tá an bhileog seo ceaptha le cur síos ar an ábhar i dtéarmaí ginearálta. Mar sin, ní dhéantar iarracht inti gach ceist a d'fhéadfadh teacht chun cinn maidir leis an ábhar a chlúdú. Níl sé ceaptha bheith ina léirmhíniú dlíthiúil ar na forálacha reachtúla agus mar sin, ní féidir glacadh le haon dliteanas a tarraingíodh nó caillteanas a fulaingíodh toisc go rabhthas ag brath ar aon ábhar atá foilsithe istigh anseo.
