Bunús Seachtain 1
Eisítear deimhnithe Bhunús Seachtain 1 sna cásanna seo a leanas den chuid is mó:
- Nuair atá laghdú suntasach ar chreidmheasa cánach a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le cruatan.
- Nuair atá easpa eolais maidir le poist roimhe nó tuilleamh le linn na bliana cánach reatha.
- Nuair nach fios stádas cónaitheach a bheidh ag duine atá ag teacht ó thar lear chun dul i bhfostaíocht.
- Nuair a aistrítear Creidmheasanna Cánach/Bandaí Ráta Chaighdeánaigh.
- Nuair atá fostaí ag iarraidh sonraí maidir lena p(h)á agus a c(h)áin roimhe a chur i bhfolach óna f(h)ostóir nua.
Chomh maith leis na cásanna thuasluaite, déanfaidh Fostóirí íocaíochtaí de réir Bhunús Seachtain 1 sna cásanna seo a leanas:
- Nuair a dhéantar íocaíochtaí chuig iarfhostaí.
- Íocaíochtaí a dhéantar le linn Seachtain 53.
- Nuair a dhéantar íocaíochtaí chuig fostaí nach raibh in obair le níos mó ná 6 seachtaine de bharr breoiteachta agus níor chuir an fostóir a s(h)ochar míchumais san áireamh nuair a áiríodh pá agus cáin.
Toradh Bhunús Seachtain 1
- Déantar pá agus cáin a áireamh gach seachtain go neamhspleách gan tagairt ar an tseachtain roimhe.
- Ní dhéantar aon aisíocaíocht.
- D'fhéadfadh athbhreithniú a dhéanamh ar chásanna Bhunús Seachtain 1 ag deireadh na bliana cánach. Cuirfear in iúl iad ar Sheicliosta an Cheantair.
Baileofar aon cháin nach raibh bailithe de bharr gearradh ró-íseal trí chreidmheasanna cánach na bliana dár gcionn a shrianadh nó trí mheasúnú.
Cruatan
Tarlaíonn cruatan nuair nach bhfuil aon phá glan, nó méid an-íseal pá ghlain ag duine aonair de bharr leasú ar bhonn carnach.
D'fhonn an seans a tharlóidh cruatan a mheas, ba chóir na tosca seo a chur faoi chaibidil:
Na riaráistí cánach a d'fhéadfadh a eascairt mar gheall:
- ar mhéid an laghdaithe ar chreidmheasanna cánach agus rátaí cánach.
- ar an achar ama atá fágtha sa bhliain cánach reatha.
- ar ráta measta pá.
- ar an gcineál córas párolla atá á úsáid ag an bhfostóir. (mar shampla, tá seans ann go mbeidh tuilleadh moille ar na deimhnithe leasaithe a fheidhmiú nuair a bhaintear úsáid as párolla ríomhairithe.)
