SA CHUID SEO

Cánacha & Dleachtanna

Cáin Iarchoimeádta Seirbhísí Gairmiúla

Tá an cháin seo, ar ráta 20%, in-asbhainte ag an bhfoinse as íocaíochtaí i leith "seirbhísí gairmiúla" a dhéantar le daoine agus comhlachtaí ag "daoine cuntasacha " (Ranna Rialtais, údaráis áitiúla, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte , comhlachtaí Stáit, etc.). Baineann an cháin i gcoitinne le táillí agus le híocaíochtaí dá leithéid a dhéanann daoine cuntasacha liostaithe ach ní bhaineann sí le híocaíochtaí atá curtha san áireamh cheana ag ÍMAT nó ag scéim asbhainte cánach an tionscail foirgníochta. Baineann an cháin freisin le híocaíochtaí a dhéanann árachóirí sláinte faoi chonarthaí árachais chun táillí le haghaidh seirbhísí a sholáthraíonn cleachtóirí leighis a chlúdach i dtosca áirithe. Gearrtar an cháin ar íocaíochtaí glan ar cháin bhreisluacha.

Cé a bhfuil dlitear?

Tá duine ar bith (lena n-áirítear cuideachta) a fhaigheann íocaíocht ó dhuine cuntasach i leith seirbhísí gairmiúla, dlitear an cháin a ghearradh air/uirthi. Tá raon leathan seirbhísí gairmiúla san áireamh. Tagann neamhchónaitheoirí faoi raon na scéime ach tá siad i dteideal aisíoc iomlán a fháil mura bhfuil cáin na hÉireann inghearrtha ar an ioncam.

Ar ais go Barr

Fritháirimh & Aisíocaí

D'ainneoin na hasbhainte cánach ar an ráta caighdeánach, ní mór táillí ar bith a mbaineann na híocaíochtaí leo a chur san áireamh chun brabúis nó gnóchain an fhaighteora a áireamh chun críche cánach. Beidh an cháin a asbhaineadh ar fáil áfach lena fritháireamh i gcoinne na cánach atá inghearrtha ar na brabúis nó na gnóchain sin. Aisíocfar leis an gcáiníocóir farasbarr ar bith sna suimeanna asbhainte, thar an cháin a cinneadh.
Tá soláthar déanta le haghaidh aisíocaí eatramhacha den cháin iarchoimeádta i dtosca áirithe.

Ar ais go Barr

Ábhar Tagartha

Alt 520 – Alt 529 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997

Bileog IT 19 - Cáin Iarchoimeádta ar Sheirbhísí Gairmiúla (PSWT)

pdfBileog IT 61 - Eolaí Treorach na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le Cáin Iarchoimeádta ar Sheirbhísí Gairmiúla (PSWT) (PDF, 150KB)

Lámhleabhair Cánach agus Dleachtanna – Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link)

Ar ais go Barr


Leagan furasta le priontáil