Árachas Liachta
Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?
Éilitheoir a d'íoc préimh isteach i gciste nó i gcumann údaraithe ar a shon féin nó ar son páistí agus cleithiúnaigh, nó a chéile má dhéantar measúnú air faoi chomhiomlánú.
Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF)
Tugtar faoiseamh cánach ag an bhfoinse i leith préimheanna árachais liachta a íoctar le hárachóirí údaraithe. Íocfaidh suibscríobhaithe préimh laghdaithe (80% den ollmhéid) leis an Árachóir. Is ionann an laghdú seo agus faoiseamh cánach a thabhairt ag an ráta caighdeánach cánach (20%) agus éilítear é mar Fhaoiseamh Cánach ag an bhFoinse.
Ní cheadaítear Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse d’fhostaithe a n-íoctar préimheanna árachais liachta ar a son (nó ar son a gcleithiúnach). Chun an faoiseamh atá dlite a éileamh, cuir na sonraí ábhartha in iúl d’oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim nó líon isteach an tuairisceán bliantúil agus seol chuig d'oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim é.
