Asbhaint Tuilleamh Coigríche (F.E.D.)
- Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?
- Coinníollacha Cáilithe
- Faoiseamh Dlite
- Eisiaimh
- Na Doiciméid atá ag Teastáil
- An áit ar chóir an t-éileamh a sheoladh
- Ábhar Tagartha
- Faisnéis Bhreise
Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?
Aon duine ar "cónaitheoir" é nó í a chaitheann tréimhse ag obair thar lear.
Coinníollacha Cáilithe
Ní mór don tréimhse caite thar lear:
- leanúint ar aghaidh ar feadh 90 lá ar a laghad agus
- a bheith mar chuid de thréimhse neamhláithreachta 11 lá ar a laghad ó 29/02/00 i leith (14 lá roimh an dáta sin) agus,
- a bheith mar chuid dá d(h)ualgais fostaíochta lasmuigh den Stát.
Faoiseamh Dlite
Uasmhéid €31,750 (£25000) - 2000/01 ar aghaidh.
Ní bhaineann uasmhéid roimh 29/02/00 ach baineann rialacha ar leith maidir le cionroinnt do 1999/00. Chríochnaigh an faoiseamh seo ar 31/12/2003.
Déantar Asbhaint Tuilleamh Coigríche a ríomh mar seo a leanas: D x E /365
D = Líon na Laethanta Cáilithe Thar Lear
E = Ioncam go léir ó aon oifig/fhostaíocht sa bhliain (ach amháin BIK, Iasachtaí Fabhracha, Íocaíochta Téarfa, Cúnaint Shriantacha, Scair-Roghanna).
Déan éileamh air trí athbhreithniú ag deireadh na bliana cánach.
Eisiaimh
- Tréimhsí neamhláithreachta sa Ríocht Aontaithe.
- Fostaithe Stáit, m.sh. Státseirbhísigh, An Garda Síochána, Óglaigh na hÉireann srl.
Na Doiciméid atá ag Teastáil
- Tuairisceán Ioncaim.
- Litir ó fhostóir ag cur in iúl dátaí imeachta/fillte agus áit na fostaíochta thar lear.
An áit ar chóir an t-éileamh a sheoladh
Bain úsáid as d’uimhir PSP chun seoladh poist d'oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a fháil inár Aimsitheoir Sonraí Teagmhála.
Ábhar Tagartha
- Alt 823 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997
- Bileog Res 1 - Treoir maidir le dliteanas do cháin ioncaim
na hÉireann bunaithe ar roinnt de na ceistenna is gnáthaí a chuirtear
- Ag dul ag obair san Iasacht agus
- Ag Teacht Chun Cónaí in Éirinn
Faisnéis Bhreise
Ó 26/01/01 i leith is ionann lá incháilithe agus lá lena linn ar fad a bhfuil an duine lasmuigh den Stát, agus ní ó mheán oíche amháin.
