Scéimeanna Méadaithe Gnó
Tá faoiseamh ó cháin ioncaim, faoi réir ag coinníollacha, ar fáil do dhaoine aonair a dhéanann caipiteal riosca fadtéarmach a infheistiú i ngnáthscaireanna cuideachtaí neamhluaite atá lonnaithe sa Stát nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus a bhfuil bunaíocht cháilithe acu sa Stát agus atá gníomhach i dtionscail áirithe déantúsaíochta agus/nó seirbhíse sa Stát. Faigheann an duine an faoiseamh trí asbhaint ó ioncam. Sa bhreis air sin is féidir le tionscadail taighde agus forbartha, a dhéantar d’fhonn ceird den sórt sin a chur ar bun, cáiliú don fhaoiseamh. Is é uasmhéid comhiomlán na hinfheistíochta as a bhfuil faoiseamh ar fáil do dhuine in aon bhliain amháin ná €150,000 agus caithfidh €250 ar a laghad a bheith infheistithe in aon chuideachta amháin.
- Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?
- Coinníollacha Cáilithe
- Faoiseamh Dlite
- Ábhar Tagartha
- Faisnéis Bhreise
Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?
Duine aonair nach bhfuil baint aige leis an gCuideachta ina ndéantar an infheistíocht .i.:
- Níl sé ina chomhpháirtí sa chuideachta.
- Níl smacht aige ar an gcuideachta.
- Níl leas 30% nó níos mó aige sa chuideachta go díreach/go hindíreach nó níl sé i dteideal é a fháil.
Coinníollacha Cáilithe
- Caithfidh an chuideachta a bheith lonnaithe sa Stát nó a bheith lonnaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus bunaíocht a bheith aici sa Stát a fheidhmíonn gníomhaíochtaí cáilithe.
- Ní foláir nó go meastar an chuideachta mar mhicrifhiontar, nó mar fhiontar beag nó meánmhéide laistigh de shainmhíniú an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh na tréimhse ábhartha.
- Ní foláir nó nach meastar an chuideachta mar ghnólacht a bhfuil deacrachtaí aige chun críocha Treoirlínte an Chomhphobail maidir le Státchabhair chun gnólachtaí a bhfuil deacrachtaí acu a thabhairt slán agus a athstruchtúrú.
- Ní foláir nó nach bhfuil smacht ag an gcuideachta ar chuideachta eile nó nach bhfuil sí faoi smacht cuideachta eile.
- Ní féidir le scaireanna a bheith luaite ar an Stocmhalartán.
- Caithfidh na scaireanna uile arna n-eisiúint sa chuideachta a bheith láníoctha.
- Ní foláir nó nach bhfuil sé de rún ag an gcuideachta foirceannadh a dhéanamh laistigh de 3 bliana ó infheistíocht BES a fháil seachas ar chúiseanna tráchtála bona fide.
Faoiseamh Dlite
Caithfear éileamh ar fhaoiseamh a dhéanamh laistigh de 2 bhliain ó dheireadh na bliana measúnaithe ina ndéantar scaireanna a eisiúint. Tugtar faoiseamh mar asbhaint ón ioncam iomlán roimh chreidmheasanna agus liúntais chánach.
Faoiseamh Uasta - €150,000 - In aon bhliain chánach.
Faoiseamh Íosta - €250
Is féidir le fear céile agus bean chéile nó páirtnéirí sibhialta faoiseamh €150,000 a fháil ar an gcoinníoll go bhfuil ioncam imleor acu ina gceart féin. Níl aon trasdáileadh faoisimh idir céilí nó páirtnéirí sibhialta.
Nuair nach féidir méid iomlán na hinfheistíochta a dheonú sa bhliain mar gheall ar:
- Méid atá níos mó ná ioncam iomlán, nó
- Méid atá níos mó ná €150,000
is féidir an barrachas a thabhairt ar aghaidh agus a dheonú mar seo a leanas:
- sa chéad áit, maidir leis an méid a thugtar ar aghaidh agus,
- ansin, maidir leis an méid a íoctar as scaireanna sa bhliain áirithe sin.
Ábhar Tagartha
Business Expansion Scheme - Bileog IT 55 (BES) Nua (PDF, 135KB) - bailí le héifeacht ón 1 Eanáir 2007.
Business Expansion Scheme (PDF, 134KB) - Léiríonn leagan seo na Bileoige IT 55 (BES) riachtanais na scéime roimh 2007.
Faisnéis Bhreise
Faoiseamh
Ceadaítear é seo sa bhliain ina n-eisítear na scaireanna agus ní sa bhliain as a n-íoctar iad. Is féidir le hinfheisteoirí i gcistí ainmnithe, áfach, rogha a dhéanamh i scríbhinn an faoiseamh a cheadú i mbliain na hinfheistíochta ar an gcoinníoll go ndéantar na scaireanna a eisiúint an bhliain ina dhiaidh sin.
