Faoiseamh Cánach ar Ús Morgáiste a Íoctar ar Iasacht i gcomhair Tí

Treoir Céim ar Chéim

Déan iarratas ar líne i gcomhair Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse

Rannóg 1: Cad is Faoiseamh Cánach ar Ús Morgáiste ar Iasacht Tí ann?

Is é atá i gceist le faoiseamh cánach ar ús morgáiste ar iasacht tí ná faoiseamh cánach a thugtar do shealbhóirí morgáiste bunaithe ar an ús a íoctar ar mhorgáiste incháilithe ar do theach .i. morgáiste nua i gcomhair tí, breisiú ar iasacht chun críocha forbartha nó feabhsaithe ar do theach, iasacht feabhsaithe tí ar leithligh, athmhorgáiste nó comhdhlúthú ar iasachtaí incháilithe atá ann cheana féin [.i. iasachtaí a úsáidtear chun do theach a cheannach, a dheisiú nó a fheabhsú], arna n-urrú le gníomhais an tí. Ón 1 Eanáir 2002 i leith íocann do sholáthraí morgáiste an faoiseamh ag an bhfoinse. Tugtar faoiseamh cánach ag an bhfoinse [FCF] ar an gcóras seo d’fhaoiseamh a thabhairt ag an bhfoinse seachas iallach a chur ort an faoiseamh a éileamh ar ais ag deireadh na bliana. Tugann do sholáthraí morgáiste an faoiseamh ús morgáiste ag an bhfoinse, mar laghdú ar íocaíocht mhíosúil ar an morgáiste nó cuireann sé chun sochair do chuntais mhaoinithe é.

Ní gá go mbeadh ioncam incháinithe á thuilleamh agat le bheith incháilithe le haghaidh faoiseamh ús morgáiste.

Ar ais go barr

Rannóg 2: Cad is Morgáiste Incháilithe ann?

Chun críocha an fhaoisimh ar ús, is morgáiste incháilithe é iasacht faoi urrús, a úsáidtear chun an t-aon áit chónaithe nó an phríomháit chónaithe atá agat, atá lonnaithe sa Stát, a cheannach, a dheisiú, a fhorbairt nó a fheabhsú. Féadann tú faoiseamh cánach a éileamh i ndáil le hús a íocadh ar an iasacht nó ar an morgáiste seo.

Féadann tú faoiseamh cánach a éileamh i ndáil le hús a d’íoc tú thar ceann do chéile scartha/colscartha nó d’iar-pháirtnéara i bpáirtnéireacht shibhialta scaoilte, agus thar ceann gaol cleithiúnach (.i. tuismitheoir atá ina baintreach nó ina bhaintreach fir nó tuismitheoir atá ina p(h)áirtnéir sibhialta marthanach nó gaol scothaosta) a bhfuil creidmheas cánach do ghaol cleithiúnach á éileamh agat ina leith.

Níl faoiseamh cánach ar fáil ach suas chuig an uasmhéid a cheadaítear.

Rátaí Faoiseamh Ús Morgáiste

Ní hionann é iasachtóir nó cineál morgáiste a athrú chun ráta úis níos fearr a fháil agus iasacht nua a fháil. Tá morgáiste nua, nuair a bhogann tú ó do theach agus nuair a thógann tú morgáiste nua amach le hiasachtóir nua nó leis an iasachtóir céanna incháilithe chun faoiseamh a fháil.

Tá morgáistí arna dtógáil amach idir an 1 Eanáir 2004 agus an 31 Nollaig 2012, faoi réir ag critéir do mhorgáistí cáilithe, incháilithe le haghaidh faoiseamh ús morgáiste go dtí an 31 Nollaig 2017 (féach cairt na rátaí/na n-uasmhéideanna).

Ní bheidh morgáistí a thógfar amach tar éis an 31 Nollaig 2012 incháilithe le haghaidh faoiseamh ús morgáiste.

Níl morgáistí a tógadh amach roimh an 1 Eanáir 2004 incháilithe le haghaidh faoiseamh ús morgáiste a thuilleadh. D’fhéadfadh iasachtaí breisithe/iasachtaí scaoilte cothromais a tógadh amach ón 1 Eanáir 2004 ar na hiasachtaí sin roimh 2004 incháilithe le haghaidh faoiseamh ús morgáiste áfach, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad na critéir incháilitheachta mar atá liostaithe thuas.

Ar ais go barr

Rannóg 3. Cad iad na hathruithe a tháinig chun cinn ó Fhógra an Bhuiséid an 6 Nollaig 2011 [Buiséad 2012] ?

Ón 1 Eanáir 2012 tiocfaidh méadú go 30% ar ráta an fhaoisimh ús morgáiste do cheannaitheoir céaduaire a thóg amach a gcéad mhorgáiste idir na blianta 2004 agus 2008 agus atá ina chónaí sa réadmhaoin, agus coinneofar an méadú sin go dtí 2017. Más rud é gur thóg tú iasacht amach lasmuigh de na dátaí seo tá na rialacha reatha fós gan athrú (féach cairt na rátaí/na n-uasmhéideanna).

Rannóg 4: Cad ba chóir dom a dhéanamh más rud é gur thóg mé amach mo chéad mhorgáiste idir na blianta 2004 agus 2008?

Ní gá duit aon rud a dhéanamh. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim agus na hinstitiúid iasachtaí na hathruithe riachtanacha. Ar chúiseanna riaracháin tógfaidh sé tréimhse ama chun é seo a chur i gcrích ach ní bheidh tú thíos leis agus gheobhaidh tú an faoiseamh morgáiste iomlán atá ag dul duit in 2012.

Rannóg 5: Cad é an cás domsa más rud é gur thóg mé iasacht amach tar éis 2008?

Níor tháinig aon athrú ar an scéal agus tá feidhm leis na rialacha reatha (féach cairt na rátaí/na n-uasmhéideanna). Níl tú i dteideal méadú ar bith a fháil ar fhaoiseamh ús morgáiste ag eascairt ó na hathruithe maidir le faoiseamh ús morgáiste i mBuiséad 2012.

Rannóg 6: Cad atá i gceist le bliain mheasúnachta le haghaidh faoiseamh ús morgáiste?

Déantar dliteanas cánach duine aonair a ríomh ar bhonn ar a dtugtar 'bliain mheasúnachta'. Tugtar bliain chánach uirthi seo freisin. Is ionann í agus an bhliain féilire, .i. ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig.

Déantar faoiseamh ús morgáiste a ríomh trí thagairt do bhliain mheasúnachta. Dá bhrí sin, tá teidlíocht ar fhaoiseamh bunaithe ar an mbliain féilire amháin [1 Eanáir - 31 Nollaig], níl sé bunaithe ar thréimhse 12 mhí ar bith [m.sh. 1 Aibreán go 31 Márta].

Chun sampla praiticiúil a thabhairt den chaoi ina n-oibríonn seo, sa chás go dtógann Seán iasacht amach ar a phríomháit chónaithe i Meitheamh 2008, is é an chéad bhliain mheasúnachta ná Eanáir go Nollaig 2008. Bheadh Seán i dteideal faoiseamh ús morgáiste a fháil don tréimhse ó Mheitheamh go Nollaig 2008 [bunaithe ar ús ar bith a d’íoc sé ar an iasacht ó Mheitheamh go Nollaig]. Ó mhí Eanáir 2009 beidh Seán ina dhara bliana teidlíochta maidir le faoiseamh ús morgáiste.

Ar ais go barr

Rannog 7: Conas a dhéanaim éileamh ar fhaoiseamh ús morgáiste?

Ní mór éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh ús morgáiste ar líne. Féadfaidh lánúin phósta nó lánúin i bpáirtnéireacht shibhialta a gcuid sonraí a sheoladh isteach ar líne san iarratas céanna. I ngach cás eile ina bhfuil comh-iasachtaí i gceist, ba chóir do gach éilitheoir a gcuid sonraí a sheoladh isteach ar leithligh ar líne. Mura bhfuil tú in ann an áis ar líne a úsáid, téigh i dteagmháil leis an Líne Chabhrach FCF ar 1890 46 36 26 nó seol ríomhphost chuig trsadmin@revenue.ie le cúnamh a fháil le do thoil.

Déan Iarratas Ar Líne

Cén uair ar cheart dom iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh ús morgáiste?

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar líne chomh luath agus a thosaíonn tú ar aisíocaíochtaí a dhéanamh ar d’iasacht. Chomh maith leis sin, má thagann athrú ábhartha ar d’iasacht [mar shampla, má thógann tú amach morgáiste breisithe ar do theach] ní mór é sin a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim ag baint úsáide as an gcóras ar líne.

Déan Iarratas Ar Líne

Cé chomh fada agus a thógfaidh sé tar éis dom iarratas a dhéanamh sula bhfaighidh mé m’fhaoiseamh ús morgáiste?

D’fhéadfadh sé suas go 8 seachtaine a thógáil ar d’iasachtóir an faoiseamh ús morgáiste a chur i bhfeidhm ar d’iasacht, toisc go gcaithfidh na Coimisinéirí Ioncaim sonraí do mhorgáiste a phróiseáil agus comhairle a chur ar d’iasachtóir ina leith roimh ré. Tabhair faoi deara le do thoil do bhféadfadh tréimhse níos faide a bheith i gceist chun iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh ús morgáiste más rud é gur athraigh tú d’iasacht nó más rud é go ndearna tú iasachtaí a chomhdhlúthú. (Sa chás go ndéanann tú iarratas i rith na bliana ina dtógann tú an iasacht amach, íocfaidh d’iasachtóirí riáraistí ar bith atá ag dul duit sa bhliain sin.)

Déan Iarratas Ar Líne

An gá dom iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh ús morgáiste gach bliain?

Ní gá. Mura dtagann aon athrú ar do mhorgáiste, leanfaidh d’iasachtóir ar aghaidh ag cur an fhaoisimh i bhfeidhm go huathoibríoch gach bliain. Má thógann tú amach morgáiste Breisithe ar do mhaoin reatha, áfach, beidh ort na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi. Chomh maith leis sin, má bhogann tú agus má thógann tú morgáiste nua amach ar do mhaoin nua, beidh ort é sin a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim.

Sa chás go dtagann athrú ar do mhorgáiste agus go bhfuil tú neamhchinnte cibé an bhfuil tú incháilithe fós nó nach bhfuil, tá dualgas ort na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoin athrú. Mura ndéanann tú é sin, beidh ort aisíocaíocht a dhéanamh ar fhaoiseamh ar bith nach raibh tú i dteideal a fháil, agus sa cháis gur mhainnigh tú fógra a thabhairt go feasach, is cion é ar féidir ionchúiseamh a chur ort ina leith.

Déan Iarratas Ar Líne

Conas a dhéanaim éileamh i leith blianta roimhe seo?

Ní mór éilimh a bhaineann le blianta roimhe seo (suas le 4 bliana anuas) a dhéanamh ar líne.

Ar ais go barr

Rannog 8: Cad iad na cineálacha iasachta NACH BHFUIL incháilithe le haghaidh faoiseamh ús morgáiste?

Níl ús morgáiste ar iasacht a tógadh amach le haghaidh infheistíochta nó cíosa, nó réadmhaoin thánaisteach nó réadmhaoin eile seachas do phríomháit chónaithe incháilithe le haghaidh faoisimh ar ús. Tá faoiseamh morgáiste ar réadmhaoine cíosa mar chuid de do ghnó ar fáil tríd an gcóras cánach agus ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’Oifig Cánach áitiúil ina leith.

Níl morgáistí a tógadh amach roimh an 1 Eanáir 2004 incháilithe le haghaidh faoiseamh ús morgáiste a thuilleadh.

Tá dhá réadmhaoin agam agus roinnim mo chuid ama eatarthu de bharr ceangaltas oibre. An féidir liom faoiseamh ús morgáiste a éileamh ar an dá cheann?

Ní féidir. Sa chás sin, ba cheart duit réadmhaoin a ainmniú mar do príomháit chónaithe phríobháideach agus faoiseamh a éileamh ar an morgáiste sin.

An féidir liom faoiseamh ús morgáiste a éileamh ar réadmhaoin infheistíochta?

Ní féidir. Ní bhaineann faoiseamh ús morgáiste ach le hiasacht ar do phríomháit chónaithe. Más réadmhaoin infheistíochta í an réadmhaoin atá agat agus má tá tú ag fáil faoiseamh ús morgáiste ina leith, ba cheart duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas láithreach trí úsáid a bhaint as pdfFoirm FCF4 (PDF, 53KB) nó trí theagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach FCF na gCoimisinéirí Ioncaim ar 1890 46 36 26.

An féidir liom faoiseamh ús morgáiste a éileamh má bhogaim amach as mo phríomháit chónaithe agus má ligim amach ar cíos í?

Ní féidir. Toisc nach í do phríomháit chónaithe phríobháideach a bheadh sa teach a thuilleadh, ní bheifeá i dteideal faoiseamh morgáiste a fháil.

Cad iad na himpleachtaí a bheidh ann do m’fhaoiseamh morgáiste má úsáidtear cuid de mo mhorgáiste chun caiteachas neamh-tí a mhaoiniú m.sh. saoire, carr, oideachas srl?

Níl an t-ús iomlán a thabhaíonn tú incháilithe ar fhaoiseamh sa chás seo. Ní mór duit an chuid den mhorgáiste a bhaineann le do theach a ríomh, agus an céatadán seo a ionchur sa spás a chuirtear ar fáil dó sa chóras ar líne.

Mar shampla, abair go bhfuair tú €200,000 ar iasacht, agus tá €30,000 á úsáid do nithe nach mbaineann leis an teach, is féidir an céatadán de d’iasacht atá incháilithe ar FCF a ríomh mar seo a leanas:

An méid iomlán a tógadh ar iasacht = €200,000
An méid a úsáideadh don phríomháit chónaithe = €170,000
An céatadán den iasacht atá incháilithe le haghaidh FCF = €170,000 arna roinnt faoi €200,000 x 100 = 85%

Ní mór duit 85% a iontráil sa spás le haghaidh 'céatadán a úsáideadh ar an réadmhaoin faoi mhorgáiste' san iarratas ar líne. Níl FCF iníoctha ach ar an 85% atá incháilithe.

I do Chónaí nó ag Obair sa Ríocht Aontaithe

An bhfuil mé incháilithe ar fhaoiseamh ús morgáiste má tá cónaí orm agus/nó má tá mé ag obair sa RA?

Má tá tú i do chónaí sa Stát agus ag íoc morgáiste le hiasachtóir incháilithe sa Stát ach ag obair i dTuaisceart Éireann, féadann tú faoiseamh ús morgáiste a éileamh sa tír seo, ar an gcoinníoll go bhfuil uimhir PSP agat. Mura bhfuil uimhir PSP agat, ní mór duit cur isteach ar cheann ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

Níl iasachtaí eile, amhail iasachtaí in airgeadra an RA, incháilithe i gcomhair faoisimh tríd an Scéim um Fhaoiseamh Cánach ag an bhFoinse ach d’fhéadfadh go mbeifeá incháilithe d’fhaoiseamh ó Oifig Áitiúil na gCigirí.
Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’Oifig Cánach Áitiúil le tuilleadh faisnéise a fháil.

Nollaig 2011

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil